Rinne mé gáire mór nuair a chuala mé Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag rá go raibh sí “an-mhuiníneach” as ar chuala sí ó Marco Rubio, Státrúnaí Mheiriceá, ag Comhdháil Slándála an Iarthair i München na Gearmáine.
Cinnte, bhí tuin Rubio i bhfad níos boige ná tuin Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, bliain ó shin nuair a cháin sé go géar cur chuige na ‘hEorpa’ i leith saoirse cainte, inimirce agus slándála, ach ba í an teachtaireacht chéanna a bhí aige.
An chuma air gur faoiseamh don ‘Eoraip’ é go raibh na Stáit Aontaithe ag caint go deas leo agus iad ag tabhairt cic sna magairlí dóibh ag an am céanna in ionad cic gan an focal deas.
Sé sin, ba mhaith le von der Leyen, agus le ceannairí eile na ‘hEorpa’, go dtiocfadh na seanlaethanta ar ais is go mbeadh an Eoraip in ann a chur i gcéill di féin arís gur leathbhádóir leis na Stáit Aontaithe í seachas vasáilleach. In ainneoin gur thug Rubio an teachtaireacht nach leathbhádóir í an ‘Eoraip’, ar a laghad bhí sé deas faoi.
Nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, cheap lucht an Atlantachais gur leosan a bhí an lá is gur acu a bheadh sé go deo. Ach tá sé ag éirí níos soiléire anois, le fás na Síne agus dul chun cinn ginearálta an Domhain Theas, go bhfuil deireadh leis an gcóras aonpholach ina raibh na Stáit Aontaithe ina máistir ar chuile rud.
Go deimhin, tá Meiriceá á ídiú féin, le fiacha móra troma agus laghdú ar a chumhacht de réir mar a fhásann an Domhan Theas.
Sa domhan úr ilpholach seo tá Meiriceá fós ag iarraidh a bheith ina mháistir, ach tá sé ag díriú a aird ar an domhan mór, agus níl an ‘Eoraip’ riachtanach nó lárnach don troid nua seo.
Ní féidir le ceannairí na ‘hEorpa’ glacadh leis an bhfírinne seo, agus chun a chruthú gur cumhacht iadsan fós tá siad ag iarraidh tuilleadh airgid a chaitheamh ar airm is eile. Ach tá fadhb mhór leis seo: níl an t-airgead acu. Agus, níos bunúsaí, níl an tionscal nó an teicneolaíocht acu ach an oiread.
Céard is cóir don ‘Eoraip’ a dhéanamh, mar sin? Leanacht leis an iarracht le ról impiriúlach a imirt sa domhan (nach n-éireoidh leis) nó páirt a ghlacadh san iarracht le domhan cothrom idir na náisiúin ar fad (ina measc náisiúin na hEorpa) a chruthú?
Agus céard is cóir dúinne, Éire, a dhéanamh? Droim láimhe a thabhairt dár stair fhrith-impiriúlach agus muid a nascadh leis an Arm Eorpach agus an caiteachas míleata, nó leas a bhaint as an tuiscint atá orainn fós sa domhan mar gheall ar an stair sin, agus iarracht a dhéanamh bheith inár ndroichead eacnamaíochta idir an ‘Eoraip’ agus Meiriceá, idir Meiriceá agus an Rúis, idir an ‘Eoraip’ agus an tSín agus an Domhan Mór?
Tá leithéidí Mhicheál Martin ródhílis don ‘Eoraip’ chun tabhairt faoina leithéid. Ní féidir leis aon todhchaí a shamhlú dúinn ach mar chuid den ‘Eoraip’ fiú agus an seanchóras ag tosú ag titim as a chéile, agus an t-ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha ará nochta mar bhréag.
Ní labhraítear faoi anois, ach tá an bhagairt don gheilleagar fós ann ó pholasaí Trump infheistíochtaí Mheiriceá a thabhairt abhaile. Tá laige na ‘hEorpa’ i leith Mheiriceá níos soiléire anois ná riamh, ach fós tá an rialtas meáite brath ar chrann taca an Atlantachais.
Má tá todhchaí ar bith le bheith againne, agus go deimhin ag an ‘Eoraip’ féin, caithfear éirí as an seachmall gur féidir leanacht leis an gcogadh in aghaidh na Rúise. I ndiaidh an oiread sin babhtaí de smachtbhannaí tá geilleagar na Rúise fós sláintiúil ach geilleagar na ‘hEorpa’ ag dul chun donais faoi ualach an ardaithe ar phraghas an bhreosla mar aon leis an easpa nuálaíochta sa ngeilleagar.
Maidir leis an gcogadh san Úcráin, atá ar chúl chuile ghné den scéal seo, glactar leis nach féidir na Rúisigh a dhíbirt as na críocha atá gafa acu. Píosa i ndiaidh píosa tá críocha breise á ngabháil ag an Rúis freisin.
Nach bhfuil sé in am glacadh leis an bhfírinne, a nglacann Trump léi, go bhfuil an cogadh caillte agus gur ag an Rúis atá an bua? Nach bhfuil sé in am stop a chur leis an marú, leis an scrios agus cibé is féidir a shábháil don Úcráin a dhéanamh sula gcaillfear tuilleadh?
Nóta: Chuir mé an ‘Eoraip’ i gcomharthaí athfhriotail toisc nach ionann an Eoraip agus tAontas Eorpach. Ar ndóigh, is cuid den Eoraip í an Rúis freisin.
Seán Mac an Rí
Tá an t-alt lán de thuairimí láidre (gan bhunús, dar liom) agus leathfhírinní. Cuirtear i láthair mar fhíricí go bhfuil an cogadh san Úcráin “caillte” go hiomlán ag an Úcráin agus “bua” ag an Rúis, go bhfuil geilleagar na Rúise “sláintiúil” in ainneoin na smachtbhannaí, agus go bhfuil an Eoraip ag dul chun donais mar gheall ar an gcoinbhleacht. Níl na pointí sin cruthaithe go neamhchlaonta – ba cheart d’Eoin filleadh ar na díolaimí seanfhocal agus machnamh a dhéanamh ar an seanfhocal ‘Bíonn dhá insint ar gach scéal’.
Díol suntais go bhfuil an t-alt thar a bheith cáinteach ar SAM agus ar an AE, ach nach bhfuil anailís chomh criticiúil céanna á déanamh ar ról na Rúise ná na Síne sa chóras idirnáisiúnta. An gceapann an t-údar go bhfuil na cumhachtaí sin ag feidhmiú ar bhealach níos cothroime nó níos daonlathaí? Más ea, cén fhianaise atá aige chuige sin? Cén fáth a bhfuil claonadh chomh láidir sin agat i dtreo na Rúise agus na Síne, a Eoin? An bhfuil sé seo bunaithe ar anailís neamhchlaonta, nó an bhfuil tionchar ag dearcadh polaitiúil áirithe (mar shampla, an Páirtí Cumannach) ort?
Cormac Ó Dúlacháin
Neadar an fearr le Eoghan a bheith ina saor iriseoir neamhspleách sa Rúis ná anseo san Aontas Eorpach ?
WTF
“Stádas mar vasáilleach” ag an údar?
Eoin Ó Murchú
Freagra ar Sheán Mac an Rí:
Is cumannach mé. Deirim go poiblí é, agus ní haon íonadh mar sin go dtagann mo chuid tuairimí le tuairim Pháirtí Cumannach Éireann.
Ach tá argóintí ann, agus ní féidir a rá nach nglacann tú le tuairim toisc go dtéann sé leis an dearcadh cumannach. An bhfuil na firicíó fíor nó bréagach?
Is fíor gur thug Rubio and teachtaireacht chéanna is a thug Vance roimhe. Is fíor gur chuir von der Leyen failte roimhe sin. Sin beart vasáilleach cinnte.
Déan argóint i gcoinne na tuairmé, ní i gcoinne an teachtaire.
Pádraig
Mór an náire an saghas seo scaothaireachta mar gheall ar ‘bua’.
Cad a bheidh buaite leis, abair liom?
Ní thógfadh sé ach glaoch teileafóin amháin ó fhear amháin chun deireadh a chur leis an sléacht seo, leis an ndiablaíocht seo.
Focaer amháin!
Agus tacaíonn an t-údar ardaigeanta, ard-aidhmeannach, carthannach seo leis.
Tomás
Fiú muna n-aontaím go hiomlán le hEoin, táim den tuairim nach bhfuil iomlán an mhíchirt aige agus bheinn go hiomlán ina choinne go gcealófaí é, rud atá á éileamh anseo, de réir dealraimh. Is féidir le dhá rud a bheith fíor ag an am céanna, fíu más maith leat rud amháin agus nach maith leat an rud eile. Cé gur duine lán-iartharach mé, is eagal liom go bhfuil ceacht géar i ndán do mhuintir na hÉireann, faraor: geopholaitíocht le haghaidh mall-fhoghlaimeoirí.
Tomás Ó Foghlúda
An-suimiúil, grma. Tháimse ag scríobh faoin ábhar so cu-mhaith (dom Mhaístir), go háirithe faoin eitic na game theory go gcuirim i bhfeidhm ar cursaí gnó/trádála/eacnamaíochta idir Éirinn agus an tSín. Ceapaim fhéinig go mbeadh ról níos tabhachtaí dona stáit bheaga i measc na AE ná an ról gur ghlactar leatsa (sa chorás ilpholach ar ndóigh), ach is léir go bhfuil sórt athleasú ag teacht ‘d’ína hAE, go háirithe maidir le bpeirspictíochtaí ar stádas stáit ‘s morála stáit freisin.
Jacko
Sórt ‘Bricriu’ na haoise seo is ea EOM, is maith ann é.
An mana atá aige:
“Muna mbuafam, suafam.”