An é Bernie an buachaill chun barrthuisle a bhaint as Trump?

Tá sé ina imní i gcónaí nach é Bernie Sanders an duine is fearr chun an ceann is fearr a fháil ar Donald Trump

An é Bernie an buachaill chun barrthuisle a bhaint as Trump?

An bhfuil aon amhas anois ach gur ag Bernie Sanders a bheidh ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe? Tá sé chun cinn go mór sa bhfeachtas tar éis trí réamhthoghchán – Iowa, New Hampshire agus Nevada. Ní hamháin go bhfuil Sanders chun cinn ach tá an chóir leis. Tá na pobalbhreitheanna roimh an réamhthoghchán in South Carolina an deireadh seachtaine seo ag tabhairt le fios go mbeidh sé sa dara háit agus go mbeidh an bhearna idir é féin agus Joe Biden, atá chun cinn iontu, i bhfad níos lú ná mar a ceapadh a bheadh.

Agus cén dochar? Tá ag éirí leis mar go bhfuil tóir ag daoine air agus tá go leor daoine óga thar a bheith tógtha leis. Cén t-amhras atá ar dhaoine faoi mar sin? Amhras maidir lena chumas Donald Trump a chloí an imní mhór.

Deir na hiarrthóirí Daonlathacha ar fad gurb í an phríomhaidhm atá acu sa bhfeachtas seo Donald Trump a chur amach as an Teach Bán. Ar ndóigh, is é Sanders féin is glóraí ar an ábhar sin ach ní Daonlathach sa mhúnla traidisiúnta é. Mar sheanadóir neamhspleách a toghadh in Vermont é. Faoi bhrat na nDaonlathach a bhíonn sé ag seasamh i dtoghcháin uachtaránachta, ach is polaiteoir neamhspleách é.

An fhadhb mhór atá ag Sanders i súile na nDaonlathach ná go samhlaítear leis an sóisialachas é agus gur maith leis an focal sóisialach a úsáid le cur síos air féin. Scanraíonn an focal sin daoine sna Stáit Aontaithe. Cé go bhfuil tóir i measc na nDaonlathach ar theachtaireacht Sanders, léiríonn na pobalbhreitheanna ar fad go mbeadh doicheall ar dhaoine a dteastaíonn uathu fáil réidh le Trump vóta a thabhairt do dhuine a thugann sóisialach air féin. Ní mór a rá, ar ndóigh, gurb ionann an sóisialachas sna Stáit Aontaithe agus daonlathas sóisialta na hEorpa, is é sin creideamh polaitiúil atá beagáinín ar chlé ón lár.

Anois, is maith a thuigeann muid sa tír seo gur féidir le rud ar bith tarlú i dtoghchán. Is beag a cheap aon duine ceithre bliana ó shin go bhfaigheadh Donald Trump ainmniúchán na bPoblachtánach agus is lú ná sin a cheap go dtoghfaí é.

Deir go leor daoine go bhfuil athrú uathu agus go dteastaíonn uathu deireadh a chur leis an deighilt atá sa tsochaí i Meiriceá. Ach chun go mbeadh seans ann athrú dá leithéid a chur i gcrích caithfear ar dtús duine a roghnú mar iarrthóir a bheidh in ann an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic i gcóras an choláiste toghchánaíochta. 

Caithfidh siad dá réir a bheith in ann vótaí a mhealladh in áiteanna ar nós Michigan, Wisconsin, Florida agus Arizona.

Tá an baol ann nach é Bernie Sanders an té sin ainneoin an tóir atá ag lucht vótála na nDaonlathach faoi láthair air.

Fág freagra ar 'An é Bernie an buachaill chun barrthuisle a bhaint as Trump?'