An dtabharfar dúshlán Mhichíl Martin anois?

Agus deireadh lena ré mar Thaoiseach seans go dtiocfadh misneach chucu sin nach bhfuil sásta leis

An dtabharfar dúshlán Mhichíl Martin anois?

Níor tugadh mórán airde air sna meáin, ach mheas mé go raibh sé spéisiúil gur labhair iarcheannaire Fhianna Fáil, Bertie Ahern, ag comóradh ar an gceathrar a dhúnmharaigh an Saorstát le linn Chogadh na gCarad – Liam Ó Maoilíosa, Risteárd Bairéad, Ruairí Ó Conchúir is Seosamh Mac Fhiodhbhuidhe.

Tógadh an ceathrar amach is scaoileadh iad, tar éis dóibh a bheith i ngéibheann ag an Saorstát le míonna, mar dhíoltas ar ionsaí ar Sheán Hales is Pádraig Ó Máille, beirt Teachtaí Dála a thaobhaigh leis an Saorstát. Maraíodh Seán Hales san ionsaí sin.

Ar ndóigh, ba as an dream a dhiúltaigh don Saorstát a d’fhás Fianna Fáil. Ach níor chuir sin stop le teachtaireacht ó Mhicheál Martin is lucht cheanncheathrú an pháirtí a mhol cé chomh iontach is a bhí an Saorstát céanna le 100 bliain.

Chuir an Feisire Eorpach, Billy Kelleher, giolc amach ag moladh Ahern is ag moladh cuimhne an cheathrair a feallmharaíodh. Thug sé moladh freisin don mhéid a bhí le rá ag Jim O’Callaghan i dtaobh Uí Mhaoilíosa. Ar ndóigh tá O’Callaghan á lua ar na daoine atá ag iarraidh teacht i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar cheannaire ar Fhianna Fáil – go luath más fíor don tuairimíocht.

Tá deireadh ré Martin mar Thaoiseach tagtha anois, agus más éacht ann féin é gur éirigh leis an tréimhse ar fad a chur isteach, is beag eile a bhain sé amach.

Níl réiteach, nó radharc ar réiteach, ar na fadhbanna móra atá romhainn ar chor ar bith – tithíocht, sláinte, oideachas, costas maireachtála, forbairt infreastruchtúir nó eile.

Bhí a lán cainte ann dhá bhliain ó shin faoi dhúshlán a bheith ann do cheannaireacht Martin, ach chuaigh an chaint sin i léig agus ghlac an dream a bhí ina choinne leis go bhfanfadh sé go deireadh a ré mar Thaoiseach.

Ach le sé mhí anuas tá sé á thabhairt le fios ag Martin go láidir go dteastaíonn uaidh fanacht mar cheannaire, ar a laghad go dtí Meitheamh 2024 nuair atá súil aige a bheith ceaptha mar Choimisinéir na hÉireann ar an gCoimisiún Eorpach.

An nod é an comóradh seo, agus an pháirt a bhí ag O’Callaghan is Ahern i gcomóradh Uí Mhaoilíosa, agus Martin féin ag comóradh an tSaorstáit, go mbeidh dúshlán roimhe má dhéanann Martin iarracht fanacht an fhaid sin mar cheannaire?

Níl aon amhras ach go bhfuil míshástacht forleathan taobh istigh de Fianna Fáil faoin riocht ina bhfuil an páirtí. An-chuid díobh míshásta go bhfuil siad i gcomhpháirtíocht (agus comhpháirtíocht shóisearach) le Fine Gael, ach ní hin le rá go mbeadh siad puinn níos sásta a bheith sa riocht céanna le Sinn Féin.

A mhalairt, cinnte, maidir le daoine ar nós Willie O’Dea is Billy Kelleher atá nimhneach i gcoinne Shinn Féin (mar atá Martin féin ar ndóigh).

Ar an taobh eile, tá sé le tuiscint ó chaint Jim O’Callaghan go mbeadh sé féin sásta glacadh le comhpháirtíocht le Sinn Féin, ach cén dearcadh a bheidh ag an bpáirtí air sin?

Ar bhealach, teastaíonn ó Fhianna Fáil filleadh ar an tréimhse atá imithe, tréimhse ina raibh siad féin i gceannas, agus leithéidí O’Dea is Kelleher ar an eite chlé den pháirtí ag seasamh leis na seanphrionsabail faoinar bunaíodh an páirtí ag deireadh na bhfichidí.

Maidir le Kelleher, mar shampla, nuair nach mbíonn sé ag déanamh cáineadh ar Shinn Féin (agus ar an gcogadh ó thuaidh ó 1969 ar aghaidh) bíonn sé ag labhairt faoi na nithe céanna – an riachtanas go mbainfeadh an tír seo leas níos fearr as cúrsaí iascaireachta, go ndéanfaí freastal ceart ar riachtanais tithíochta, is eile.

Ia é sin le rá, go dtagann an dá argóint – cur i gcoinne Shinn Féin ach labhairt i dtéarmaí Shinn Féin – salach ar a chéile.

Ní dóigh liom, ámh, gur féidir filleadh ar an am a bhí. Agus más leagan de Fhianna Fáil é Martin nach dtaitníonn le Kelleher is a leithéid, níl aon dul as acu ach glacadh le comhpháirtíocht shóisearach le Sinn Féin – nó an páirtí a fhágáil ar an imeall, gan tábhacht, gan chumhacht, gan aidhm.

Ar deireadh thiar, an laige a bhaineann leo siúd a dteastaíonn uathu fáil réidh le Martin go luath nach bhfuil sé soiléir cé a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht air. An ndéanfadh O’Callaghan an jab, go fírinneach?

Agus fillim ar an gceist bhunúsach: céard le haghaidh atá Fianna Fáil ann? Cén aidhm atá aige, agus cén ról a fheictear don pháirtí sin i bpolaitíocht na tíre?

Murar féidir na ceisteanna sin a fhreagairt, cén mhaith béim a leagan ar na difríochtaí idir na ‘Poblachtánaigh’ agus na ‘Máirtínigh’?

Fág freagra ar 'An dtabharfar dúshlán Mhichíl Martin anois?'

  • An Teanga Bheo

    Idir phairtí atá sé idir Fine Gael is Sinn Féin ?