An Dr Tony Holohan ag seasamh siar óna chuid oibre mar Príomh-Oifigeach Leighis

Dúirt an Taoiseach go raibh an tír go mór faoi chomaoin ag an Dr Tony Holohan agus a mhuintir

An Dr Tony Holohan ag seasamh siar óna chuid oibre mar Príomh-Oifigeach Leighis

Tá fógartha ag Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go bhfuil faoi seasamh siar óna a chuid oibre ar chúinsí pearsanta.

Dúirt sé tráthnóna go raibh sos á thógáil aige óna chuid oibre mar go bhfuil cúram maolaitheach á chur ar a bhean a fuarthas go raibh ailse uirthi in 2012.

Ba mhaith leis am a chaitheamh lena a chlann, a dúirt sé i ráiteas gan choinne a thug sé ag deireadh phreasócáid na Roinne Sláinte tráthnóna.

Beidh LeasPhríomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Ronan Glynn, ina Phríomh-Oifigeach gníomhach.

Déanfar ráiteas oifigiúil faoin scéal go luath, a dúirt an Dr Tony Holohan.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas leis an Dr Holohan as “treoir” a thabhairt don tír le linn na paindéime Covid-19.

Dúirt an Taoiseach gur chabhraigh an Dr Holohan le tuiscint a thabhairt don phobal ar a thromchúisí is a bhí an phaindéim agus gur chuir a chur chuige stuama daoine ar a suaimhneas.

“Tá aithne faoin am seo ag gach teaghlach in Éirinn ar an Dr Tony Holohan. Thug a cheannaireacht le linn na paindéime muinín dúinn go léir go bhfuil na cinntí atá á ndéanamh bunaithe ar chomhairle stuama faoin tsláinte phoiblí. Mar thír táimid go mór faoi chomaoin aige féin agus a mhuintir,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, ráta atáirgthe an ghalair ‘níos gaire’ do 1

 

 

Fág freagra ar 'An Dr Tony Holohan ag seasamh siar óna chuid oibre mar Príomh-Oifigeach Leighis'

  • Áine Ní Fhiannusa

    An fear bocht! Is iontach an duine cróga neamhleithleach seo. Tá Éire thar a bheith buíoch do, agus caithfear ligint do scíth a thógaint agus am a chaitheamh sa bhaile len a chéile agus a chlann. Go mba fada buan thú a fhear uasal.