An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (25 Nollaig 1915)

RÉAMHRÁ: Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais

Nollaig 25                                     An Claidheamh Soluis                                    1915

I nDeireadh na Bliana

an tseanbhliain ag dul chun deiridh agus tig linn a rá ina taobh nach raibh sí míchineálta do lucht cosanta na Gaeilge. Bliain san am seo bhíomar gan a bheith ar fónamh. Bhí an tír trí cheile de bharr an chogaidh agus cúrsaí eile, agus is beag suim a bhí ag ár muintir féin ionainn. Níor thaobhaigh an Conradh le Sasana ná lena namhaid sa chogadh agus mar gheall air sin d’ionsaigh peataí Sheáin sinn. Shíl siad an Conradh a mharú. Dúirt siad gur chóir í a mharú agus dúirt siad os ard é. Dhírigh ‘An Freeman’ agus an ‘National Volunteer’ a ngunnaí orainn, ach is amhlaidh a láidríodh ár ngluaiseacht de bharr an ionsaithe.

Ar feadh na bliana atá caite anois nach mór bhí an Conradh ag bailiú nirt agus tá níos láidre anois ná mar a bhí le fada. An bhliain Galldachais a bhris amach anseo le teacht an chogaidh  chuir sé an náisiúntacht i gcrua-éigean agus chorraigh an chontúirt Gaeil a bhí faillíoch agus neamhshuimiúil. Bhí an tOireachtas thar cionn. Sháraigh sé gach Oireachtas le blianta. D’éirigh go breá leis an Ard-Fheis. Bhí an Ghaeltacht i gceist i nDún Dealgan agus tá i gceist ó shin.

Rachaidh Seaghan Mac Éinrigh go Connachta tar éis na Nollag agus féachfaidh sé le Gaeltacht Mhaigh Eo a dhúiseacht. Beidh Seán Ó Muirthille i nGaeltacht an Chláir ar feadh na ráithe seo chugainn. Ní bhíonn Seán díomhaoin pé ar bith áit a mbíonn sé. Beidh Fionán Mac Coluim i gCiarraí agus déanfaidh sé obair fhónta ann. Tá an Conradh go tréan i mBéal Feirste, i gCorcaigh, agus i Luimneach. Is fada ó bhí an ghluaiseacht chomh maith i gcathair Bhaile Átha Cliath is atá faoi láthair. Chuir Seachtain na Samhna fuinneamh agus faobhar agus fonn oibre ar Ghaeil na cathrach. Tá na craobhacha ag cur thar maoil. Tá na céadta ag teacht go dtí na léachta staire. 

Fuarthas £287 do Chiste na Teanga Lá na mBrat. Tá craobhacha ag obair ar fud na tíre agus obair mhaith á déanamh acu – ní féidir linn iad a lua anseo. Is leis an gConradh a bhascadh atá an Rialtas ag cosc airgid na Gaeilge faoi láthair. Is fuath leis an Rialtas náisiúntacht Ghaelach agus tuigtear dóibh go bhfuil a seasamh sin ar lucht na Gaeilge. Ceapann siad má bhaintear an t-airgead den Ghaeilge go ligtear chun báis í. Fanaimis foighneach – agus faobhrach. Is maith an scéalaí an aimsir.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (25 Nollaig 1915)'