An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (23 Deireadh Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claoimh

2                                   An Claidheamh                                   Deireadh Fómhair 23, 1915

Gearleanúint ar an nGaeilge

Cén fáth a bhfuil cléir Dheoise Thuama ag tréigean na Gaeilge? Cén gabhadh atá le Béárla in áit mar Thuar Mhic Éadaigh, nó Béal átha Chláir, nó an Tulach? Cad chuige an teagasc Críostaí a mhúineadh tríd an mBéarla do pháistí nach bhfuil an Béarla acu ach go bacach, agus an Ghaeilge go maith acu?

An sagart óg a chuireann na páistí scoile faoi scrúdú sa teagasc Críostaí, gan Gaeilge, agus an t-oide scoile a mhúineann an teagasc Críostaí caithfidh sé é a mhúineadh tríd an mBéarla ar eagla nach bhfaighidh sé creidiúint chóir ón bhfear gan Gaeilge .i. an timire easpaig. Is mór an éagóir ar an nGaeilge an cás a bheith mar sin agus is éagóir ar na páistí é chomh maith.

Bíonn aitheanta Dé, agus paidreacha, agus dánta diaga de ghlanmheabhair ag na Gaeilgeoirí an nós nua atá á thabhairt isteach ag cléir Thuama agus fágann se an t-aos óg gan eolas acu ar na haitheanta, gan paidir acu, gan dan diaga, agus ar bheagán tuiscint acu ar dhlí Dé.

Roinnt blianta ó shin, cuireadh suas don teagasc Críostaí Gaeilge i bparóiste áirithe. Tosaíodh ar an teagasc a dhéanamh tríd an mBéarla. Leanadh dó sin tamall maith. B’éigin do na hoidí scoile cúl a thabhairt don Ghaeilge mar gur cuireadh in iúil dóibh nach ndéanfadh an teagasc Críostaí Gaeilge cúis.

Na gasúir a fuair an teagasc tríd an mBéarla, níor thugi siad é agus d’fhásadar suas go haineolach. Dúirt na hoidí linn go raibh siad drochmhúinte agus drochiomprach agus nár thuig siad Críostaíocht na sibhialtachta ach oiread le tincéar.

Tháinig easpag nua i seilbh na Deoise agus chuir se an teagasc Críostaí Gaeilge ar ais sa scoil agus sa teampall agus chuir sé timire easpaig a raibh Gaeilge aige chuig na scoileanna á scrúdú. Chuir an t-athrú sin deireadh leis an mbithiúnas a bhí ag fás suas leis an mBéarla. Ní heol dúinn cén fáth a bhfuil cléir Thuama ag díbirt na Gaeilge.

Más ar mhaithe leis an gCríostaíocht atá siad, tá dul amú orthu. Ní sa Ghaeltacht atá an mheath ag teacht ar an gCríostaíocht ach sa Ghalltacht. Feictear an méid sin do gach duine a bhfuil tusicint aige ar na Gaeilgeoirí. Na sagairt a tógadh gan Gaeilge, níl meas acu uirthi agus ní fheiceann siad go bhfuil maitheas inti don mhuintir ar leo í.

thuigeann siad nach féidir teanga eile a chur ina hionad gan milleadh faoi mhianach na ndaoine. Claonann siad leis an mBéarla cé nach mbaineann an Gaeilgeoir múineadh cruinn as an mBéarla. Deighleann Béarlóireacht na cléire na daoine ón teanga is binn leo, agus ón teagasc agus an múineadh a tháinig aniar chucu, agus ó na paidreacha binne Gaeilge a d’foghlaim siad ó bhéal a máthar, agus is minic a chuireann an Bhéarlóireacht aitheanta Dé agus dlí ar neamhní.

Fágann teanga iasachta na daoine ar bheagán eolais. Ní thuigeann siad an teanga agus ní thuigeann siad an teagasc a thugtar trithí. Ní thugtar teagasc dóibh sa teanga a thuigeann siad.

Rud eile a dhéanann an Bhéarlóireacht, cuireann sé bréag i riocht na fírinne in iúl do na daoine. Cuireann se ina luí orthu gur teanga shuarach gan mheas a dteanga féin, agus gur cine suarach meata sin faoi fhearúlacht na nGaeilgeoirí agus faoina meanma agus faoin náisiúntacht. Cén t-ionadh go bhfuil muintir na Gaeilge ar bheagán dóchais nuair a thugann a gcléir féin an drochshampla dóibh? Bhí tráth – agus ní rófhada siar é – agus ní raibh cléir Thuama ina dtimirí Béarla. Bhí Gaeil an tráth úd i gcathaoir Iarlatha.

Baineann ceist seo Thuama le muintir na hÉireann ar fad. Tá seasamh na teanga ar an Gaeltacht agus aon aicme a dhéanann dochar don Ghaeilge, déanann siad dochar san am céanna don náisiún.

an chléir ina rialtas dóibh féin i gcúrsaí na hEaglaise, ach ní cóir dóibh agus ní gabhadh dóibh a bheith ag cabhrú le scriosadóirí na Gaeilge. Ní aon aithne in aghaidh ár dteanga, ach is dóigh linn go bhfuil dlí i gcoinne tréad a fhágáil aineolach agus sin díreach an rud a dhéanann an Bhéarlóireacht.

gcuireadh na sagairt Éireannacha atá i Sean-Shasana agus i Sasna Nua rompu an Béarla a chur i leataobh agus na Béarlóirí a theagasc tríd an nGaeilge, dá ndéanaidís a leithéid sin, an ligfí dóibh? Ní ligfí. Chuirfeadh an Rialtas an dá thír deireadh leis an dul amú gan mhoill, agus ní abródh aon duine gur géarleanúint a bheadh á déanamh acu. Is ar an nGaeilge atá an ghéarleanúint á déanamh anseo in Éirinn agus tá cléir Thuama á déanamh.

Acadamh Ealaíon

Dealbhóireacht in Éirinn

Bí giota beag Gaeilge ar ‘Dhealbhóireacht in Éirinn’ sa Chlaidheamh an tseachtin seo a ghabh tharainn. Ealaíon is ea dathú pictiúr agus is beag suim a chuirfidh muintir na hÉireann inti cé gur furasta a fheiceáil an gá atá lena coimeád ar marthain. Ealaíon Ghaelach is ea í ach radharcanna Gaelacha a dhathú.

Ní thuigeann formhór de mhuintir na tíre seo cad a bhaineann leis an ealaíon sin agus ní dhéanfaidh lucht riartha ár léinn iarracht ar ár n-aos óg a theagasc inti. Tá iarracht á déanamh ag gasra beag Cuallacht na Gaeilge chun an t-ionad is dual dó a fháil di agus mura n-éireoidh leo, ní ar an dream beag áirithe sin ba cheart an locht a fháil.

Ní féidir le lucht na Gaeilge craoladh a dhéanamh ar dhealbhóireacht mar nach bhfuil lucht na Gaeilge féin i dtaobh leis an léann sin ach amháin fodhuine anseo is ansiúd. Is amhlaidh a bhíonn an iomarca gnóthaí faoi bhrat “an Chonartha” agus ní féidir di gach trá a thabhairt léi gan faillí a dhéanamh sa teanga.

Dá gcuirfeadh ár mná óga níos mó suime sa dealbhóireacht, ní rachadh an éirim chun deiridh uirthi faoi mar atá ag dul di. Ba bhreág an caitheamh aimsire dá lán acu í agus tá brath agam go bhfaighfear níos fonnmhaire léi an túisce a dhéanfar iarracht chun tabhairt suas oiriúnach a thabhairt do mhná óga na tíre seo.

Nuacht ar Muir’

Tómas Ó Concheanainn a chuir an leabhar sin in eagar. Tá curtha síos aige ann ar an gcuma ina gcuirtear cló ar pháipéir ar bord loinge agus conas a gheibhtear an nuacht tríd an Macroni. Tá macasamhail den Chúnárd Daily Bulletin foilsithe sa leabhar aige.

I dtosach na cainte, deir sé:- “Seal blianta ó shin nuair a bhíodh duine caite spíonta de bharr oibre, ba gnáthach leis an dochtúir comhairliú don duine breoite dul ar aistear fada farraige chun a scíth a ligean……Ach san am atá i láthair níl saoirseacht mar sin i ndán don cheannaí.

Níl aon mhaidin ar feadh na haimsire nach mbíonn leagtha ar an mbord os comhair a dhá shúl amach páipéar nuachta a clóbhuaileadh agus a cuireadh in eagar ar bord nuair a bhí ina chodladh go sámh ar feadh na hoíche. Bíonn an nuacht is deireanaí le léamh aige……An luach atá ar a leithéidí seo agus ar a leithéi siúd ar Mhargadh an stoic agus ar Mhargadh an Airgid……

Níl ach trí cinn déag de leathanaigh sa leabhar agus an chaint atá ann, bhí sa Claidheamh Soluis dá bhliain ó shin. N’fheadar ar léigh mórán é? Deir Tomás féin nár airigh sé gur léigh éinne é ach is deacair an tuairim sin a chreidiúint. Pé scéal é, le fáil anois i bhfoirm leabhair.

Leath-thuistiún a luach agus molaim do bhuíonta Gaeilge an leabhar a fháil mar tá an-chuid focail neamhchoitianta ann nach bhfuil i bhfoclóir an Athar Pádraig in aon chor. I ndeireadh na haiste sin, deir Tomás go n-íocfaidh lucht fógraí óna £800 go dtí £1,000 in aghaidh na blana ar aon leathanach amháin den Chúnárd Daily Bulletin, d’fhonn a gcuid earraí a chur á bhfhógairt ann agus tá dóchas aige “nach fada uainn an lá go bhfeictear lucht fógraí i mbaile agus i gcéin ag tabhairt £800 nó £1,000 do stiúrthóir an Chlaidheamh Soluis ar son aon leathanach amháin da pháipéar féin. Go seola Dia chugainn an lá sin go luath,” a deir sé.

Tomás tar éis cur faoi thiar i nGaillimh. Tá Gaeilge curtha aige ar ‘Acht an Árachais Náisiúnta’ agus déanann sé tráchtáil ar árachais i nGaeilge le héinne a labhróidh an Ghaeilge leis ach is baolach gur mó duine atá ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe gurbh fhearr leo an Béarla bheith acu ná an Ghaeilge.

Ealaíon na Litríochta

Scríobh Cathal Ó Seanán ó Bhéal Feirste chugam agus teastaíonn uaidh go rachadh scolairí na Gaeilge i gcomhairle a chéile chun na gnóthaí seo a chur in eagar:

(a) Tionsiú Encyclopaedia beag a chur amach agus trácht i nGaeilge ann ar gach aon ní a bhaineann le léann, le litríocht , le healaíon, le dán saothair, srl.”

“(b) Irisleabhar in aghaidh na míosa go gcuirfí aisti i gcló ar chúrsaí an tsaoil, ar stair, ar anála na n-ealaíon, ar dhála na ndán, cúrsaí litríochta agus polaitíocht, srl.”

Ba mhór an obair í sin. Níorbh fholáir do lucht eagair agus scríbhneoirí na Gaeilge machnamh a dhéanamh air sula gcuirfidís chuige. Níorbh fholáir flúirse airgid a sholáthar chuige. Beidh Cathal sásta dul ag bailiú airgid, a deirr sé. Tá a fhocal curtha i bhfeidhm aige air ar aon chuma. An iomaí duine gheofar chun an eagrarthóireacht a dhéanamh agus na haistí a scríobhadh agus a chur i gcomhair?

Cáit Ní Dhonncha


Lóistín

lóistín compórdach le fáil ag Páirc Í, 19 Droim Conrach. Tá slí ann do bheirt nó triúr.

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (23 Deireadh Fómhair 1915)'