An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Meán Fómhair 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh Ceart

Uimhir 912                          Cláraithe mar pháipear nuachta                           Meán Fómhair 18, 1915                           Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Teagasc Críostaí

Seanphort mo phortsa ach port fíor é. Gaeilge á marú i gCiarraí ag an gcléir atá ann; pé acu i bhfios dóibh nó i ngan a fhios dóibh atá an drochbheart sin á dhéanamh acu, n’fheadarsa.

Ach tá an drochobair á déanamh ann, agus is mór an náire é. Is cuimhin liom roinnt scéalta mar gheall ar an gceist seo a bheith sa Chlaidheamh cheana. Chuala gur chuir na scéalta sin fearg ar dhaoine áirithe i gCorca Dhuibhne. Ní chuirfeadh, b’fhéidir, mura mbeadh go raibh an fhírinne iontu. Ní raibh mé i gCiarraí an uair sin, ach bhí ann le déanaí. Thug mé cuairt ar Choláiste an Daingin agus ba mhaith an mhaise dom é. Bhí dea-obair ar siúl ann agus is mór an chreidiúint don dúthaigh chéana an obair sin, agus lucht a déanta. Thug mé cuairt ar bhailte eile i gCorca Dhuibhne – ar áiteanna is Gaelaí go mór ná an Daingean, agus thaitin a lán dár chuala mé liom.

Thaitin caint na sea-daoine liom; ach chuala rudaí ann nár thaitin liom. Bhí múinteoirí ag obair ar a ndícheall chun na leanaí a bheith go cliste sa Teagasc Críostaí nuair a thiocfadh Cigire an Easpaig seo timpeall á gceistiú. Eagla ar chuid acu, de réir mar a thuig mé, go mbeadh droch-chlú faighte acu go deo mura bhféadfadh a leanaí cruacheisteanna a réiteach don fhear sin as an mBéarla galánta. Áthas ar chuid acu gurbh é siúd a bhí ag teacht toisc gur as an mBéarla galánta sin a rinneadar féin an teagasc trí ghrá don teanga uasail sin agus trí rudaí nach é. Sheachain mé na múinteoirí ach mar sin féin chuala mé mórán. Ní maith le múinteoirí eolas ar cheist mar seo a thabhairt d’éinne. Níl spiorad ná púca gan fios a chúise féin aige.

An cigire seo ag an Easpag, tá ag brath ar an gcaolchuid eolais i dtaobh na Gaeilge fós, is clos dom. Bhí chomh líofa aige trí bliana ó shin agus atá anois, agus ní slachtmhar a bhí an uair sin aige. Níor airigh éinne ann gur chaith sé téarma in aon Choláiste Gaelach ó shin. Tá rud is measa ná sin sa scéal anois; tá ding mhór Bhéarla sáite trí lár na Gaeltachta ba Ghaelaí i gCorca Dhuibhne. Tuilleadh d’oideachas na nGall a bhí in easnamh ann, agus beidh acu anois. Tá an Daingean tógtha ann chuige agus an obair bheannaithe faoi lánseol. Ní thuigeann cuid agaibh cad dó a bhfuilim ag tagairt, ach tuigfidh lucht na díobhála a dhéanamh é nuair a léifidh siad, agus is dócha go mbeidh fearg orthu. Bíodh fearg orthu, ach náire ba chirte a bheith orthu, agus ceann faoi. Tá siad ag cur téad a crochta ar scornach lag na Gaeilge; mar mhaith le hoideachas, mar dhea, atá siad á dhéanamh. Ní hea muise ach chun iad féin a neadú in áit nach bhfuil oiriúnach dóibh. Ach beidh sé oiriúnach dóibh nuair a bheidh roinnt eile den Ghaeilge múchta acu.

Labhair mé le beirt a bhí ag múineadh sa Choláiste le féachaint cad a chomhairleoidís dom a dhéanamh mar gheall ar an obair seo. Ní thabharfaidís aon chomhairle dom, agus thuig mé cad ina thaobh. Dá fheabhas é an Coláiste, d’fhéadfaí díobháil a dhéanamh dó. Nach iontach an méid daoine atá faoi cheangal in Éirinn faoi láthair. Tá greim ar chois nó ar láimh orthu. Tá sort greama orm féin leis; agus mura mbeadh go bhfuil, chuirfinn a thuilleadh anseo nach mbeidh ann agus chuirfinn ainm eile leis, seachas an ainm a bheidh ag a bhun.

An gceapann sibh go bhfuil eagla orm? B’fhéidir go bhfuil, ach ní heagla faoi ndear gan an dá thuilleadh sin a chur anseo.

N’fheadar conas ’tá an scéal ag Cigirí an Bhoird Náisiúnta i gCorca Dhuibhne faoi láthair agus dá mbeadh a fhios agam, ní bhacfainn leis don rabhadh seo. Ní beag a bhfuil bun os cionn. Ach ní é a lua atá uaim ach é a leigheas dá bhféadfainn. Tosach an leighis an galar a thuiscint. B’fhéidir go bhfuil ar lucht léite an Chlaidhimh daoine a thuigeann é agus ábhar a leighiste acu.

gur beag an chabhair mo chuidse, níor mhaith liom ligean d’éinne an Ghaeilge a mharú in aon pháirt den dúiche gan iarracht a dhéanamh ar fhios a ghnó a thabhairt do na comharsana. Is cuma liom pé acu cliar nó tuatach an ciontach ba mhaith liom a thréithe a nochtadh. Ach ní háthas atá orm á nochtadh seo ach brón mar dhrochscéal é. N’fheadar an dtuigeann an t-easpag an méid díobhála atá á dhéanamh don Ghaeilge aige sa chuma sin ar thrácht mé thairis ó chianaibh.

Is clos dom gur fear maith misniúil é agus fear tuisceanach, ach nach mithid do shagart éigin a insint dó conas mar atá an scéal. Ba cheart a insint dó go dtugtar comhairle do mhúinteoirí scoile más mian leo marc maith a fháil lá an scrúdaithe (agus is mór é dúil oide scoile i marc maith) gur fearr dóibh na leanaí a bheith oilte sa Bhéarla binn mar gurb é a bheidh ag an Easpag féin.

Bhí dóthanach go leor de mar scéal sular fhág mé an ceantar. Tá súil le Dia agam go bhfaighfear leigheas don díobháil atá déanta. An Ghaeilge bhocht á ruaigeadh as an nGaeltacht d’fhonn beagán beag daoine nach dtuigeann í a shásamh! Sin slí eile chun náisiún beag a chosaint, is dócha.

“Fursa”

An tá nach dtuigeann an Ghaeilge, taitneoidh na pictiúir leis. Níl duine in Éirinn ach an dall nach dtaitneoidh an Claidheamh leis.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Meán Fómhair 1915)'