Is fada imithe anois an 21 Aibreán nuair a cuireadh tús le craobchomórtas iomána 2024 agus an 21 Iúil nuair a críochnaigh sé. N’fheadar an raibh mórán ag tús na bliana ná ag tús na craoibhe sin a cheap nach mbeadh Luimneach ag imirt sa chluiche ceannais. Dar ndóigh thosnaíodar an bhliain mar sheaimpíní don cheathrú bhliain as a chéile agus ba iadsan an rogha chun an cúigiú ceann a cur leo. Bhí foireann Chorcaí ar thairseach éacht dá leithéid a dhéanamh i 1945 agus Cill Chainnigh in 2010 agus sa dá chás sin ba iad na Tiobraid Árannaigh a chuir stop leo.
Bhí cás níos láidre fós ag Luimneach i ndiaidh an chéad dá chluiche sa chomórtas nuair a chríochnaíodar mar a bheadh traein ann i gcoinne an Chláir. Bhíodar naoi gcúilín ar gcúl ag tús cheathrú dheireanach an chluiche ach fuaireadar bua le trí chúilín. Seachtain ina dhiaidh thugadar léasadh ceart do Thiobraid Árann (2-27 – 0-18). A mhalairt ar fad a bhí ag Corcaigh, chaill siad an chéad dá chluiche agus anseo cois Laoi bhí caint roimh an tríú cluiche gur beag seans a bhí acu fanacht sa rás agus Luimneach ina gcoinne don tríú babhta. Ach is i bPáirc Uí Chaoimh a bheadh an cluiche sin agus pé smaointe diúltacha a bhí san aer, tháinig na leantóirí ina mílte an Satharn álainn sin agus thug foireann Chorcaí an-taispeántas. Agus an cluiche ag teacht chun deiridh is iad leaideanna Luimnigh a bhí chun tosaigh. Bhí sciorta den ádh ar Chorcaigh nuair a bronnadh cic pionóis orthu, cic a chuir Patrick Horgan san eangach agus bhí an lá agus na pointí thar a bheith tábhachtach le Corcaigh.
Ach cé a cheap go mbeadh Luimneach as an rás roimh dheireadh an tséasúir agus go mbeadh Corcaigh sa chluiche ceannais? Bhí cúpla casadh eile sa scéal sular chríochnaigh comórtas na Mumhan ach ag an deireadh ba é Declan Hannon a bhailigh Corn Mick Mackey arís den séú huair i ndiaidh a chéile agus chuaigh na Cláirínigh abhaile folamh don tríú bliain as a chéile. Sa tríú háit a chríochnaigh Corcaigh.
Sular buaileadh aon sliotar i gCúige Laighean bhí formhór na leantóirí ar an dtuairim go mbeadh an cluiche ceannais idir na boic mhóra, Cill Chainnigh agus an Ghaillimh, agus go mbeadh an troid don tríú háit idir Loch Garman agus Baile Átha Cliath. Ach mar is eol dúinn i gcás cúrsaí iomána, is iomaí tuisle ón lámh go dtí an béal. Agus tharla an rud nach raibh súil in aon chor leis nuair a theip ar an nGaillimh fáil amach as Laighin, fiú amháin.
Is dócha gur tharla an bua is aistí sa chúige nuair a chríochnaigh an cluiche idir Cill Chainnigh agus Ceatharlach cothrom. Ach thaispeáin na Cait sa chluiche ceannais go raibh beocht fós iontu nuair a thugadar léasadh ceart d’Áth Cliath, 3.28-1.18.
Dar ndóigh, Loch Garman a chríochnaigh sa tríú háit agus ansin cuireadh tús leis an turas go dtí Corn Mhic Cárthaigh agus Luimneach te bruite mar rogha agus iad neadaithe sa chluiche leathcheannais, mar a bhí Cill Chainnigh.
Anseo i gCorcaigh bhí rudaí ag bogadh ar aghaidh go breá agus an cluiche leathcheannais sroichte againn ach bhí Luimneach sa bhearna bhaoil agus ní raibh mórán de na leantóirí a thug seans dúinn iadsan a bhualadh an dara huair. Ach dar ndóigh tharla an rud nach raibh súil leis. Agus sa chluiche leathcheannais eile bhí na Cait cuid mhaith níos fearr ná an Clár sa chéad leath ach bhí i bhfad níos mó díocais oibre agus spioraid ag na Cláirínigh sa dara leath agus ba iad a bhí chun tosaigh ar shéideadh na feadóige deiridh
Roimh an gcluiche ceannais, cheapas féin nach mbeadh ach poc den sliotar idir na foirne agus b’in mar a tharla. Bhuaigh an fhoireann ab fhearr an lá sin, an Clár, ach ba mhór an trua nach raibh athimirt ann ag deireadh gnáthama.
Ag deireadh na bliana is é ainm an Chláir atá scríofa ar Chorn Mhic Cárthaigh agus ar chorn na sraithe. Is é Shane O’Donnell ó fhoireann an Chláir a thug leis gradam Imreoir na Bliana agus a chomhghleacaí, Adam Hogan a fuair an gradam d’Imreoir Óg na Bliana. Bhí seisear Cláiríneach ar fhoireann Réalta na Bliana. Sin ceannasaíocht duit. An Clár abú!
Sa dara comórtas bhí an-choimhlint i gcluiche ceannais Chorn Mhic Donncha agus is iad Uíbh Fhailí ba láidre a chríochnaigh agus trí chúilín aimsithe acu déanach sa gcluiche chun an bua a chinntiú do Laois. Tá an ‘contae dílis’ ag feabhsú. Beimid ag coimeád súil ghéar orthu in 2025.
Nollaig mhór mhaith daoibh go léir.
Fág freagra ar 'An choróin bainte de Luimneach agus an Clár caithréimeach'