A Thiarna, tabhair dom an misneach le leanúint ar aghaidh go dtí an lá beannaithe sin nuair a bheidh an Covid thart.
Na laethanta draíochtúla i ndiaidh An Cóbhaí, nuair a éireoidh muid is go mbeidh muid in ann filleadh ar an saol mar a bhí.
Ní ar an ‘new-normal’ ná ar shaol ina mbeidh mascanna agus miotóga orainn is dhá mhéadar eadrainn ar fad agus scoitheadh fisiciúil ach ar an ‘normal-normal’.
Tiocfaidh sé.
‘Céard é an chéad rud a dhéanfaidh tú Mamaí théis an Cóbhaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom inné.
Chuimhnigh mé orm féin.
Sílim gurb é an chéad rud a dhéanfaidh mé ná suí isteach sa gcarr agus tiomáint siar go Ros Muc. Is fada liom go bhfeicfidh mé na Beanna Beola i bhfad uaim ag bun na spéire agus an ghrian ar an bhfarraige i gCuan Chamais.
‘Is dóigh go ngabhfaidh muid uilig ar cuairt ar Mhamó agus Daideo,’ a deir mé leis.
‘Beidh sé sin go maith,’ a
d’aontaigh sé. ‘Agus beidh mise ag dul go Smyths Toys freisin,’ a deir sé.
‘An mbeidh?’ a d’fhiafraigh mé dhe, ‘is céard a cheannóidh tú?’
‘Níl a fhios agam,’ a deir sé, ‘ach ba mhaith liom an áit a fheiceáil arís.’
Go dtí go mbeidh an Cóbhaí thart, a Thiarna, tabhair dom an fuinneamh chun suí ar rothar arís agus é a stiúradh go cruinn in éineacht leis na gasúir.
Tabhair dom an láidreacht chun glacadh leis go bhfuil gach rud sa gcuisneoir ite, nó greim bainte as, méar sáite ann nó rud éigin ag fás as.
Le do chríonnacht gan teorainn a Thiarna, tabhair do thuiscint dom ar an gceard rúndiamhrach sin ar a dtugtar ‘pleanáil béilte’. Céard é, a Thiarna? An féidir é a dhéanamh dáiríre, nó an bréag mhór atá ann a chum Jamie Oliver?
An bhfaighidh mé pas má réitím ispíní, burgairí, cnaipíní sicín agus méaróga éisc don dinnéar gach seachtain? Nó an mbeidh orm an tsíoraíocht a chaitheamh i dtinte ifrinn?
Seol ceapairí as na flaithis ag an doras dom, a Thiarna, nó dearbhán ar family meal deal ó Papa Johns, impím ort, sula ndófaidh mé na fabhraí díom féin ag an oigheann.
Scaoil saor ó na queen cakes mé agus scairt do sholas ar intinn na bpáistí chun go mbeidh siad in ann a mbácáil féin a dhéanamh, gan aon lámh ná páirt agam ann.
Treoraigh mé chuig cúinne rúnda éigin sa teach, áit gur féidir liom síocháin agus suaimhneas a bheith agam má chuirim glas ar an doras agus má mhúchaim na soilse.
Tabhair de chríonnacht dom, a Thiarna, a thuiscint go ndéarfaidh na gasúir go bhfuil siad maraithe ag an leadrán, fiú má théann muid amach ag siúl, ag rothaíocht, ag siúl ar na clocha ag an bhfarraige, ag spraoi le Lego, ag imirt cluichí físeáin, ag breathnú ar scannán agus ag ithe uachtar reoite…
Is tú Rí na bhFlaitheas agus inis dom, a Thiarna, cén chaoi leis an ríomhchluiche atá ag imeacht ar an ríomhaire ón 21 Márta a chasadh dhe.
Tabhair sólás dom nuair a thuigim sa deireadh thiar go mbeidh na bróga agus na rothair á gcaitheamh i lár na cistine gach lá agus nach fiú a bheith ag argóint faoi.
Agus, má tá an iomarca á lorg agam sa mhéid sin thuas, a Thiarna, níl uaim ach an chiall le tuiscint go dtiocfaidh lá nuair a bheidh sé seo thart agus an teach ciúin is mé ag déanamh iontais cá ndeachaigh na blianta.
Niall na Naoi bPiontaí
Nach í ár mBríd atá ag cuimhneamh ar lá le teacht 7 síocháint a bheith aici! Tá súil agam go leanfaidh sí uirthi leis an dea-scríbhneoireacht seo :-)
Poraic o'hEipicín
An bhfuil Gaeilge, ar normal, Noé do thoil.rmal. L