An chéad chéim tugtha i dTeach Laighean le  Coimisinéir Teanga nua a cheapadh

Glacadh sa Seanad le moladh go gceapfaí Séamas Ó Concheanainn mar an chéad choimisinéir teanga eile

An chéad chéim tugtha i dTeach Laighean le  Coimisinéir Teanga nua a cheapadh

Tá an chéad chéim tugtha i dTithe an Oireachtais chun Coimisinéir Teanga nua a cheapadh.

I mí Iúil fógraíodh gurb é Séamas Ó Concheanainn a bhí molta ag an Rialtas le ceapadh mar an chéad choimisinéir teanga eile.

Glacadh gan díospóireacht leis an moladh sin sa Seanad tráthnóna inné, an chéad chéim i gceapachán an choimisinéara nua.

An chéad chéim eile ná go gcuirfear an t-ainmniúchán faoi bhráid na Dála agus nuair a ghlacfar ansin leis is é Uachtarán na hÉireann a cheapfaidh Ó Concheanainn ina choimisinéir go hoifigiúil.

Tá an stát gan aon choimisinéir teanga le breis is ocht mí.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga a bhí ag an stát, le Tuairisc an samhradh seo caite nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh pobal na Gaeilge fágtha chomh fada gan coimisinéir.

Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas do Shéamus Ó Concheanainn.

Is ag obair mar Stiúrthóir in Oifig an Choimisinéara Teanga atá sé ó fhómhar 2020 agus chaith sé blianta fada roimhe sin i gceannas ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna. Is é a bhí i gceannas freisin ar an tionscadal taighde náisiúnta Fios Físe do TG4 agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá obair déanta aige le comhlachtaí forbartha pobail (Comharchumann Shailearna Teo.), tograí teanga (Coiste Pleanála Teanga Chonamara Láir) agus tograí turasóireachta (Cósta Gaelach Chonamara) in imeacht na mblianta.

Moladh Ó Concheanainn do ról an Choimisinéara i ndiaidh don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas a rith.

D’fhógair an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag tús na bliana go raibh sé ag éirí as an bpost chun tabhairt faoi ról nua mar Choimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán. Is é Ó Concheanainn an tríú duine i ról an Choimisinéara. Ba é Seán Ó Cuirreáin an chéad Choimisinéir Teanga, agus ceapadh eisean in 2004.

Fág freagra ar 'An chéad chéim tugtha i dTeach Laighean le  Coimisinéir Teanga nua a cheapadh'