An ceathrú cluiche ceannais ag Mícheál Breathnach le mí agus iad sa tóir ar Chraobh Chonnacht

Labhair Tuairisc.ie le Cárthach Bán Breathnach, bainisteoir iománaithe Mhicheál Breathnach a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo

An ceathrú cluiche ceannais ag Mícheál Breathnach le mí agus iad sa tóir ar Chraobh Chonnacht

Imreoirí Mhícheál Breathnach ag ceiliúradh a mbua i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir 1 na Gaillimhe. Pictiúr: Mícheál Breathnach/Facebook

Tréimhse thar a bheith gnóthach í seo do chumann Mhícheál Breathnach i gConamara.

An mhí seo caite, d’imir peileadóirí agus iománaithe an chumainn i dtrí chluiche ceannais contae taobh istigh de choicís.

Briseadh croí a bhí i ndán do na peileadóirí. Bhí an chuma ar an scéal go raibh cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe tugtha leo acu i gcoinne Uachtar Ard ach d’aimsigh a gcéilí comhraic scór agus an t-am caite chun a chinntiú go mbeadh athimirt ann.

Ní raibh oiread na fríde idir na foirne san athimirt sin ach an oiread agus, faoi dheireadh, b’éigean ciceanna éirice a imirt chun na foirne a scaradh óna chéile. Uachtar Ard a thug an lá leo.

Idir an dá linn, áfach, bhí dea-scéal ann do chumann Indreabháin. Sa gcoicís idir an dá chluiche i gcoinne Uachtar Ard, d’imir suas le ceithre dhuine dhéag den fhoireann peile ar fhoireann iomána Mhícheál Breathnach i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir 1 Iomána na Gaillimhe.

Ba dhuine de na himreoirí sin – Rónán Ó Beoláin, a bhí sa gcúl i gcoinne Uachtar Ard – a bhí ina laoch na himeartha sa gcluiche ceannais iomána i gcoinne Bhearna-Na Forbacha nuair a fuair sé trí chúl agus é ina lántosach.

Tá cluiche ceannais eile rompu anois agus Micheál Breathnach ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní Shligigh, Naomh Eoin, i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Chonnacht Dé Domhnaigh.

Agus deireadh tagtha le feachtas na bpeileadóirí, níl rudaí chomh cruógach céanna ag na himreoirí agus is mar sin is fearr é, dar le bainisteoir na n-iománaithe, Cárthach Bán Breathnach.

“Bhí sé gnóthach ach is am iontach a bhí ann chomh maith,” a deir sé. “Bhí an cumann in dhá chluiche ceannais contae. Tá tú ag iarraidh a bheith gnóthach. Má tá tú ag suí sa mbaile, níl tú chun tada a bhuachtáil.

“Faraor, níor bhuaigh muid an cluiche ceannais peile ach thug muid linn an chraobh iomána. Ar bhealach tá sé deas go bhfuil muid in ann díriú isteach ar an aon rud amháin anois ach ba bhreá linn dá mbeadh muid ag fáil réidh do dhá fheachtas i gcraobh Chonnacht.”

Bíonn sé deacair i gcónaí ar chumann an dá thrá a fhreastal ó thaobh na peile agus na hiomána de, go háirithe cumann tuaithe ar nós Mhícheál Breathnach. Nuair a bhíonn cuid mhaith de na himreoirí céanna ag dul chun páirce seachtain i ndiaidh seachtaine, bíonn ar an lucht bainistíochta a bheith glic chomh maith.

“Bhí orainn bheith an-eagraithe. Seachtain an chluiche peile, ní raibh aon traenáil againn,” a deir Breathnach.

“Thug muid an briseadh sin dóibh roimh na cluichí peile, ní hamháin chun a chinntiú nach mbeadh siad ag déanamh an iomarca traenála ach chun deis a thabhairt dóibh oíche a thógáil saor chomh maith. Bíonn rudaí eile le déanamh sa saol seo acu seachas a bheith ag traenáil i gcónaí.”

Fiú nuair a bhí na hiománaithe in ann teacht le chéile don traenáil, bhí deacrachtaí ann. Tá deichniúr den phainéal lonnaithe i mBaile Átha Cliath, rud a d’fhág gur shocraigh Breathnach go dtiocfadh an fhoireann le chéile in Áth Luain oíche amháin sa tseachtain.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh na leaids uile le chéile,” a deir an bainisteoir. “Briseadh deas a bhíonn ann chomh maith, oíche amháin sa tseachtain thuas in Áth Luain. Tá chuile dhuine ann, tá slua maith agat agus bíonn píosa craic againn.

“Is maith leis na himreoirí é, mar seachas dhá dhuine dhéag a bheith ag traenáil sa mbaile leo féin agus deichniúr eile i mBaile Átha Cliath, bíonn dóthain daoine agat chun cluichí cearta a imirt agus seisiún traenála ceart amháin a dhéanamh sa tseachtain.”

Léiríonn sé cé chomh tiomanta agus atá na himreoirí go bhfuil siad sásta aistear dhá uair an chloig a dhéanamh i lár na seachtaine, ach tá toradh na hoibre sin uilig le feiceáil anois.

Thug siad taispeántas maith uathu chun Bearna-Na Forbacha a shárú i gcraobh na Gaillimhe ach tá cluiche crua eile rompu.

Cé go bhfuil siad ag glacadh páirte i gCraobh Shóisir Chonnacht, ba í Craobh Shinsir Shligigh a bhuaigh Naomh Eoin chun áit a bhaint amach sa gcluiche ceannais seo. Tá a gcumas léirithe ag foirne as Sligigh sa gcomórtas seo le blianta beaga anuas agus seaimpíní na Gaillimhe sáraithe ceithre huaire ag seaimpíní Shligigh le deich mbliana anuas. Seo an chéad uair ag Naomh Eoin a bheith sa gcluiche ceannais, áfach.

Bhí Mícheál Breathnach sa gcluiche ceannais cheana in 2016 ach chaill siad i gcoinne Chalraí/Naomh Iósef, seaimpíní Shligigh an bhliain sin.

Cé go bhfuil an taithí sin ag na Breathnaigh ar an gcomórtas, rud nach bhfuil ag Naomh Eoin, deir Cárthach Breathnach nach bhfuil mórán maitheasa ansin dóibh.

“Ceapaim gurb é Steven Hansen, bainisteoir na Nua-Shéalainne, a dúirt i rith Chorn an Domhain, ‘Cén mhaith í an taithí más taithí ar chluichí a chailleadh atá inti?’

“Is fúinne rud éigin a dhéanamh faoi sin agus an cluiche seo a bhuachtáil. Tá a fhios againn nach mbuafaidh muid an cluiche seo mura ndíreoidh muid isteach orainn féin agus ar ár gcuid imeartha féin.

”Má dhéanann muid é sin, beidh muid sásta go maith, is cuma céard a tharlóidh.”

Fág freagra ar 'An ceathrú cluiche ceannais ag Mícheál Breathnach le mí agus iad sa tóir ar Chraobh Chonnacht'