Cineál Cré na Cille tóin thar ceann is ea Glórtha an Tráthnóna 

Tá Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzberg aistrithe go Gaeilge ag Máire Nic Mhaoláin. Tá Ginzberg ar na húdair is tábhachtaí san Iodáilis tar éis an dara cogadh domhanda

Cineál Cré na Cille tóin thar ceann is ea Glórtha an Tráthnóna 

Áirítear Natalia Ginzburg (1916-1991) ar na húdair is tábhachtaí san Iodáilis tar éis an dara cogadh domhanda. Luigh bráca an fhaisisteachais go trom ar a muintir le linn a hóige. Chaill a hathair a phost in Ollscoil Torino de bharr na ndlíthe frith-Sheimíteacha. Thosaigh Natalia ag scríobh nuair a bhí sí sna déaga. Ba í an chéad duine a d’aistrigh Du côté de chez Swann le Marcel Proust go hIodáilis, beart a chuir sí i gcrích sa bhliain 1937 cé nár foilsíodh é go dtí 1946.

Sa bhliain 1938 phós sí Leone Ginzburg, ceannaire Giustizia e Libertà, gluaiseacht fhrithfhaisisteach Torino. Laistigh de dhá bhliain díbríodh Leone go Pizzoli, sráidbhaile iargúlta i gceantar Abruzzo, i ngeall ar a ghníomhartha treascracha. Lean Natalia agus na gasúir é go Pizzoli agus d’éirigh léi a céad úrscéal a fhoilsiú le linn na tréimhse sin, La strada che va in città, an bóthar go dtí an chathair. Toisc nár cheadmhach do Ghiúdaigh leabhair a fhoilsiú faoi réimeas Mussolini, b’éigean di ainm cleite a úsáid. Tar éis a fhuascailte chuaigh Leone agus an chlann chun na Róimhe ach gabhadh é agus é i mbun clóphreas rúnda i Samhain na bliana 1940. D’éag sé i bpríosún Regina Coeli sa Róimh ar an 5 Feabhra 1944 de bharr an chéasta a imríodh air. Níor ceadaíodh do Natalia cuairt a thabhairt air le linn a thréimhse i ngéibheann.

Tar éis shaoradh na Róimhe fuair Natalia post eagarthóireachta leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Einaudi. Sa bhliain 1950 phós sí Gabriele Baldini, ollamh le litríocht an Bhéarla in Trieste. Bhog siad go Sasana sa bhliain 1959 nuair a ceapadh Gabriele i gceannas ar Institiúid Chultúrtha na hIodáile i Londain. Is ansin a scríobh sí Le voci della sera (Glórtha an tráthnóna) a foilsíodh sa bhliain 1961.

Agus í ag trácht ar an tréimhse a chaith sí i Londain, dúirt Ginzburg (sloinne ar chloígh sí leis ar feadh a saoil) nach bhféadfadh sí nuachtáin na Breataine a léamh, ach gur éirigh sí an-tógtha le húrscéalta Ivy Compton Burnett, úrscéalta nach raibh iontu ach comhrá, comhrá ceanndána mailíseach (dialogare pervivace e maligno). Luaigh sí freisin gur chuir sí an saothar di in aon ráig amháin thar thrí seachtaine. Tá an t-úrscéal suite i bpobal beag tuaithe in Piemonte in iarthuaisceart na hIodáile go luath tar éis an dara cogadh domhanda, na daoine ag iarraidh teacht chucu féin tar éis réimeas na bhFaisistithe.

Ach toisc gur chreid Ginzburg go n-éiríonn an tsamhlaíocht leisciúil de bharr an iomarca fulaingthe, is díreach faoin dromchla a fhanann na tagairtí d’fhoréigean is d’imeaglú na ndrochbhlianta. Casann an leabhar ar dhá mhol, ógbhean seacht mbliana is fiche d’aois agus í á crá de shíor ag a máthair ghalareaglach toisc nach bhfuil sí pósta, agus ansin eachtraí chlann Balotta, riarthóir na monarchan ar a bhfuil an sráidbhaile ag brath. Dlúthnasc idir an dá mhol go bhfuil an ógbhean ag suirí i ngan fhios dar léi le Tommasino, an mac is óige le Balotta.

 

Cineál Cré na Cille tóin thar ceann is ea Glórtha an Tráthnóna. Ach má roghnaigh an Cadhnach rabharta cainte agus maidhm foclaíochta chun dul i ngleic leis an suíomh daonna, cur chuige de chineál eile ar fad a ghlac Natalia Ginzburg chuici féin, teirce cainte agus scáinteacht foclóra. B’fhiú le léirmheastóir amháin trácht ar an minimalismo linguistico mar shaintréith Ginzburg, údar a sháraíonn Hemingway féin maidir le gorta teanga.

Uaireanta is tábhachtaí an rud neamhráite nó an rud leathráite ná na focail loma féin. Agus mar chúiteamh ar an spriúnlaitheacht teanga, ní mór aird a thabhairt ar ghrinntabhairt faoi deara an inseora, reacaire mná nach n-ainmnítear fiú ar feadh an chéad dhá thrian den leabhar. Is beag nach mbaintear preab as an léitheoir nuair a luaitear a hainm, Elsa, den chéad uair ar leathanach 120.

Is mór, áfach, idir goimh bhinbeach Chaitríona Pháidín agus cur síos neafaiseach Elsa, mar dhóigh dhe, ar chúrsaí an tsaoil agus an tsráidbhaile. Ag an am céanna insíonn sí i bhfad níos mó faoi dhaoine eile ná fúithi féin, is uaithi a chloisimid cúlchaint, binbchaint agus ráflaí na háite.

Díol suntais an dlúthchosúlacht idir Brian Mór an Chadhnaigh agus Balotti Ginzburg, beirt nach bhfuil dea-fhocal le rá acu faoi dhuine ar bith. Díol spéise freisin an bhéim a chuireann an dá údar ar chanúintí agus béarlagair. Nuair a cuireadh Béarla ar Voci della sera chuir an t-aistritheoir cló an úrscéil réalaíoch ar an saothar, á roinnt i gcaibidlí le teideal ar leith ar gach caibidil. Ní ann don chreat seo chor ar bith sa bhunIodáilis, gan ach spásáil bhreise idir na rannóga éagsúla, tréith nach bhfuil éagsúil ar fad le headarlúidí Cré na Cille.

Más féidir faltanas Chaitríona a chur síos don bhob a bhuail a deirfiúr uirthi i gcúrsaí grá, tá Elsa sona go leor sa chaidreamh rúnda idir í féin agus Tommasino. Ach nuair a chinneann siad ar phósadh toisc gur sceitheadh a rún, imíonn an grá. D’ainneoin an ghrinn go léir, is mór an trua atá ag Ginzburg don chine daonna, é ag tóraíocht an tsonais nach maireann ach seal. Mar a deir Tommasino ar a thuiscint dó go bhfuil deireadh déanta idir é féin agus Elsa: Ní linn an sonas am ar bith, ach oiread leis an uisce; ní chronaítear an tobar nó go dtránn sé .

-Tá Glórtha an Tráthnóna foilsithe ag Éabhlóid

Fág freagra ar 'Cineál Cré na Cille tóin thar ceann is ea Glórtha an Tráthnóna '