Seacht mbonn, 15 spórt, 134 laoch…

Nach iontach agus nach deas an rud é gur le gaiscí agus le lúthchleasaithe dár gcuid féin a bhaineann agus a bhainfidh na cuimhní atá againn ar 2024

Seacht mbonn, 15 spórt, 134 laoch…

Agus Bliain Oilimpeach ag drannadh lena deireadh, bheadh rud éicint as cor mura mba leis an ócáid spóirt is mó dá bhfuil ann a bheadh na cuimhní is geanúla in intinn duine.

Nach iontach agus nach deas an rud é gur le gaiscí agus le lúthchleasaithe dár gcuid féin a bhaineann agus a bhainfidh na cuimhní atá againn.

Sin an fáth, ó mo thaobhsa de ar chuma ar bith, go sáraíonn a ndearna ár lúthchleasaí i bPáras idir an 26 Iúil agus an 11 Lúnasa seo caite aon ghaiscí spóirt eile a chonaic mé i rith na bliana atá ag drannadh anois lena deireadh.

Bhí 10,714 iomaitheoir (na cinn aonaracha san áireamh) as 204 tír sa gcoimhlint. Agus an chreach roinnte ní raibh ach 18 acu sin a raibh níos mó boinn óir bailithe acu ná a bhí ag Éirinn, a raibh 3 cinn cré-umha le cur leo siúd – an líon ba mhó ariamh.

Bhuaigh foireann na Stát Aontaithe 40 bonn óir mar a rinne Sínigh – 1.2% de dhaonra na Státaí atá sa tír seo agus 0.2% de phobal na Síne.

Déan comparáid leis na tíortha a chríochnaigh ina ndiaidh sin síos agus tá idir a thrí oiread agus a 100 oiread de dhaonra sna tíortha a chríochnaigh romhainn ar an liosta go dtiocfaidh tú chom fada leis an Iorua (5.5 milliún) a bhuaigh ceithre bhonn óir iad féin ach atá romhainn ar an liosta siocair gur bhuaigh siad ceann airgid.

Faoin am ar iompair Daniel Wiffen agus Mona McSharry an bhratach thrídhathach ag an Searmanas Clabhsúir, ba in Éirinn a bhí an lucht féachana ba shona agus ba shásta, sínte ó chluas go heireaball ar a sáimhín só ar thoilg a raibh lorg a dtóineanna iontu le teann úsáide.

Is údar mór sásaimh freisin gur i spórtanna ar leith a buadh na boinn óir – Wiffen sa linn snámha, Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan ag rámhaíocht, Rhys McCleneghan ag gleacaíocht agus Kellie Harrington sa gcró dornálaíochta.

Tá an teicníc, an cur chuige agus ar ndóigh an neart agus an aclaíocht i gcroílár gach spóirt. Fós ar bhealaí eile is mór atá eatarthu – níos mó ama ag na snámhaithe agus na rámhaithe a dhéanamh amach cén uair go díreach a gcuirfidh siad an chos go clár. Harrington ar nós an chait ag faoileáil thart go bhfaighidh sí deis ionsaithe, ach ag an am céanna ag iarraidh léamh a dhéanamh ar intinn a céile comhraic.

Agus McClenaghan… Á, sea, Rhys McCleneghan agus a chapall corr nó an ‘pommel horse’!

Chuaigh mé gar do bheith in ospidéal dá bharr – mo chroí im bhéal agus é ar lánluas ag dul ó thaobh go taobh ar an gcapall, gan idir a bhundún agus droim an eich ach leithead peann luaidhe.

I dteannta lenar fhág sé de lúcháir orm, chuir Rhys beagán oideachais i mo bhealach. Le teann fiosrachta b’éigean dom dul ar thóir bhrí an fhocail a bhain leis an gcomórtas ina raibh sé ag iomaíocht, mar nach raibh a fhios agam céard a bhí sa ‘pommel’ seo. Agus ba cheart go mbeadh a fhios, a liachtaí uair a chonaic mé John Wayne, Robert Mitchum, Lee Marvin, agus Lee Van Cleef ag dul ina éadan.

Ligeann an Ghaeilge atá air an cat as an mála, ‘corr diallaite’ – an cnap leathair sin ar an diallait ar a mbéarfadh Wayne agus cos leis sa stíoróip, sula gcaithfidh sé an ceann eile trasna ar an gcapall.

Ba le Rhasidat Adeleke agus le Ciara Mageean a bhain an briseadh croí ba mhó de na lúthchleasaithe Éireannacha ar fad a chuaigh go Páras.

Dhá mhí roimhe, ag na mórchomórtais dheireanacha a bhí ar siúl, bhuaigh Mageean bonn óir ag Craobhacha na hEorpa, ach an oíche sular thosaigh iomaíocht Oilimpeach 1500m na mban d’fhág gortú achilles a bhí ag dul di le fada nach raibh de rogha aici ach a fhógairt go raibh sí ag tarraingt as.

Bhí go leor ann a chreid go mba aici a bhí an seans ab fhearr ar bhonn ar an traic d’Éirinn.

Bhuaigh Rhasidat Adeleke an forás 400m ina raibh sise ar bheagán anró agus bhí sa dara háit sa mbabhta leathcheannais ar a compord. Ag drannadh le deireadh an bhabhta ceannais bhí sí sa tríú háit ach chuaigh Natala Kaczmarek na Polainne thairsti agus thug léi an bonn.

Lá arna mhárach ba sa gceathrú háit arís a bhí sí sa rás sealaíochta ar an achar céanna agus Sophie Becker, Phil Healy agus Sharlene Mawdsley mar pháirtithe aici.

Chuala tú ariamh é gurb é an ceathrú háit chéanna sin an ceann is mallaithe ag na Cluichí. Ba é freisin a bhí i ndán do Robert Dickson agus Seán Waddilove i gcomórtas seoltóireachta an scif.

Trí rás in aghaidh an lae ar feadh ceithre lá a bhíonn i gceist. Bhuaigh siad ceann acu sin an lá ba thúisce, iad sa dara háit faoi dhó agus sa cheathrú háit ceithre huaire sna laethanta a lean.

Ach déanamh fiú maith go leor san iomaíocht deiridh, bheadh bonn go cinnte acu.

Agus na criúnna ar fad ag féachaint ar a chéile go mbeidís san áit cheart ar thús an rása sin, séideadh an bonnán faoi dhó – comhartha gur thrasnaigh bád éicint acu an líne tosaithe níos túisce ná mar a bhí ceaptha.

Ní insítear do na criúnna cé acu a bhíonn as bealach, fágtar fúthu féin sin a dhéanamh amach. Mheas an bheirt Éireannach go bhféadfadh sé go raibh siadsan ciontach. Chasadar agus thosaigh arís.

Mar a tharla bhí dul amú orthu. Ba iad an Chróit agus Uragua amháin a sháraigh an riail. Ainneoin sin, chríochnaigh Waddilove agus Dickson sa naoú háit sa rás – mar a tharla d’fhágfadh an seachtú háit an bonn cré-umha acu.

Mar is gnách ag craobhacha móra is iad lucht na mbonn a bhí i mbéal an phobail, ach níor cheart dearmad a dhéanamh ach an oiread ar lúthchleasaithe Éireannacha eile a chuaigh go Páras agus a bhí i mbarr a maitheasa nuair ba mhó gá leis sin.

Bhí Rory McIlroy sa gcúigiú háit i gcomórtas an ghailf agus Ross Corrigan agus Nathan Timoney sa séú háit i gceann de na comórtais rámhaíochta, áit a raibh Emily Hegarty, Eimear Lambe, Natalie Long, Imogen Magner sa seachtú háit i rás eile agus Aifric Keogh agus Fiona Murtagh san ochtú háit ina mbád féin. Bhí Liam Jegou sa seachtú háit i mbabhta ceannais slalom an chanú.

Nó go dtáinig na cúpla céad slat deireanach den rás rothaíochta bóthair (a bhí 273km ara fhad) bhí Ben Healy le feiceáil ar cheann na hiomaíochta – sa 10ú háit a chríochnaigh sé faoi dheireadh.

Sháraigh foireann rothaíochta na mban (Lara Gillespie, Mia Griffin, Kelly Murphy, Alice Sharpe) curiarracht na hÉireann sa veledrome. Faoi dhó a rinne Tom Fannon amhlaidh sa linn snámha (50m saorbhuille).

Seacht mbonn. 15 spórt. 134 laoch.

Nollaig shona acusan agus agaibh ar fad.

Fág freagra ar 'Seacht mbonn, 15 spórt, 134 laoch…'