AN CADHNACH AGUS MISE: An Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil

San alt deireanach sa tsraith speisialta seo déanann scríbhneoirí éagsúla ceiliúradh ar shaol agus saothar Mháirtín Ó Cadhain a bhásaigh cothrom an lae seo 50 bliain ó shin ar an 18 Deireadh Fómhair 1970

AN CADHNACH AGUS MISE: An Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil

Ciúin, caolchúiseach agus thar a bheith éifeachtach

Máire Ní Annracháin

Gach seans go raibh Máirtín Ó Cadhain ag caint go meafarach nuair a mhaígh sé gur as saol an Bhéaloidis a fáisceadh é, saol nár athraigh le míle bliain, óir is iomaí sin athrú a tháinig ar an saol in Éirinn in imeacht míle bliain. Fiú má bhraith sé go raibh an aimsir chaite ag síneadh siar gan bhriseadh, is cinnte nár fhág sé an litríocht a fuair sé le hoidhreacht gan dul i ngleic léi, á hionramháil agus á forbairt as cuimse.

Tá spás agam do shampla amháin: an Chríostaíocht, atá agus a bhí riamh ar chlocha coirnéil na hÉireann ó thús ré na staire. Tá roinnt gearrscéalta ag an gCadhnach ina samhlaítear cé mar a chuaigh Críost i bhfeidhm ar dhaoine timpeall air. I gceann amháin díobh, insíonn scorach go raibh sé de rath ar fhear a chonaic sé le linn bainise, fíon  a dhéanamh as uisce.  Insítear go híorónta i scéal eile go raibh báicéirí, iascairí, lucht déanta maidí croise,  srl míshásta lena raibh de sholáthar míorúilteach déanta ag fear a tháinig ina measc – Críost, is léir – agus a bhain an bonn dá ngnó.

Níl gach scéal chomh soiléir céanna ach fós baineann cuid mhaith díobh casadh as scéalta  móra na Críostaíochta. Tubaiste bhunaidh an chine dhaonna, de réir Leabhar Genesis, úll na haithne a ithe .i. teacht ar an eolas. Tógtar cuid mhaith de scéalta Uí Chadhain, ní ar eachtraí a tharlaíonn le linn an scéil, ach ar phearsana a thagann de réir a chéile ar eolas nó ar thuiscint nua faoi rud éigin a thit amach roimh ré. Is iondúil go leanann an alltacht an tuiscint sna scéalta sin.   

Samhlaítear obair pholaitiúil an Chadhnaigh le fórsa agus fógairt, agus é ag féachaint le sochaí na hÉireann a leasú, go háirithe saol na Gaeltachta. Bhí díomá air seasta.  I réimse na litríochta, áfach, bhí rian a láimhe ciúin, caolchúiseach agus thar a bheith éifeachtach.

An Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil

Gearóid Denvir

Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Bhí sé ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhfadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas.

Fear Gaeltachta de chuid na cosmhuintire ab ea Ó Cadhain ar an gcéad ásc. Ba í an Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil a nocht sé ina shaothar uilig, idir shaothar a phinn agus an saothrú a rinne sé san iliomad gluaiseachtaí, cumann agus feachtas. Chreid sé i gcaitheamh a shaoil, áfach, go raibh an Ghaeltacht ar an dé deiridh, ‘fighting—or rather perishing—in its last ratholes’, mar a scríobh san Irish Times i 1953. Mar sin féin, ba í an Ghaeilge ‘an fórsa diamhair a thiomáin chun cinn é’, mar a scríobh a dhlúthchara, Breandán Ó hEithir, in Thar Ghealchathair Soir. Ba í bunchloch a fhéiniúlachta, a shainiúlachta, a dhaonnachta fiú í. Dhearbhaigh sé go neamhbhalbh i 1960: ‘An Ghaeilge amháin an t-aon gheis a mhothaím orm féin mar Éireannach leis na blianta.’

Dúshlán an bháis a bhí á thabhairt aige ina shaothar cruthaitheach, a scríobh sé i nGaeilge amháin agus nach bhfaca domhan na Gaeilge a leithéid ina réimse ná ina chumas teanga ón uair a raibh an tír fré chéile ina Gaeltacht.

Bíodh is go raibh riar mhaith foilsithe roimhe aige, agus gur fhoilsigh sé go leor ina dhiaidh, ba Cré na Cille a d’fhógair go raibh mórthallann scríbhneora ag an gCadhnach.

Amharc grinn géar ar shaol ‘chomhthionól fuinniúil fuinte’ Chonamara agus ar a ‘mionchúrsaí suaracha’ atá san úrscéal neamhchoitianta seo. Is mór idir léargas Uí Chadhain ann agus an cineál saoil a gcuirtear síos air i leithéidí An t-Oileánach agus Peig, gan trácht ar shaothar scríbhneoirí aniar mar Thomás Bairéad agus Pádraic Óg Ó Conaire. Ubh chuaiche ar bhealaí go leor é Cré na Cille, curadhmhír nó éacht aon uaire, agus fearacht Ulysses le James Joyce, nó saothar ealaíne Phaul Henry, nó fuinneoga eaglasta Harry Clarke, nó ceol an Chearbhallánaigh, nó Leabhar Cheanannais, is íocón cultúrtha Gaelach é.

Agus muid ag ceiliúradh leathchéad bliain a bháis, ní miste a mheabhrú go raibh aisling shlán ag Ó Cadhain a nocht sé gan fuacht gan faitíos i saothar a phinn agus i mbriathra a bhéil. Má chreid sé go raibh ‘an ghrian ag gabháil siar, ionann’s gaibhte siar’ ar an Éirinn b’ansa leis féin a fheiceáil i réim, ghin an creideamh sin beagán dóchais, ainneoin na n-ainneoin. ‘Níor dhúirt muide, muide Éireannaigh, gur throid muid ariamh an cath deireanach,’ a dúirt sé leis an Albanach ar pháirc Chath Chúl Odair.

Cá bhfios nach iomaí briatharchath a throidfear fós san Ionad Cuimhneacháin ba cheart a thógáil ina onóir ar a fhód dúchais sa gCnocán Glas?

 

Aithníonn gach Rúiseach na carachtair sa leabhar seo

Yuri Andreichuk

Is é an tábhacht is mó a bhaineann leis an gCadhnach agus le Cré na Cille dom féin mar aistritheoir, a d’aistrigh go Rúisis an leabhar sin, ná an teanga inar scríobhadh an leabhar. Máistir an phróis ab ea an Cadhnach, a chum saothar nach bhfuil éasca a léamh agus dar liomsa, a chaithfeadh a bheith deacair. Ach ní deacrachtaí foirme amháin atá i gceist ach na daoine féin, na daoine mar atá siad i rith a saoil agu, b’fhéidir, tar éis a mbáis. Tá a fhios againn go mbíonn meascán den léirmheastóireacht cháinteach agus an t-adhmholadh ar siúl ag daoine. Saghas léiriú ar an bpobal atá sa leabhar agus tá aithne againn ar na daoine ann go cinnte.  Is iad na daoine céanna iad gur mhaith leo cuma níos béasaí agus dea-mhúinte a bheith orthu féin agus iad ag cabaireacht agus ag cúlchaint faoina gcomharsana.

Aithníonn gach Rúiseach na carachtair sa leabhar seo, sin má chaith sé fiú samhradh amháin i dtigh a sheanmháthar i mbaile beag áit éigin sa Rúis agus má bhí sé ag éisteacht le caint mar seo ina thimpeall. Agus is í an fhianaise is soiléire atá againn go bhfuil Cré na Cille ag dul i gcion ar léitheoirí Rúiseacha sa lá inniu go raibh an chéad eagrán den leabhar so díolta amach sa Rúis mí Iúil agus go bhfuil an dara heagrán á dhíol sna siopaí leabhar ar fud na tíre agus ar an idirlíon leis. Thug Ó Cadhain obair le déanamh dos na léitheoirí agus tá an obair sin idir lámha againn fós.

Teanga theannta, ‘bhréag-liteartha’ atá ann ach tá an saothar ag pléascadh le mothúcháin a bhfuil an searbhas, an díomá, an fuath is an fhearg ina measc. Agus an dóchas. Nocht an t-údar síol dorcha laistigh den traidisiún, sna daoine, laistigh dá n-anamacha agus b’fhéidir laistigh den traidisiún reiligiúnda is litríochta. Ach thaispeáin sé gur deacair an dorchadas agus an ghile a scaradh óna chéile. Sin smaoineamh clasaiceach atá an-chóngarach do litríocht na Rúise.  Leabhar nua-aimseartha é Cré na Cille a d’athraigh litríocht na Gaeilge ach leabhar ‘clasaiceach’ é ag an am céanna.

Dá íorónta é agus cé go bhfuil an duine mar atá sé, creidim go bhfuil dóchas ann agus mar sin molaim Cré na Cille a léamh i ngach teanga ar domhan. Honest!

AN CADHNACH AGUS MISE: Más áil linn é a cheiliúradh léitear é

AN CADHNACH AGUS MISE: ‘Bhí dáimh ag an scríbhneoir seo linn, ba dhuine againn fhéin é’

Fág freagra ar 'AN CADHNACH AGUS MISE: An Ghaeltacht a mhúnlaigh a fhealsúnacht saoil'

  • Gabriel Rosenstock

    “Aithníonn gach Rúiseach na carachtair sa leabhar seo, sin má chaith sé fiú samhradh amháin i dtigh a sheanmháthar i mbaile beag áit éigin sa Rúis agus má bhí sé ag éisteacht le caint mar seo ina thimpeall. . .” B’fhiú dúinn machnamh a dhéanamh ar an abairt sin. Ní chun tairbhe na Gaeilge ná na Gaeltachta é béim a chur ar uathúlacht na teanga seo againne; d’fhágfadh an dearcadh sin go bhféachfaí ar bhéaloideas agus ar litríocht na Gaeilge mar dhomhan beag, nó paróiste beag, istigh i mbolgán nuair is cuid álainn de chruinne mhór fhairsing iad.

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • pádraig ó loingsigh

    ‘Ach thaispeáin sé gur deacair an dorchadas agus an ghile a scaradh óna chéile.’
    nach féidir linn an rud cheanna a rá faoi daoine?