An cabhlach faoi réir le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann

Thángthas ar shocrú inné a fhágann go leanfar leis an tseirbhís farantóireachta idir Ros a’ Mhíl agus Inis Mór, ach tuigtear go raibh an cabhlach ullamh chun teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin dá gcuirfí deireadh leis an tseirbhís

Aran Island ferries

Bhí an cabhlach faoi réir le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann sa chás go gcuirfeadh Aran Island Ferries stop Dé Domhnaigh leis an tseirbhís farantóireacht idir Ros a’ Mhíl agus Cill Rónáin.

Tháinig an comhlacht farantóireachta agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar shocrú tráthnóna inné a fhágann go leanfar ar aghaidh leis an tseirbhís idir Ros a’ Mhíl agus Inis Mór, ach tuigtear do Tuairisc.ie go raibh an cabhlach ullamh chun teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin dá gcuirfí deireadh leis an tseirbhís mar a bhí á bhagairt.

Thug Aran Island Ferries le fios níos túisce an mhí seo go raibh siad chun stop a chur leis an tseirbhís idir Ros a’ Mhíl agus Cill Rónáin Dé Domhnaigh seo chugainn, an 31 Eanáir.

Tuigtear go raibh trí rogha ar leith curtha san áireamh don Luan seo chugainn ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa chás go n-éireodh Aran Island Ferries as an tseirbhís faoi mar a bhí á bhagairt acu.

Bhí réamhshocruithe déanta ag an Roinn le dhá chomhlacht farantóireachta eile a bhí sásta seirbhís a chur ar fáil ón Domhnach amach. Comhlacht Éireannach a bhí i gceann de na comhlachtaí sin agus ba as taobh amuigh den tír an comhlacht eile. Ba é an tríú rogha a bhí ag an Roinn ná go dtiocfadh an cabhlach i gcabhair ar mhuintir Árann in am an ghátair. Rinneadh plé ar na roghanna sin uilig ag cruinnithe a d’eagraigh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh,  le feidhmeannaigh sinsearacha a Roinne. Bhí an tAire Simon Coveney páirteach sa phlé chomh maith.

Rinneadh teagmháil leis an gcabhlach ag tráth go raibh an méid a bhí i ndán don tseirbhís farantóireachta ón Domhnach amach fós idir dhá cheann na meá.

Sa deireadh ní raibh aon ghá dul i muinín an chabhlaigh nó socrú a dhéanamh le comhlacht eile agus tháinig Aran Island Ferries agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar réiteach a fhágann go leanfar ar aghaidh ag seoladh idir Ros a Mhíl agus Cill Rónáin.  Níl aon eolas ar fáil faoi na dindiúirí a bhaineann leis an socrú seo, ach tuigtear go bhfuil roinnt airgid le cois tugtha don chomhlacht farantóireachta. Dúirt foinsí le Tuairisc.ie nach suim mhór atá i gceist.

Inné a thosaigh an chaint arís idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Aran Island Ferries.  Ní fios arbh í an Roinn a chuir tús an athuair leis an gcaidreamh seo nó ar tháinig scéala ón gcomhlacht go raibh fonn orthu teacht ar réiteach.

Dúirt an tAire Stáit Joe McHugh tráthnóna inné go bhfuil sé “dóchasach” anois “go mbeidh leanúnachas leis an tseirbhís sin tar éis deireadh mí Eanáir 2016”.

“Tá mé sásta anois gur féidir le mo Roinn, ag comhoibriú le gach páirtí eile agus go háirithe leis an chomhlacht farantóireachta, a chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta ar fáil do phobal Árann” a dúirt an tAire Stáit.

Fágann an socrú a rinneadh tráthnóna inné go mbeidh scíth ag muintir Árann ón éiginnteacht a bhí ann ó d’fhógair Aran Island Ferries i lár na míosa seo caite go mbeadh deireadh á chur acu leis an tseirbhís ag tús na bliana seo. Ba mar gheall ar bhreithiúnas a rinneadh sa Chúirt Uachtarach i dtaobh achomhairc a bhí déanta ag an gcomhlacht a chinn siad an bhagairt sin a dhéanamh.

Sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí, thug an comhlacht dhá chás san Ard-Chúirt, i gcoinne Chomhairle Contae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara, mar gheall ar tháillí a bhí á ngearradh ar a bpaisinéirí.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeadh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Contae na Gaillimhe gach bliain agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Tá an táille 80 cent ar phaisinéirí go hInis Mór ar cheann de na ceisteanna casta atá fós le réiteach.

Thug fodhlíthe a tháinig isteach i 2011 an t-údarás do Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille a ghearradh ar phaisinéirí as Ros a Mhíl go Cill Rónáin – airgead a bhí le cur i gciste cothabhála an Chalafoirt nua ar Inis Mór.

Bhí ceist na bhfodhlíthe seo ar chlár oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo agus bhí tuairimíocht ann go bhféadfaí láimhsiú éigean eile a dhéanamh ar fhadhb na dtáillí dá gcuirfí na fodhlíthe ar ceal.

D’fhéadfadh na Comhairleoirí próiseas a bheith tosaithe acu le maolú a dhéanamh ar na fodhlíthe, ach nuair nach raibh Comhairleoirí Chonamara den tuairim gur cheart sin a dhéanamh ní raibh seans ar bith ann go dtabharfadh na Comhairleoirí as oirthear an chontae a dtacaíocht siúd do phlean dá leithéid.

Idir an dá linn, beidh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus pé Aire a bheidh freagrach as an Roinn sin i ndiaidh an toghcháin, teacht ar shocrú níos buaine i dtaobh na seirbhíse idir Ros a Mhíl agus Inis Mór.

Gach seans gur le comórtas poiblí agus conradh a mhairfeadh roinnt blianta a thiocfar ar réiteach an scéil amach anseo.

 

 

Fág freagra ar 'An cabhlach faoi réir le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann'