An Cabaret Craiceáilte le craoladh beo ar an teilifís agus é 25 bliain ar an bhfód

D’fhógair Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann torthaí an bhabhta maoinithe is déanaí acu inniu

An Cabaret Craiceáilte le craoladh beo ar an teilifís agus é 25 bliain ar an bhfód

Craolfar oíche cheoil de chuid An Cabaret Craiceáilte beo ar an teilifís den chéad uair riamh i mbliana agus an Cabaret Gaelach ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. D’fhógair Ciste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann inniu go bhfuil maoiniú á thabhairt acu do Sonas Productions chun seó de chuid an An Cabaret Craiceáilte, a bhunaigh an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí agus daoine eile i 1993, a chraoladh beo ar TG4.

D’fhógair An Ciste Craoltóireachta Gaeilge inniu go bhfuil cinneadh déanta acu tacú le 15 tionscadal ar fad sa bhabhta maoinithe is déanaí acu.

Bronnadh maoiniú den seachtú huair ar Below The Radar chun Meon Eile, an suíomh Gaeilge, a chur ar fáil agus tugadh maoiniú don chomhlacht céanna chun an seachtú sraith den irischlár I Lár an Aonaigh a léiriú don BBC.

Bronnadh maoiniú ar Below The Radar agus Sonas Productions do The Sam Henry Collection, an chéad léiriú teilifíse riamh a fuair cómhaoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus an Ciste Craoltóireachta Ultaise. Craolfar an clár sin, faoi dhuine de na béaloideasóirí ab iomráití i gCúige Uladh san fhichiú haois, ar TG4 agus BBC TÉ.

I measc na gcomhlachtaí eile ar bronnadh maoiniú orthu tá Imagine Media dá sraith Ceol Chogadh na Saoirse a chraolfar ar TG4, agus Dearcán Media a bhfuil maoiniú faighte acu chun clár faisnéise a dhéanamh faoi shaol agus saothar fhear Chogadh na Talún, Micheál Daibhéid.

Fuair Macha Media maoiniú do Máthair, sraith faoi cheathrar ban a bhain le tréimhsí éagsúla, a chraolfar ar TG4 agus bronnadh maoiniú ar DoubleBand Films dá saothar Peireadh a phléifidh le Loch Dearg agus cúrsaí oilithreachta agus a chraolfar BBC agus ar RTÉ.

Ar na comhlachtaí eile a fuair maoiniú tá Paper Owl Films atá le sraith a dhéanamh faoi na dornálaithe Paddy Barnes agus Mickey Conlan.

Fág freagra ar 'An Cabaret Craiceáilte le craoladh beo ar an teilifís agus é 25 bliain ar an bhfód'