An ‘Buddy System’ á úsáid ag club i Muineachán atá ag iarraidh foireann ‘lán-Ghaeilge’

Tá Cumann Peile Na Sairséalaigh i gCill Laobháin ar a ndícheall ag iarraidh a gclub a Ghaelú

An ‘Buddy System’ á úsáid ag club i Muineachán atá ag iarraidh foireann ‘lán-Ghaeilge’

Le trí seachtaine anuas, bronnadh dhá gradam ar chlub tuaithe de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gCo Muineacháin as feabhas a gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn. Cumann peile Na Sairséalaigh, Cill Laobháin, thart ar leathdhosaen míle soir ó Cluain Eois, an club sin.

Ag tús mhí na Nollag bhronn CLG Chúige Uladh an Gradam Léiriú Cultúrtha sa Phobal ar an chlub. Ansin, cúpla seachtain dár gcionn, bhronn CLG agus Glór na nGael Bonn Airgid Sheosaimh Mhic Donncha orthu.

Dúirt Brian Mac Uaid, Oifigeach Caidreamh Poiblí na Sairséalach, gurb é an aidhm atá i gcónaí ag an gclub ná foireann lán-Ghaeilge a dhéanamh d’fhoireann na sinsear. “Táimid ag uasghrádú na Gaeilge ar an pháirc peile,” ar seisean. “Tá ‘Buddy System’ againn – is é sin Gaeilgeoir ag obair le hachan imreoir.

Bíonn brú anois ag na séisiúin traenála maidir le cleachtadh na Gaeilge, agus gan dabht, tá go leor ag baint úsáid aisti. An fhadhb is mó atá againne ná muinín a thabhairt dóibh í a úsáid.”

Tá Glór na nGael le físeán a dhéanamh den obair le go mbeadh iarracht na Sairséalach mar shampla do chlubanna eile.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Ghlór na nGael, gur bronnadh bonn Sheosaimh Mhic Donncha ar Chill Laobháin mar gheall ar an obair cheannródaíoch atá á déanamh acu. “Tá grúpa thart ar chúig dhuine dhéag sa chlub sin atá i ndiaidh tabhairt faoi dhúshlán teanga ollmhór, is é sin a gclub a Ghaelú,” arsa Mac Cionnaith.

An rud is iontaí faoin dúshlán seo ná go bhfuil an chuma air go bhfuil ag éirí leo,” ar seisean.

“Ní thabharfadh gach club in Éirinn faoi dhúshán den saghas seo ná baol air, ach léiríonn muintir Chill Laobháin dúinn ar fad cad is féidir le grúpa beag daoine a bhaint amach má bhíonn fís agus díograis acu.”

Fág freagra ar 'An ‘Buddy System’ á úsáid ag club i Muineachán atá ag iarraidh foireann ‘lán-Ghaeilge’'