‘An bua amháin a chinnteoidh go mairfidh luachanna na hEorpa’ – Zelensky

Tá Zelensky ar cuairt ar an mBruiséil mar chuid dá thuras ar thíortha sa Eoraip, turas ar mhaithe le tuilleadh arm a fháil chun cur i gcoinne ionradh na Rúise

‘An bua amháin a chinnteoidh go mairfidh luachanna na hEorpa’ – Zelensky

Tá achainí déanta ag Voldymyr Zelensky ar an AE “coinneáil orthu go deireadh” maidir lena dtacaíocht don Úcráin.

Ag labhairt dó le Parlaimint na hEorpa, dúirt Uachtarán na hÚcráine nach gcinnteodh aon ní seachas bua dá thír go mairfeadh “luachanna na hEorpa”.

“Táimid, muintir na hÚcráine, ár gcosaint féin ar láthair an chatha in éineacht libhse, ” ar sé.

Dúirt sé go raibh greim faighte ag an Úcráin ar phlean de chuid na Rúise “scrios” a dhéanamh ar an Mholdóiv tríd an daonlathas a chur ó mhaith ann.

“Tá an Eoraip á cosaint againn go léir in aghaidh an réimis atá ag iarraidh saoirse na hEorpa a scrios,” arsa Zelensky.

Tá Zelensky ar cuairt ar an mBruiséil mar chuid dá thuras ar thíortha san Eoraip, turas ar mhaithe le tuilleadh arm a fháil chun cur i gcoinne ionradh na Rúise.

Sheas na feisirí parlaiminte agus thug bualadh bos do Zelensky a ghabh buíochas le muintir na hEorpa as tacú le muintir na hÚcráine sa “chogadh stairiúil”.

Labhair Uachtarán na hÚcráine faoi mian atá ag an dtír a bheith ina ball den AE agus dúirt sé gur tacaíocht láidir do shlándáil an AE agus na hÚcráine a bheadh ann ballraíocht a thabhairt di.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inniu go gcreideann sé féin go bhféadfaí tús a chur le hidirbheartaíocht faoi bhallraíocht a thabhairt don Úcráin roimh dheireadh na bliana seo.

Tá an Taoiseach le bualadh le Zelensky inniu in éineacht le ceannairí eile ón AE.

Dhearbhaigh ceannasaí polasaí gnóthaí eachtracha an AE, Josep Borrell inniu go leanfaí leis an tacaíocht mhíleata atá á cur ar fáil don Úcráin.

Ach ní fios go fóill an dtabharfar don Úcráin na scairdtrodairí agus diúracáin fhadraoin atá á n-éileamh ag Zelensky.

Dúirt Olaf Scholz,  Seansailéir na Gearmáine, nach raibh aon fhonn air dul sáite i gcoimhlint tairisceana os comhair an tsaoil.

Dúirt Príomh-Aire na hÍsiltíre Mark Rutte go gcaithfí a chinntiú sula dtabharfaí na scairdtrodairí don Úcráin nach spreagfadh a leithéid de ghníomh coimhlint dhíreach leis an Rúis.

Chaithfí cinntí mar seo a dhéanamh go príobháideach, arsa Rutte.

Fág freagra ar '‘An bua amháin a chinnteoidh go mairfidh luachanna na hEorpa’ – Zelensky'