Tá an saol mór anois ag tnúth le briseadh an tsamhraidh. Tá an Dáil ar scor le seachtain agus deireadh á chur le plé agus scagadh ar ghnóthaí an tsaoil. Ní miste a rá, go bhfuil roinnt ceisteanna íogaire á bplé ag coistí Oireachtais ach gur cosúil nach bhfuil siad ag fáil an méid airde a gheobhaidís le linn gnáthlaethanta oibre na bpolaiteoirí.
Tugadh le fios le gairid go mbeidh sé amach i dtreo dheireadh na bliana seo chugainn sula mbeidh Ospidéal Náisiúnta na Leanaí críochnaithe. Tá costas an ospidéil ag ardú i gcónaí ach ceaptar anois go bhfuil dáta críochnúil socraithe do chríoch na hoibre. Beidh go hard os cionn dhá chéad milliún euro caite faoin tráth sin.
Tuairiscítear teannas a bheith idir bord an ospidéil agus na conraitheoirí faoina gcur chuige i leith na hoibre. Beidh infheistíocht chaipitil bhreise ag teastáil sa gcáinaisnéis lena chinntiú go gcloítear leis an spriocdháta. Ní mó ná sásta atá Pascal Donohoe an t-airgead breise sin a bheith á lorg. Déanfar caint go leor fós faoin tionscadal seo sula bhfeicfidh muid gasúir na tíre ag fáil aon chóir leighis san ospidéal nua.
Idir an dá linn, thug oifigigh sa Roinn Tithíochta le fios an tseachtain seo go bhfuil “muinín” acu go sroichfear na spriocanna tógála ó thaobh tithíochta atá leagtha amach dóibh i mbliana. Gealladh sa bplean Tithíocht do Chách atá beagnach dhá bhliain ar an bhfód anois go mbeadh 33,000 teach ar an meán á dtógáil in aghaidh na bliana idir seo agus 2030.
Deir an Phríomhoifig Staidrimh gur tógadh 29,851 teach anuraidh, sin níos airde ná an sprioc 24,600 a bhí leagtha amach. Dea-scéala ach amháin gur léirigh figiúirí eile nár baineadh amach an sprioc an fhad agus a bhaineann le tithíocht shóisialta – níor tógadh ach 7,433 den sprioc 9,000. Tá spriocanna na bliana seo leagtha amach ach an mbeifear in ann easnamh na bliana seo caite a chur ina cheart?
Cén chaoi go dtarlaíonn seo ar bhonn rialta le tionscadail mhóra infreastruchtúir sa tír seo? Cé mhéad bliain a chaith muid ag éisteacht leis na deacrachtaí le Tollán an Chalafoirt, i mBaile Átha Cliath agus leis an obair ar leathnú an M50? Tuigeann muid ar fad na deacrachtaí reatha leis an gcostas maireachtála agus easpa amhábhair. An mbíonn sin i gceist i gcónaí? An mbíonn easpa oibrithe orainn i gcónaí? Cén chaoi go mbíonn an oiread moille i gcónaí ar chur i bhfeidhm pleananna sa tír seo?
An bhfuil sé in am nuair a fhillfidh muid ar fad ó shos mhí Lúnasa iniúchadh a dhéanamh ar na tionscadail atá beartaithe sa tír? Gan trácht ar an gcuid sin atá tosaithe agus a bhfuil moill mó costas thar na bearta tuartha dóibh? An leor feasta éisteacht le mianta faoi chur i gcrích spriocanna nó ar cheart a bheith ag éileamh bearta? Mura gcuirfí ach an cheist amháin seo go rialta, b’fhéidir go mbeadh feabhas ar chúrsaí – cá ndeachaigh an t-airgead?
Pádraig O'hEipicín
Sin cheist maith, Cá ndeachaigh an t-airgead. ???.