An bhfuil port na déabhlóide seinnte?

Tá tús curtha arís le comhráite faoi fhuascailt na sáinne i Stormont. Ní hiontas gurb é barúil na coitiantachta gur saothar in aisce é

An bhfuil port na déabhlóide seinnte?

Tá duilleoga an fhómhair ag titim, páistí ag dul ar ais ar scoil agus chomh cinnte le ciorrú an lae tá an pobal ag iarraidh ar pholaiteoirí Stormont tabhairt faoina gcuid oibre. Chomh cinnte céanna níl aon údar dóchais ann.

Níl amhras ar éinne faoin ngá le gníomh. Tá gach rud nach raibh déanta nuair a thit Stormont san earrach fós gan déanamh agus bail níos measa ar a bhformhór. Ionchoisní gan éisteacht, daoine a d’fhulaing drochíde in institiúidí stáit agus eaglasta gan an cúiteamh a rialaigh fiosrú a bhí ag dul dóibh, oidhreacht na dtrioblóidí gan fuascailt, neamhshuim i mBille Cearta, bac ar phósadh comhghnéis, sáinn faoi chearta Gaeilgeoirí agus go leor eile. Sa mhullach orthu sin ar fad tá fadhbanna móra sa tseirbhís sláinte, éiginnteacht faoi conas an damáiste ollmhór a rinne drochaimsir i gcontaetha Dhoire agus Thír Eoghain a láimhseáil, deacrachtaí nua gach lá cheal buiséad. Agus sin gan trácht ar an éidreoir agus mearbhall faoin mBreatimeacht.

Sa chomhthéacs sin cuireadh tús arís le comhráite faoi fhuascailt na sáinne i Stormont. Ní hiontas gurb é barúil na coitiantachta gur saothar in aisce é.

Bhí na comharthaí ar aird na gaoithe diúltach. Mhaígh cúig páirtí gur theastaigh athnuachan Stormont uathu ach is i lámha an dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, a bheadh scaoileadh na snaidhme. Bhíodar araon ag tochras ar a gceirtlín féin. Bhí port dearfach acu go hoifigiúil ach leideanna eile ar fad á dtabhairt ag baill aonair.

Mhaígh Arlene Foster, ceannaire an DUP sa samhradh gur thrua é ach go raibh sí den tuairim nach raibh suim ag Sinn Féin san déabhlóid. Seachtain ó shin bhí an port céanna ag Ian Paisley a dúirt i tvuít go raibh deireadh le déabhlóid.

Bhí Paisley óg ag freagairt ráiteas a chomhghleacaí, an feisire Sammy Wilson a dúirt leis an nuachtán the Newsletter nach mbeadh i gcainteanna ach ‘cur i gcéill’ agus go raibh sé in am riail dhíreach a thabhairt isteach. Is minic a nochtann ráitis ‘neamh-oifigiúla’ Wilson an fhírinne faoi leagan amach an DUP sula gcloistear cur chuige an lucht ceannais.

Ní ón DUP amháin a tháinig teachtaireacht dhiúltach. Cé gur éiligh Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin sa tuaisceart, cainteanna dea-eagraithe le teorainn ama an-ghearr ba léir nach raibh an páirtí ag cúlú ón liosta éileamh a bhí acu ó d’éirigh Martin McGuinness as an bhFeidhmeannas. Dúirt ionadaithe go príobháideach mórán a ndúirt iar-urlabhraí an pháirtí Danny Morrison go hoscailte leis an nuachtán The Irish News.

Deir Morrison nach labhraíonn sé thar ceann Shinn Féin níos mó ach is cinnte go gcloiseann sé tuairimí na ballraíochta. Thug seisean foláireamh go raibh beatha Stormont i mbaol, baill Shinn Féin tuirseach de thiarnúlacht an DUP agus meáite nach ligfí don pháirtí filleadh gan a n-éilimh a bheith sásaithe. Mura roinnfeadh an DUP cumhacht ar bhonn comhionannais (le cead a bpáirtnéirí, Sinn Féin) arsa Morrison bheadh Sinn Féin in ann a chinntiú nach mbeidís i gcumhacht in aon chor.

Dúirt foinsí san DUP go scoiltfí an páirtí dá ‘ngéillfeadh’ cinnirí do Shinn Féin. Is léir go gcreideann SF go gcaillfidís an tacaíocht a bhailigh siad sna toghcháin i mbliana dá bhfillfidís ar Stormont gan a ‘línte dearga’ nó an chuid is mó acu, ar aon nós a bhaint amach. Teastaíonn córas uathu freisin a chinnteodh go ngearrfaí pionós ar an DUP dá sáróidís margadh – mar a rinne siad faoi láthair phríosún na Ceise Fada. Géilleadh as éadan a bheadh ansin i súile lucht leanta an DUP.

Níl cosúlacht dá laghad ar an scéal go bhfuil an col idir an dá pháirtí maolaithe. A mhalairt atá fíor. Níl smid á rá faoi chomhfhiontar. Murar féidir Stormont a athnuachan cén rogha atá ag an da rialtas? Thug an Bhreatain an t-eiteachas do mholadh Sammy Wilson faoin riail dhíreach – ag rá nach raibh sí ar intinn acu. Ach céard eile? Toghchán eile? Leis an toradh céanna ach an DUP neartaithe ó Mhárta? Riail dhíreach le ról téagartha ag rialtas na hÉireann tráth a bhfuil siosma faoin Aontas Eorpach idir an dá rialtas?

Ní tráth dóchais é.

Fág freagra ar 'An bhfuil port na déabhlóide seinnte?'