An bhfuil an daonlathas i mbaol sa Bhrasaíl?

Agus na céadta míle léirseoir ar na sráideanna ag éileamh go ndíbreofaí an t-uachtarán Dilma Rousseff, an bhfuil daonlathas na Brasaíle i mbaol?

Manifestantes saem em passeata pela orla de Copacabana (Tânia Rêgo/Agência Brasil)
Léirseoirí frithrialtais ag déanamh ar thrá Copacabana i Rio de Janeiro Dé Domhnaigh seo caite. Pictiúr: Tânia Rêgo/Agência Brasil

Cinnte, níorbh é an téarma ‘coup d’état’ a bhí ar bharr a dteanga ag formhór an ocht gcéad míle duine a ghlac páirt in oll-léirsithe frithrialtais sa Bhrasaíl Dé Domhnaigh seo caite faoi éadaí uaithne agus buí, dathanna náisiúnta na tíre. Focal níos béasaí a bhí acu: ‘impeachment’.

Bhí mionlach feiceálach ann, áfach, nár bhac le sofhriotal agus a d’impigh ar an arm deachtóireacht a chur i bhfeidhm.

Ach is cuma faoin bhfriotal. Sa chás seo, b’ionann impeachment agus coup d’état.

Tá na céadta míle Brasaíleach a bhí ag léirsiú Dé Domhnaigh ag iarraidh fáil réidh leis an uachtarán, Dilma Rousseff. Baineann sí sin le Páirtí na nOibrithe (PT), páirtí de chuid na heite clé atá i gcumhacht le trí bliana déag anuas agus a d’fheabhsaigh caighdeán saoil na scórtha milliún bochtán sa tír ach atá fite fuaite le scanaill chaimiléireachta ollmhóra freisin.

Níl aon fhianaise ann, áfach, go bhfuil baint ag an uachtarán Dilma Rousseff í féin leis na scanaill seo. Go dtí go n-aimseofaí a leithéid, gníomh mídhaonlathach a bheadh ann táinseamh a dhéanamh uirthi.

Sin an dearcadh atá ag na scórtha míle Brasaíleach a chuaigh amach ar na sráideanna Déardaoin chun tacú leis an rialtas agus éadaí dearga orthu, dath Pháirtí na nOibrithe agus na gceardchumann.

Mar is léir ón difear ollmhór idir líon na ndaoine a ghlac páirt sna léirsithe frithrialtais (ocht gcéad míle duine) agus líon na ndaoine a chuaigh amach ar na sráideanna chun tacú leis an rialtas (céad míle duine ar a mhéad), ní mó ná sásta atá móramh sa Bhrasaíl leis an uachtarán Dilma Rousseff. Go deimhin, tá a ráta sástachta tite faoi bhun an deich faoin gcéad. Ní hiad na scanaill chaimiléireachta amháin lena bhfuil a páirtí luaite ach an cúlú eacnamaíochta sa tír is cúis leis sin; tá ardú ar phraghasanna agus ar an ráta dífhostaíochta araon.

An ndéanfar táinseamh ar an gcéad bhean a toghadh ina huachtarán ar an tír, mar atá na céadta míle duine ag éileamh? Go dtí go n-aimseofaí fianaise láidir ina coinne, níor cheart go dtarlódh a leithéid. An seasfaidh an t-arm isteach, mar a theastaíonn ó mhionlach, agus mar a tharla sa bhliain 1964? Tá an seans sin níos lú fós, ach i dtír a chaith leath den fhichiú haois faoi réimis éagsúla mhídhaonlathacha, ní haon iontas é go bhfuil an fhéidireacht á lua.

Is í an cheist ná seo: an mbeidh Dilma Rousseff í féin in ann don bhrú ollmhór atá uirthi, ní hamháin ar na sráideanna agus sna pobalbhreitheanna ach i dtithe an rialtais freisin, áit a bhfuil sí ag brath ar bhaill chomhrialtais den uile dhath a chaithfear a choinneáil sásta?

Is í an fhírinne shearbh ná gur beag duine sa Bhrasaíl a shilfeadh deoir dá n-éireodh sí as oifig as a stuaim féin.

Fág freagra ar 'An bhfuil an daonlathas i mbaol sa Bhrasaíl?'

  • PólRéamonn

    Nach mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ag tarlú an bhliain seo chugainn i Rio chun na daoine a choinneáil sásta?

  • Fearn

    Cibé mar gheall ar daonlathas i mbaol sa Bhrasaíl, níl an cruibín cam i mbaol agus Dilma Rousseff’, an tUachtarán, Luiz Inácio Lula da Silva, an tIarUachtarán agus Eduardo Cunha, an Ceann Comhairle fá drochamhras.