An béaloideas ‘blasta’ – cartlann nua faoi bhia na hÉireann seolta ar líne

Comhfhiontar é Blasta.ie idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann

An béaloideas ‘blasta’ – cartlann nua faoi bhia na hÉireann seolta ar líne

Tá suíomh nua dátheangach seolta agus é i gceist go mbeadh sé ina chartlann dhigiteach d’oidis agus d’oidhreacht bhia na hÉireann.

Comhfhiontar é Blasta.ie idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann, agus é mar aidhm acu eolas a bhailiú agus a chur ar fáil don phobal faoi oidis, fearas cistine agus an béaloideas a bhaineann le bia sa tír seo.

Nithe a thugann léargas ar stair agus ar chultúr bia na tíre le 150 bliain atá á lorg don togra agus deirtear ar an suíomh go gcuirfear fáilte roimh oidis ó sheanleabhair nó oidis a tháinig slán ó bhéal go béal leis na cianta.

Iarrtar ar dhaoine grianghraif a thógáil chomh maith d’aon seanfhearas cistine atá acu agus eolas a chur ar fáil faoin úsáid á bhaintí as.

Dúirt duine de na daoine a bhfuil baint acu leis an dtogra, an staraí i réimse an bhia Máirtín Mac Con Iomaire go bhfuiltear ag lorg “rud ar bith” a thugann léargas ar nósanna bia mhuintir na hÉireann.

“Rachaidh an t-ábhar ar fad i dtreo cartlann dhigiteach a thabharfar ar láimh do Chnuasach Bhéaloideas Éireann a mbeidh glúnta amach anseo in ann sult a bhaint aisti,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Tá sé i gceist sraith teilifíse a léiriú bunaithe ar an togra agus an tsraith sin a chraoladh ar TG4 amach anseo.

Dúirt Laura Ní Cheallaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, go raibh ríméad ar TG4 a bheith ag obair ar thogra a thabharfadh “léargas as an nua ar shean-nósanna cócaireachta agus ar shean-oidis.”

“Chomh maith le sraith teilifíse a dhéanamh a bheidh tarraingteach agus taitneamhach, an rud is tábhachtaí faoin tionscadal seo ná go dtarraingeoimis ar eolas agus ar thaithí phobal na hÉireann – na cartlannaithe agus na scéalaithe is fearr atá againn – chun an ghné thábhachtach seo den oidhreacht a chaomhnú,” a dúirt Ní Cheallaigh.

Dúirt Jonny Dillon ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann go raibh súil aige go gcuirfí leis an eolas atá ar fáil faoi sheanchas agus nósanna na hÉireann ó thaobh an bhia de.

“Ag deireadh an tionscadail, déanfar gach ábhar ón bpobal ar láithreán gréasáin ‘Blasta’ a chartlannú agus a choinneáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,” arsa Jonny Dillon.

Is ceann de na cartlanna béaloidis agus cultúir is mó san Eoraip é Cnuasach Bhéaloideas Éireann, agus áiríodh é ar Chlár Cuimhní an Domhain UNESCO anuraidh.

 

Fág freagra ar 'An béaloideas ‘blasta’ – cartlann nua faoi bhia na hÉireann seolta ar líne'