An baol d’Fhianna Fáil go bhfanfaidh siad ródhéanach chun iad féin a shábháil

Tuigeann roinnt mhaith daoine i Fianna Fáil cad is géarchéim eisiach ann mar tá a leithéid buailte leo

An baol d’Fhianna Fáil go bhfanfaidh siad ródhéanach chun iad féin a shábháil

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY

Níl a fhios agam an dtuigeann Béarlóirí céard is brí le existential crisis nó an dtuigeann Gaeilgeoirí céard is brí le géarchéim eisiach mar a thugann Ó Dónaill air. Ach tuigeann roinnt mhaith daoine i bhFianna Fáil go maith é mar níl aon fhreagra acu ar an gceist an ann nó as a bheidh an páirtí amach anseo.

Ag scríobh san Sunday Independent, rinne Willie O’Dea, an Teachta Dála as cathair Luimnigh, a ghearán leis na ríthe.

“Táim iontach buartha faoi thodhchaí an pháirtí a raibh baint ag mo mhuintir leis ó bunaíodh é. Tá baol mór ann go laghdófar muid go dtí pointe nach mbeidh d’ionadaithe sa Dáil againn ach scata beag daoine agus a líon ag dul in ísle, dream a bheidh ag breathnú thart i ndiaidh gach toghchán le fáil amach cé dó a bheidh muid inár bpludgharda an uair seo. Ní hé seo an páirtí a ndeachaigh mise leis. Nó ní hé sin an páirtí ar mhaith liom a bheith bainteach leis,” arsa O’Dea.

Má bhreathnaíonn muid ar na pobalbhreitheanna ó thús na bliana – ocht gcinn díobh sna meáin mhóra – tá tacaíocht 15% ag Fianna Fáil ar an meán. I bhfad taobh thiar de Shinn Féin agus Fine Gael, atá ar 30%. Sa gceann ba dheireanaí ag Red C ní raibh ach 11% ag Fianna Fáil.

Ní nach ionadh bíonn tionchar mór ag na figiúirí seo ar mheanma an pháirtí, cé go deir Micheál Martin nach gcuireann siad isteach ná amach air. Deir O’Dea, ámh, go gcuireann siad isteach airsean agus orthu siúd a théann amach ag stocaireacht don pháirtí.

Tá an figiúr seo comh seasmhach gur léir go bhfuil athrú mór ag teastáil le go mbeadh an páirtí in ann dul i gcion ar an bpobal arís. Ach cén t-athrú?

Faoi cheannaireacht Mhichíl Martin faoi Shinn Féin a fágadh é dearcadh dearfach a bheith acu i dtaobh athaontú na tíre. Ach tá bá Fhianna Fáil leis na daoine is mó faoi mhíbhuntáiste géillte freisin.

Deir James O’Connor, Teachta Dála óg as oirthear Chorcaí, nach bhfuil gean ag daoine óga ar an bpáirtí toisc nach bhfuil an páirtí ag freastal ar a bhfuil ag teastáil uathu, go háirithe maidir le tithíocht.

Cáineann sé polasaí an pháirtí mar atá sé á chur chun cinn ag Darragh O’Brien toisc, dar leis, nach dtugtar deis do dhaoine óga úinéireacht a bheith acu ar theach. Is cuma má tá airgead maith acu, ní féidir leo morgáiste a fháil.

Is ar éigean go n-éireoidh le Fianna Fáil polasaithe nua a thabhairt isteach, go háirithe maidir le hathaontú na tíre, an fhaid is a fhanann Micheál Martin mar cheannaire.

Ach an ndéanfadh sé aon mhaith dáiríre dóibh ceannaire nua a fháil, nó an bhfuil ceist níos bunúsaí ann anois?

An cheist sin ná, cén ról a d’fhéadfadh a bheith ag Fianna Fáil má bhíonn Sinn Féin ag labhairt thar a gceann siúd atá bródúil as a bPoblachtachas, nó atá ag iarraidh saol compordach a bheith acu, agus má bhíonn Fine Gael ag labhairt thar ceann na meánaicme, atá sásta go maith le cúrsaí mar atá?

Cinnte ní thiocfaidh aon bhiseach suntasach ar chúrsaí ar an toirt le ceannaire nua murar féidir ról soiléir fiúntach a fháil don pháirtí. Ach ní argóint í sin ar son fanacht agus ligean do chúrsaí leanúint ar aghaidh mar atá.

Tógfaidh sé tamall maith a oibriú amach cén ról a d’fhéadfadh a bheith ag an bpáirtí, sin más féidir ar chor ar bith é. Ach a luaithe a chuirfear tús leis an bplé, is fearr an seans go mbeidh an páirtí in oiriúint, ní don toghchán atá ag teacht ach don toghchán ina dhiaidh b’fhéidir.

Agus má tá Willie O’Dea buartha faoin bpáirtí a bheith ina phludgharda do pháirtí eile, níl aon dul as aige ag an bpointe seo. Is féidir leo fanacht le Fine Gael, ach sin slí an bháis.

Nó is féidir dul le Sinn Féin, agus a bhfréamhacha sa bpoblachtachas a athnuachan le comhghuaillíocht den chineál sin.

Bheadh baol do Shinn Féin, ámh, ina leithéid de chomhghuaillíocht, agus ní bheidh siad in ann mórán a ghéilleadh do Fhianna Fáil dá bharr.

Ar an taobh eile, cé atá ann a dhéanfadh an margadh le Sinn Féin? An mbeidh a ndóthain ann fiú más féidir iontaoibh a bheith astu?

Ar deireadh thiar, má tá an beart le déanamh agus ceannaire nua le fáil b’fhearr é a dhéanamh go luath agus gan fanacht go dtí go mbeidh an páirtí ceangailte ar fad le míréir Martin. B’fhearr gan fanacht go dtí go mbeidh sé ródhéanach.

Fág freagra ar 'An baol d’Fhianna Fáil go bhfanfaidh siad ródhéanach chun iad féin a shábháil'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá ceannaire ar son na beatha de-dhith.