‘An baol ann go ndéanfar an Ghaeilge a imeallú go buan mura gcuirtear cearta teanga i bhfeidhm’ – Uachtarán na hÉireann

Dúirt Uachtarán na hÉireann ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge gur faoi státseirbhísigh shinsearacha agus ardbhainisteoirí sa tseirbhís phoiblí a bheidh sé a chinntiú go gcuirfear an reachtaíocht teanga nua i bhfeidhm.

‘An baol ann go ndéanfar an Ghaeilge a imeallú go buan mura gcuirtear cearta teanga i bhfeidhm’  – Uachtarán na hÉireann

Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge Paula Melvin ag Ard-Fheis an Chonartha le hUachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus a bhean, Saidhbhín. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Deir Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, gur faoi státseirbhísigh shinsearacha agus ardbhainisteoirí sa tseirbhís phoiblí a bheidh sé a chinntiú go gcuirfear an reachtaíocht teanga nua i bhfeidhm.

Labhair an tUachtarán faoi chás na teanga sa saol poiblí ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a bhí ar siúl sa Ghaillimh ag an deireadh seachtaine.

Dúirt é go raibh “an baol ann” faoi láthair go ndéanfaí an teanga “a imeallú go buan”. Sa chás sin bheadh an “cúpla focal” fágtha “mar chomhartha siombalach den am atá caite ach bheadh gnó an stáit agus na seirbhísí poiblí a mbaineann gach saoránach leas astu á riar “beagnach go hiomlán trí Bhéarla”.

Dúirt an tUachtarán, ar bronnadh Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge air, go raibh sé “ríthábhachtach” go dtabharfaí aitheantas do cheart “iomlán” cainteoirí Gaeilge déileáil leis an stát ina teanga féin.

Níor chóir, a dúirt sé, ghlacadh “lena mhalairt” ná géilleadh gur “rud breise roghnach seachas ceart bunúsach” atá sa cheart sin, ar sé.

Is faoi bhaill shinsearacha den tseirbhís phoiblí a bheadh sé a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm na cearta atá luaite san Acht Teanga leasaithe.

“Mar sin, tá sé ríthábhachtach go rachaidís siúd a bhfuil freagracht orthu i ngleic leis an reachtaíocht nua, agus go gcinnteoidh siad go cruinn agus go daingean an tslí is fearr le líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú i ranna agus i ngníomhaireachtaí Rialtais, go ndéanfar úsáid na Gaeilge a éascú do dhuine ar bith arb í a rogha teanga í agus go gcuirfear an teanga i gceartlár agus i gcroílár an tsaoil phoiblí,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán gurb é achtú na reachtaíochta, ar chuir sé féin a lámh léi ag deireadh na bliana seo caite, an chuid ab fhurasta den chúram.

“Ar a lán slite, is é achtú na reachtaíochta an chuid éasca – cé gur pléadh líon suntasach leasuithe i ndíospóireachtaí a mhair cúig huaire is fiche thar thréimhse míonna sa chás sin.

“Is é an gnó is deacra anois a chinntiú go gcuirtear forálacha na reachtaíochta sin i bhfeidhm go dílis agus go hiomlán. Titeann an fhreagracht sin go príomha ar bhainisteoirí sinsearacha agus ar cheannairí eile sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Tá muinín agam go mbeidh siad inchurtha leis an dúshlán.”

Dúirt an tUachtarán gur “ócáid thábhachtach” a bhí ann ag tús na bliana seo nuair a baineadh lánstádas amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach ach go raibh gá cur le stádas na teanga ag baile breis is 10 mbliana ó foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Is ócáid thábhachtach é dóibh sin go léir a d’oibrigh chun go dtógfadh ár dteanga dhúchais a háit chuí le teangacha eile na hEorpa. Cé gur ábhar mórtais agus tábhachta an stádas idirnáisiúnta, ní laghdaíonn sé ar aon chaoi na dúshláin shuntasacha atá roimh ár dteanga dhúchais anseo sa bhaile.

“Tá os cionn deich mbliana caite ó sheol an Rialtas straitéis fiche bliain a bhí dírithe ar shochaí dhátheangach a fhorbairt, sochaí a mbeadh an oiread daoine agus ab fhéidir ábalta úsáid a bhaint as an mBéarla agus as an Ghaeilge leis an éascaíocht chéanna agus gan stró ar bith.

“Tá dhá bhliain déag caite ar an mbóthar sin agus tá turas nach beag le déanamh fós má táimid chun an fhís sin a fhíorú.”

Tá iarracht déanta dul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bhíonn ag pobal na Gaeilge agus iad ag plé leis an stát sa Bhille Teanga nua a achtaíodh ag deireadh na bliana seo caite. I measc na leasuithe atá sa bhille, tá leasú a leagann síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030 agus ceann eile a d’fhágfadh go mbeadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge.

Dúirt an tUachtarán go raibh cás na Gaeltachta agus cás na teanga sa saol poiblí “fite fuaite” lena chéile.

Fág freagra ar '‘An baol ann go ndéanfar an Ghaeilge a imeallú go buan mura gcuirtear cearta teanga i bhfeidhm’ – Uachtarán na hÉireann'