“An-sásta” a bhí múinteoirí Gaeilge na hArdteiste lena raibh ar Pháipéar Gaeilge 1 tráthnóna.
Bíonn neart ama ag daltaí do Pháipéar Gaeilge 1, agus dhá cheist le tabhairt fúthu acu ar an pháipéar, an chluastuisint agus aiste nó scéal nó díospóireacht.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Tríona Uí Mhurchú, múinteoir Gaeilge agus príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara, gur páipéar “an-deas” a bhí ann.
“Ní raibh aon rud doiléir i gceist leis an bpáipéar. Bhí rogha leathan aistí ann agus ábhair mhaithe, a bhí beagáinín difriúil.
“Dhírigh ceann de na haistí acu ar chumhacht na meán sóisialta, ceann eile ‘An bhfuil saol maith ag gach duine in Éirinn sa lá inniu?’, ceann eile faoi ‘Éire agus cúrsaí idirnáisiúnta’, rud a bhí go maith mar nár tháinig sé aníos le cúpla bliain.”
Bhí aiste ann faoin ‘phléisiúr agus an briseadh croí a bhain le spórt’, ceann “an-deas” dar le Tríona Uí Mhurchú, a thug “deis mhór mhillteach” do na daltaí “rudaí a chruthú”.
“An rogha dheireanach – ‘An saol in Éirinn anois agus mar a bheidh’ – d’fhéadfaidís scríobh faoi aon rud, deacrachtaí tithíochta faoin tuath, an t-athrú aeráide. Bhí éagsúlacht bhreá agus rogha mhaith ann,” a dúirt Uí Mhurchú.
Ní raibh aon údar gearáin aici faoin chluastuiscint a bhí “breá soiléir” agus a raibh “luas deas cainte” ag baint léi..
D’aontaigh Tony Ó Murchú, múinteoir Gaeilge agus príomhoide Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór, gur páipéar cothrom agus féaráilte a bhí i bPáipéar 1 na Gaeilge.
“Ní raibh aon rud ann a chuirfeadh as do mhac léinn. Le roinnt blianta anuas, tá teidil na n-aistí an-leathan agus bhí siad deas arís inniu. Bhí rud éigin ann a bheadh aon scoláire in ann ceangal a dhéanamh leis.
“Maidir leis na scéalta, dhírigh ceann acu ar an mothúchán ‘trua’ agus bhí rogha mhaith eile acu sa seanfhocal ‘Is maith an scéalaí an aimsir’ agus bhí díospóireachtaí ann.
“Ó mo thaithí féin, ní bheadh mórán daltaí ag tabhairt faoin díospóireacht, seachas dá mbeadh cúlra agat sa díospóireacht. Don dalta a bheadh ag roghnú na díospóireachta, bhíodar deas.
“Ní dóigh liom go mbeadh aon ghearán ag éinne faoin bpáipéar seo.”
Dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí, gur páipéar “an-fhéaráilte a bhí ann a mbeadh rochtain ag gach dalta air”.
“Bheadh na topaicí ullmhaithe ag na múinteoirí. Rud amháin a sheas amach ar an pháipéar, bhí faill ag daltaí tabhairt faoi cheist na díospóireachta mar gheall ar na ceisteanna a bheith soiléir agus ábhartha.”
Chuir Breathnach fáilte áirithe roimh na ceisteanna díospóireachta a bhí ar pháipéar na bliana seo.
“Ní mórán daltaí a thugann faoin díospóireacht toisc iad a bheith casta agus dothuigthe uaireanta ach i mbliana bhí faill ag daltaí orthu. ‘Is fearr dul ar saoire thar lear ná in Éirinn’ agus ceann eile faoin ‘ról atá ag an gceol i saol na ndaoine’, ábhar a spreagfadh daltaí tabhairt faoi,” a dúirt sé.
Dúirt Breathnach go raibh “dúshlán” roimh na daltaí a thug faoin scrúdú Ardteiste ag an ‘gnáthleibhéal’.
“Bhí roinnt de sin dúshlánach. Seans go gcuirfeadh cuid den fhoclaíocht as dóibh.
“Tá sé sin le feiceáil anois le cúpla bliain anuas go mbíonn an gnáthleibhéal ábhairín dúshlánach ó thaobh na gceisteanna agus na foclaíochta de,” a dúirt Breathnach.
Fág freagra ar 'AN ARDTEIST: Páipéar 1 na Gaeilge ‘cóir, leathan agus beagáinín difriúil’ '