An-aicsean déanta ar TG4 ag Ardal O’Hanlon agus ag a chomhairleoirí teanga agus scripte

Deir réalta ‘Father Ted’ gur fíorbheagán Gaeilge atá aige ach bhí sé breá nádúrtha agus é ar chamchuairt na n-oileán mar láithreoir sraithe nua ar TG4

An-aicsean déanta ar TG4 ag Ardal O’Hanlon agus ag a chomhairleoirí teanga agus scripte

Tá cad é bús faoin tsraith Inis na nIontas (TG4, Dé Céadaoin) ó  chualathas go raibh Ardal O’Hanlon earcaithe le tabhairt faoi. Éacht de shaghas é do stáisiún i dteanga mhionlaigh réalta amhail O’Hanlon a fháil mar láithreoir don tsraith trí chlár seo a thabharfaidh turas ar oileáin na hÉireann.

Cé gur rugadh agus tógadh é i gcontae gan cósta Mhuineacháin, bhí dáimh riamh aige le hoileáin. Canathaobh ná beadh mar, faoi mar a admhaíonn sé féin, thuill sé a chrústa mar aisteoir i saothair drámaíochta a bhí suite ar oileáin, Father Ted agus Murder in Paradise?

Admhaíonn O’Hanlon féin go bhfuil sé ar aistear ar ais chun na Gaeilge agus amhail Tommy Tiernan roimhe tá an-iarracht déanta aige leis an teanga sa tsraith seo. Tá an-mholadh ag dul dá chomhairleoir teanga Diarmuid de Faoite agus don mhaoirseoir scripte Simon Ó Faoláin. Tá spás ann dá leithéid seo d’fhiontar ó thaobh Gaeilge an láithreora a fhad is atá cothromaíocht i gceist sa sceideal. Láithreoir cuileachtaúil nádúrtha é O’Hanlon agus tá na haíonna ar a gcompord ina fhochair. Tuairim is leath acu a labhair as Gaeilge.

Tá sé i gceist ag Ardal camchuairt oileán a dhéanamh ó Reachlainn ó thuaidh go dtí Cléire ó dheas. I gclár na Céadaoin d’ardaigh sé a sheolta chuig Reachlainn, Toraigh agus Árainn Mhór.

Tá borradh faoi iomaire na gclár taistil, nádúir, tírdhreacha agus pobail seo. D’fhéadfaí comparáidí a rianú idir an saothar seo agus saothair amhail An Cósta Thiar le hÁine Ní Bhreisleáin nó fiú Bailte nó saothar Eoin Warner.

Fanann an clár seo leis an múnla seanbhunaithe. Déantar seatanna cuidsúlacha den tírdhreach agus an fiadhúlra a chniotáil le paistí cainte le daoine áitiúla faoin saol, stair agus cultúr. Mór an trua nár deineadh níos mó plé ar staid agus meath na Gaeilge ar na hoileáin éagsúla. D’féadfadh an teanga a bheith mar shnáth uama eile ag an tsraith, go mórmhór agus sinn ag triall ar Oileáin Árann agus an Blascaod sna gálaí atá le teacht.

Téama a tháinig chun cinn go minic ná go bhfuil inmharthanacht na n-oileán fé bhagairt ag an eisimirce. Tuairim is 150 duine atá ar Reachlainn, beagán níos lú ná sin ar Thoraigh agus faoi bhun 500 ar Árainn Mhór. Meabhraíodh dúinn go raibh tuairim is 2,000 duine ar Árainn Mhór sa naoú haois déag. Ar oileán beag amach uaidh, Inis Caorach, nach bhfuil ach dhá chiliméadar cearnach, bhí dhá theaghlach déag ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal tráth. Díol suntais go gcuaigh cuid mhaith de mhuintir an oileáin ar imirce chuig Oileán Beaver ar Loch Michigan i gcaitheamh na mblianta. Oileánaigh ag triall ar oileán.

Tá na hoileánaigh ag seasamh an fhóid, iad ag fás is ag baint ceilpe agus ag forbairt na turasóireachta fiadhúlra.

Go deimhin chuir muintir Árainn Mhóir litir oscailte os comhair an tsaoil ag tathant ar dhaoine ar fud na cruinne bogadh abhaile chuig an bhfód dúchais. Scaipeadh an scéal go rábach ar na meáin shóisialta.

Sraith thaitneamhach chuidsúlach.

Fág freagra ar 'An-aicsean déanta ar TG4 ag Ardal O’Hanlon agus ag a chomhairleoirí teanga agus scripte'