An 50ú bonn uile-Éireann ag dul go dtí cumann caide na Gaeltachta

Tá Brian Ó Beaglaoich ag imirt leis an gcontae ó 2016 agus bhí fear na Carraige ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír i gcraobh na bliana seo

An 50ú bonn uile-Éireann ag dul go dtí cumann caide na Gaeltachta

Tá an 50ú bonn uile-Éireann ag dul go dtí cumann caide na Gaeltachta in iarthar Duibhneach i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh.

Brian Ó Beaglaoich an duine is déanaí ón gclub beag Gaeltachta a bhuaigh craobh uile-Éireann.

Ag labhairt dó le Tuairisc an tseachtain seo, dúirt Ó Beaglaoich gur mór an onóir dó cur le stór bonn a chumainn.

“Ciallaíonn sé na haon rud domsa. Rud is ea é a theasatigh uaim a dhéanamh ó bhíos i mo leaid óg agus tá  sé déanta ar deireadh. Thosnaíos leis na sinsir in 2016 agus tamall fad é sé bliain gan faic a bhuactaint le Ciarraí.

“Is rud an-mhór é dos na clubanna chomh maith. Ní bheimis in aon áit gan ár gclubanna agus tá baint mhór ag Cumann Caide na Gaeltachta leis seo chomh maith. Táim ana-bhuíoch do na haon duine ón gclub a chabhraigh liom ó bhíos sé bliana d’aois.”

Seosamh Ó Súilleabháin ó Bhaile an Ghóilín an chéad duine ón nGaeltacht a bhuaigh bonn uile-Éireann, gaisce a dhein sé ceithre bliana i ndiaidh a chéile, i 1929, 1930, 1931 agus 1932.

Rónán Ó Flatharta as Tíorabháin an duine deireanach ón gcumann a bhuaigh craobh shinsir na hÉireann le foireann caide na Ríochta agus boinn aige ó 2004, 2006 agus 2007.

As an gCarraig do Bhrian Ó Beaglaoich agus trí cinn de bhoinn uile-Éireann atá buaite anois ag daoine ón mbaile fearainn beag sin. Is ón áit chéanna Aodhán Mac Gearailt ar éirigh leis craobh na hÉireann a bhuachan faoi dhó le Ciarraí, in 2000 agus in 2006.

Tá Brian Ó Beaglaoich ag imirt leis an gcontae ó 2016 agus bhí fear na Carraige ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír i gcraobh na bliana seo.

Bhuaigh sé bonn uile-Éireann le mionúir Chiarraí in 2014 nuair a bhí ógánaigh an chontae faoi cheannas Jack O’Connor ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ba é O’Connor a bhí i bhfeighil ar fhoireann shinsir an chontae nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar an nGaillimh chun an 38ú craobh a bhuachan don Ríocht, an ceathrú babhta ag fear na Dromada craobh na hÉireann a bhuachan mar bhainisteoir.

Níorbh é Ó Beaglaoich an t-aon duine ó iarthar Duibhneach a bhí ar fhoireann Chiarraí i mbliana. Chuir Paul Geaney agus Tom O’Sullivan le stór bonn an Daingin chomh maith agus bhí Diarmuid Murphy, ón gcumann céanna, ar dhuine de roghnóirí na foirne. Bhí Éanna Ó Conchúir ó Bhaile na nGall ar mhórphainéal na Ríochta chomh maith i mbliana.

Ní le Ciarraí amháin a bhuaigh fir na Gaeltachta boinn uile-Éireann. Leis an nGaillimh a bhí Micheál Feiritéar ó Chathair Caoin nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann i 1934 agus bhí Seosamh Mac Gearailt ó Bhaile na nGall ina chaptaen ar fhoireann Átha Cliath a bhuaigh craobh na hÉireann i 1942.

50 bonn na Gaeltachta

Seosamh Ó Súilleabháin 
(Baile an Ghóilín) 1929, 1930, 1931, 1932

Micheál Feiritéar 
(Cathair Caoin) 1934 leis an nGaillimh

Seosamh Mac Gearailt 
(Baile na nGall) captaen 1942 (le hÁth Cliath)

Dómhnall Ó Caomhánaigh 
(Dún Chaoin) 1946

Batt Ó Gairbhia 
(Baile a’ Chóta) 1946

Breandán Ó Séaghdha 
(Clais) 1953

Micheál Ó Murchú 
(Ráth Fhionáin) 1955

Tomás Ó Lubhaing 
(Cill na gColmán) 1959 & 1962

Séamus Mac Gearailt 
(Baile an Mhórdhaigh) 1969 & 1970

Micheál Ó Séaghdha 
(Ard na Caithne) 1969 & 1970

Páidí Ó Sé 
(Ard a’ Bhóthair) 1975, 1978, 1979, 1980, 1981, 1984, 1985 (C), 1986

Seán Ó Luing 
(Fán) 1975

Dara Ó Cinnéide 
(Baile na hAbha) 1997, 2000, 2004 (C)

Darragh Ó Sé 
(Ard a’ Bhóthair) 1997, 2000, 2004, 2006, 2007, 2009

Tomás Ó Sé 
(Ard a’ Bhóthair) 2000, 2004, 2006, 2007, 2009

Aodán Mac Gearailt 
(An Charraig) 2000, 2006

Marc Ó Sé 
(Ard a’ Bhóthair) 2004, 2006, 2007, 2009, 2014

Rónán Ó Flatharta 
(Tíorabháin) 2004, 2006, 2007

Brian Ó Beaglaoich
(An Charraig) 2022

 

Fág freagra ar 'An 50ú bonn uile-Éireann ag dul go dtí cumann caide na Gaeltachta'

  • Anne Marie

    Comhghairdeachas le Brian agus Cumann Caide na Gaeltachta