An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid II, 10-1)

Leanann Dónall Ó Braonáin dá rogha siúd den scór leabhar Gaeilge do dhaoine fásta is fearr a foilsíodh i mbliana

An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid II, 10-1)

10. Cadhnaíocht: Aistí ar Mháirtín Ó Cadhain, Aindrias Ó Cathasaigh, Coiscéim, €12.50

Tá saothrú scrupallach agus seasta á dhéanamh ag Aindrias Ó Cathasaigh le fada ar chorpas scríbhinní Uí Chadhain, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, agus tá eolas mion agus luachmhar sna haistí seo dá bharr. Is ceacht sa mbleachtaireacht liteartha atá in ‘Portráid den ealaíontóir i ngleic leis an nGúm’ ina bpléitear grianghraf amhrasach a foilsíodh ar atheagrán den chnuasach ‘An Braon Broghach’ i 1968. Cén bhaint a bhí ag an gCadhnach le Christine Keeler i 1963? Léigh leat go bhfeicfidh tú!

9. Éadaoin: Seacht Snaidhm na Seirce, Diarmuid Johnson, Leabhar Breac, €16

Nuacheapadóireacht ar sheantéama atá sa gcóiriú seo de scéal Éadaoine, mórscéal grá ó aimsir na Sean-Ghaeilge a bhfuil mantanna móra ag baint lena sheachadadh. A bhuíochas do phrós fuinte agus fíochán fileata Dhiarmuid Johnson, tá reacaireacht ealaíonta leanúnach curtha ar fáil do léitheoirí an lae inniu. Fágann an chumadóireacht chúramach, an fhorbairt a dhéantar ar théamaí agus an laoi filíochta ‘Mé Éadaoin’ gur saothar ealaíne ina cháilíocht féin é an foilseachán seo: ‘Mé Éadaoin, is sean mo dhán, chéasas rí, charas leannán.’

8. Covid-19 in 2020, Bernie Ó Conaill & Frainc Mac Brádaigh, FÁS, €10

Má bhí an saol féin ina chadás i mbliana tá faoiseamh le fáil sna haistí líofa seo ó údair éagsúla atá i mbun marana agus críonnachta faoin mbail a d’fhág Covid-19 orainn go léir in 2020. Tugann Gearóidín Nic an Iomaire togha an léargais ar an gcaoi arbh éigean do mheitheal spóirt an Raidió teacht aniar ón scrios a rinneadh ar imeachtaí spóirt i mbliana. Bhí iriseoirí nuachta sa tsáinn chéanna mar a mhíníonn Irene Ní Nualláin agus roinneann an Garda Colm Breathnach agus an Dochtúir Méabh Ní Dhiarmada cé mar a d’fháisc an saol nua ar a gceirdeanna siadsan. Buanna an tsaothair ná gontacht na bpíosaí, úire na smaointeoireachta agus tóir na scríbhneoirí ar léas an dóchais.

7. Idir Dhá Mhúr, Mairéad Ní Chonaola, Coiscéim, €7.50

Is minic le héisteoirí Raidió na Gaeltachta a bheith ag éisteacht le saibhreas cainte Mhairéad Ní Chonaola as Doire Choill, Casla, ach is féidir le léitheoirí breith ar a cuid filíochta anois. Caitear lá, saol agus aimsir dár mbuíochas agus cíorann Mairéad tábhacht an aistir sin ar bhealach dúchasach, domhain agus díreach. Tá go leor de na dánta gairide bunaithe ar aird, aireachas agus grinneas géarchúise a thugann ceart don nádúr, don timpeallacht agus don duine. Barr taoide tuisceana, lán mara machnaimh.

6. Tom a’ tSeoighe: Amhráin, Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta, CIC, €20

Is maith an scéal dúinn uile é gur casadh eagarthóirí agus foilsitheoir a dhiongbhála ar Tom a’ tSeoighe agus tá leathchéad amhrán curtha i ndiaidh a chéile ag Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta sa leabhar álainn seo agus 34 rian ar an dá dhlúthdhiosca a théann leis. Tá smais agus slacht ar an réamhrá, na téacsanna, na tras-scríbhinní ceoil, na nótaí agus an obair ealaíne. Tá sciob sceab ar an leabhar seo cheana féin, cruthúnas eile fós ar thóir mhuintir na nOileán agus Chonamara trí chéile ar an éigse bhéil agus ar amhráin Tom a’ tSeoighe go speisialta.

5. Múscail a Ghiorria, Eithne Ní Ghallchobhair, Arlen House, €13

Saothar fileata ar geall le heipic ghairid é. Baintear an-leas as an ngiorria mar shamhail agus mar ghléas scéalaíochta le go léireofaí an choimhlint idir sean agus nua, idir nádúr agus mínádúr. Glacann an giorria riocht Caillí sa scéal agus is iontach mar a ríomhtar ceisteanna cumhachta agus cultúir sa teannadh teanga agus sa gclaochlú miotaseolaíochta. Rannaíocht shnasta spreagúil.

4. Cur i gCéill, Celia de Fréine, LeabhairComhar, €12

Timpiste thubaisteach nó dúnmharú? Nuair a bháitear cailín óg amach ó Ros an Mhíl tá an síceolaí fóiréinseach Cass Ó Caoimh go mór in amhras faoin scéal. Níl sise ná an bleachtaire atá i mbun fiosraithe ar aon tuairim faoin gcás agus fágtar faoi Chass dul go bun an angair í féin. Lón maith léitheoireachta don dúluachair dhubh dhorcha atá sa gcoirscéinséir seo ó pheann Celia de Fréine.

3. An Ghaeilge sa Dlí, Dáithí Mac Cárthaigh, Leabhar Breac, €30

Ní minic saothair theicniúla ar liostaí den chineál seo ach seo sárfhoilseachán arbh fhiú mionstaidéar a dhéanamh air. Téacsleabhar toirtiúil é (18 caibidil + aguisíní) a mhíníonn seasamh oifigiúil na Gaeilge faoin mBunreacht go cuimsitheach. Déantar breithiúnais agus cinntí cúirte a mheá go tomhaiste freisin agus baintear brí as fasaigh ar shlí shothuigthe agus iontaofa. Is éachtach an lear eolais agus anailíse atá curtha i ndiaidh a chéile go stuama soiléir ag Dáithí Mac Cárthaigh i bpáirt leis an eagarthóir comhairleach, Séamus Ó Tuathail AS.

2. Bealach na Spáinneach, Liam Mac Cóil, Leabhar Breac, €15

Leanann Lúcás Ó Briain dá aistear chun na Róimhe le litir rúnda san úrscéal staire seo ar sméar mhullaigh thríológ Liam Mhic Cóil é. Feidhmíonn an téacs ar leibhéil éagsúla. Cé gur fadscéal eachtraíochta é, tá tráchtaireacht ann freisin ar bhunú chultúr intleachtúil na Nua-Ghaeilge, aighneasóireacht chreidimh na mór-roinne sa 17ú haois agus borradh na féiniúlachta náisiúnta. Is iontach mar a chuirtear saol, cúraimí agus cultúr na ndaoine i láthair chomh maith. Gaisce físe agus scríbhneoireachta An Litir, I dTír Strainséartha agus Bealach na Spáinneach a bheith ar fáil dúinn.

1. Concise English – Irish Dictionary, Eag. Pádraig Ó Mianáin, Foras na Gaeilge, €30

Áis tagartha údarásach, eiseamláir den léann teanga, foilseachán den chéad scoth. Is mór an gar don fhoghlaimeoir agus don teangeolaí araon na samplaí iomadúla agus an éagsúlacht teanga sna hiontrálacha. Tá na haistí ar an aistriúchán agus cineálacha teanga san fhorlíonadh ar fheabhas – agus leaganacha Gaeilge díobh ar fáil ar shuíomh an fhoclóra – agus baineann soiléire agus siosmaid leis na táblaí gramadaí agus an modh eagair. Tá moladh fras agus fuíoch ag dul don eagarthóir agus foireann an tionscadail, agus do cheannaireacht an Fhorais ó bunaíodh é, as fód a sheasamh don fhoclóireacht.

An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020…

Fág freagra ar 'An 20 leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh in 2020… (cuid II, 10-1)'