Amú san Aistriúchán…(16)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú

A chairde Gael, tá áthas orainn a fhógairt an tseachtain seo nach bhfuil na hUltaigh foirfe mar a ceapadh go dtí seo. Is é seo an chéad eagrán de ‘Amú san Aistriúchán’ ó Chúige Uladh!

An chéad dúshlán eile ná sampla de dhea-Ghaeilge a aimsiú ar Mhór-Roinn eile…

John Doherty a chur chugainn pictiúr na seachtaine seo aduaidh ó Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall.

An Áit: Bóthar Bhaile Raithin, Leitir Ceanainn

An Béarla: Wait for green

An Ghaeilge: Fanacht glas

Focal ó na moltóirí: Ar an gcéad dul síos, an tiománaí a dteastaíonn comhartha mar seo uaidh, níor cheart go mbeadh sé ar na bóithre. Cén duine nach dtuigfeadh, ar fheiceáil solas dearg dó, gur chóir dó fanacht go bhfeicfidh sé solas glas sula dtiomáinfidh sé leis an athuair?

Ar an dara dul síos, níl bun ná barr leis an leagan Gaeilge. An cineál fanachta é an ‘fanacht glas’? An bhfuil céimeanna ann? Fearacht an chearáité, an dtiocfaidh an fanacht gorm tar éis an fhanachta ghlais? Cé na scileanna feithimh a theastaíonn go mbainfí ‘fanacht dubh’ amach?

Nó an amhlaidh go bhfuil siad ag cur comhairle ar dhaoine a thréig an Comhaontas Glas sa toghchán deireanach ‘fanacht glas’?

Nó an comhairle í don té a bheadh ábhairín ‘glas’ gan ligean do chúramaí an tsaoil an bonn a bhaint dá shoineantacht?

An leagan ceart: Mar a dúirt muid – níor cheart go dteastódh comhartha dá leithéid ach sa chás go dteastódh: ‘Fan go mbeidh an solas glas’ nó rud éigin mar sin.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(16)'