Amhráin ó sheomra na nuachta… Rís beo ó oifigí Tuairisc.ie!

Beidh ceolchoirm speisialta a taifeadadh in oifigí Tuairisc.ie á craoladh amárach

RíS

Beidh teacht ar an suíomh seo tráthnóna amárach ar fhíseán de cheolchoirm speisialta leis an mbanna Rís a taifeadadh in oifigí Tuairisc.ie i mBearna na Gaillimhe.

Beidh Amhráin ó sheomra na nuachta: Rís beo! ar fáil amárach ar Tuairisc.ie agus é á chraoladh i gcomhar le Seachtain na Gaeilge.

Banna ceoil comhaimseartha Gaeilge ó Ghaeltacht Chonamara iad Rís a chuir a dtríú halbam, Yahú, amach anuraidh.

Mar is dual don bhanna seo, idir mhagadh agus dáiríre a bhí an t-amhránaí agus giotáraí Breandán Ó hEaghra agus é ag trácht ar an leatrom a dhéantar ar Rís agus ar na buanna atá acu thar bhannaí eile ‘Gaeilge’.

“Ceol ón gcroí, ón intinn agus ón anam atá againne agus ní díreach ceol atá tarraingthe ó chairteacha an lae agus é measctha suas, mar a bhíonn ag na latchikos eile.

“Táimid thar a bheith sásta a bheith ag racáil linn i mBearna áit a bhfuil na boicíní ar fad, go háirithe boicíní Tuairisc.ie. B’fhéidir lá éicint go dtabharfaí beagán airde orainn níos faide siar sa bhfíor-Ghaeltacht, áit a bhfuil monaplacht iomlán ag Cillín ar an ‘circuit’ faoi láthair,” a deir Breandán Ó hEaghra.

Deir fear na Ceathrún Rua go bhfuil sé ag súil go mbainfidh Gaeil i bhfad agus i gcéin sult as an gceolchoirm a chraolfar amárach.

“Ar cheart dom rud éicint dáiríre a rá? Bhuel, tá súil againn go dtaitneoidh na hamhráin seo ó sheomra na nuachta le daoine. Bíonn rac-cheol breá bríomhar againn atá fréamhaithe sa cheantar as a dtagann muid.”

Dúirt Bainisteoir Idirlín Tuairisc.ie Ciarán Ó Súilleabháin go bhfuil sé i gceist ag lucht an tsuímh taifeadadh a dhéanamh amach anseo ar a thuilleadh bannaí ceoil i saol na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Amhráin ó sheomra na nuachta… Rís beo ó oifigí Tuairisc.ie!'