Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024 fógartha

D’fhógair Conradh na Gaeilge na hambasadóirí d’fhéile na bliana seo ag ócáid i mBaile Átha Cliath inniu

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024 fógartha

Is iad an láithreoir Gráinne Seoige, an réalta TikTok Kayleigh Trappe agus an láithreoir raidió Aindriú de Paor atá ainmnithe mar Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024.

Fógraíodh an triúr ag seoladh speisialta tráthnóna i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Beidh Seachtain na Gaeilge le Energia 2024 á reáchtáil arís i mbliana idir an 1-17 Márta.

Láithreoir teilifíse aitheanta í Gráinne Seoige, arb as an Spidéal i gConamara ó dhúchas di. Tá cáil bainte amach ag Kayleigh Trappe, arb as contae Mhuineacháin ó dhúchas di, le blianta beaga anuas as na físeáin atá déanta aici ar an ardán TikTok. Is láithreoir é Aindriú de Paor, arb as Tiobraid Árann dó, a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ 2FM, RTÉ Sport agus Spórt TG4.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh, go raibh “scéalta thar a bheith suimiúil” ag an triúr maidir lena dtaithí ar an nGaeilge agus go mbeadh na scéalta sin á roinnt acu le linn na féile.

“Táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil sa phobal, sa Ghaeltacht, ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin le linn na féile. Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia do ghrúpaí agus do phobail fud fad na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile,” a dúirt Mac Lochlainn.

Seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia go hoifigiúil san ionad siopadóireachta i mBaile Bhlainséir Dé Sathairn, an 24 Feabhra, 2024.

Tá Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ó 1902.

Faigheann an fhéile tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Energia.

Fág freagra ar 'Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024 fógartha'