Alan Dukes a chéadspreag an tuairim gur cheart Coláiste Oideachais a dhúnadh

CÁIPÉISÍ STÁIT 1985: Ba i mír in aighneacht faoin teideal ‘waste in third level’ a moladh go ndúnfaí ceann de na mórcholáistí oideachais – Coláiste Mhuire gan Smál, Coláiste Phádraig nó Coláiste Dhún Chéirí

Alan Dukes. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Alan Dukes. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Ba é Alan Dukes a chéadspreag an tuairim gur cheart Coláiste Oideachais Dhún Chéirí a dhruid. Sin é an tátal atá le baint as comhad de chuid Roinn an Taoisigh ó 30 bliain ó shin atá scaoilte saor ag an Chartlann Náisiúnta anois.

In Eanáir na bliana 1986, tháinig cinneadh an rialtais an coláiste a dhúnadh aniar aduaidh ar an phobal agus reáchtáladh go leor agóidí faoin scéal na míonna beaga ina dhiaidh sin. Cáineadh Aire Oideachais an ama, Gemma Hussey, go forleathan as ucht na láimhseála a rinne sí ar an scéal. Go deimhin, bogadh í go dtí an Roinn Leasa Shóisialaigh san atheagar a déanadh ar an Chomhaireacht an mhí ina dhiaidh sin.

Ach léiríonn comhad de chuid Roinn an Taoisigh ón bhliain roimhe sin gur ón Roinn Airgeadais a tháinig an moladh chun coláiste oideachais a dhruid i dtús ama. Is léir anois go raibh ceann amháin de thrí choláiste san áireamh le druidim – Coláiste Dhún Chéirí, ar an Charraig Dhubh, Co Átha Cliath; Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach nó Coláiste Phádraig Droim Conradh

Is é cúlra an scéil ná gur chuir an tAire Oideachais, Gemma Hussey, meamram cuimsitheach faoi bhráid an rialtais ar an 24 Bealtaine, 1985, i leith Clár Caipitil don Oideachas Tríú Leibhéal. Bhí sí ag moladh go mbunófaí trí Choláiste Reigiúnda Teicniúil úr sa phríomhchathair – i dTamhlacht, i nDún Laoghaire agus i mBaile Bhlainséir. Chruthódh a leithéid 3,200 áit úr do mhic léinn.

Lena chois sin, mhol sí go ndéanfaí méadú ar NIHE (nó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar atá air anois) agus go bhforbrófaí Scoil Fiaclóireachta do Choláiste na Tríonóide ar shuíomh Ospidéal San Séamus.

Chuir sí na moltaí seo faoi bhráid na ranna rialtais éagsúla agus tháinig aighneacht láidir ar ais ón Roinn Airgeadais ina leith. Bhí an státchiste folamh go leor ag an am agus bhreathnaigh an Roinn ar dhóigheanna eile le teacht ar an airgead a bheadh de dhíth le haghaidh na bhforbairtí a bhí beartaithe. I measc na moltaí a rinne Aire Airgeadais an ama, Alan Dukes, bhí go ndúnfaí ceann de na mórcholáistí oideachais – Coláiste Mhuire gan Smál, Coláiste Phádraig nó Coláiste Dhún Chéirí.

I mír san aighneacht faoin teideal ‘waste in third level’, dúradh go raibh ‘considerable over capacity’ sna Coláistí Oideachais ag am nuair a bhí an ráta breithe ag ísliú go mór. Sa bhliain 1981, bhí 926 scoláire i gColáiste Phádraig, 798 i Luimneach agus 821 i nDún Chéirí. Bhí sé seo titithe go 642, 527 agus 536 fá seach faoin bhliain 1985. San iomlán bhí líon na scoláirí sna coláistí oideachais íslithe ó 2,545 i 1981 go 17,03 i 1985. Dar leis an Roinn Airgeadais, léirigh na figiúirí sin go raibh cás láidir ann ceann de na coláistí a dhruid “on the grounds of wasteful overcapacity.”

“The difference (842) is close to the capacity of any one college. The Government should decide to seek proposals in this regard from the Minister for Education. The closure of a college would make available a major third level building were the Government in a position to afford expansion of third level enrolment,” a scríobhadh san aighneacht.

Ar an 30 Bealtaine 1985, ghlac an rialtas cinneadh go nglacfaí le moladh an Aire Hussey maidir leis na Coláistí Réigiúnda, NIHE agus an Scoil Fiaclóireachta, ach go mbeadh coinníollacha áirithe ag baint leis. Léiríonn dréacht de mhiontuairisc ón gcruinniú Rialtais go raibh dúnadh Choláiste Oideachais i measc na gcoinníollacha a leagadh síos do na tograí seo. Ba léir nach raibh gach aire rialtais ar aon fhocal faoin moladh seo, áfach, agus déanadh cinneadh i ndeireadh ama an fhoráil sin a fhágáil ar lár ó na miontuairiscí.

Ba léir nach raibh ann, áfach, ach gur cuireadh an cinneadh ar an mhéar fhada agus, ar an 30 Eanáir, 1986, fógraíodh go raibh Coláiste Dhún Chéirí le druid tar éis 111 bliain.

Conas a tharla sé mar sin gurb é Coláiste Dhún Chéirí a druideadh seachas an dá rogha eile a bhí ann? Ní thiocfaidh an scéal iomlán amach, is dócha, go dtí an bhliain seo chugainn nuair a scaoilfear na comhaid a bhaineann le 1986.

Bhí go leor tuairimíochta ann nuair a fógraíodh an cinneadh gurb é Michael Noonan (a bhí ina Aire Dlí is Cirt ag an am) a chinntigh gur tháinig Coláiste Mhuire Gan Smál i Luimneach slán ón tua. Ach bhí ionadaíocht láidir fosta ag tuaisceart Bhaile Cliath sa Chomhaireacht (John Boland) agus ag Dún Laoghaire/Rath an Dúin (Barry Desmond), an dáilcheantar ina raibh Coláiste Dhún Chéirí suite.

Fág freagra ar 'Alan Dukes a chéadspreag an tuairim gur cheart Coláiste Oideachais a dhúnadh'