Aitheantas tugtha do bheirt Ghaeltachta i gCraobh Peile na hÉireann Faoi 20

Bhuaigh imreoir Chiarraí Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus bainisteoir na Gaillimhe Dónal Ó Fátharta gradaim tráthnóna inné

Aitheantas tugtha do bheirt Ghaeltachta i gCraobh Peile na hÉireann Faoi 20

Ruaidhrí Ó Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá gradaim buaite ag beirt imreoirí óga as an nGaeltacht as a sárimirt i gCraobh Peile na hÉireann Faoi 20.

Tá imreoir óg Chiarraí Ruaidhrí Ó Beaglaoich roghnaithe mar an t-imreoir is fearr i gCúige Mumhan agus tá gradam an bhainisteora i gCúige Chonnacht buaite ag Dónal Ó Fátharta as an Spidéal.

Ba é an Beaglaoch laoch na himeartha i gcluiche ceannais na Mumhan nuair a fuair Ciarraí an ceann is fearr ar Chorcaigh ag tús na míosa seo. D’aimsigh fear Chumann Caide na Gaeltachta cúig chúilín sa chluiche a chríochnaigh ar scór 0-17 in aghaidh 1-9 agus thuill taispeántas Uí Bheaglaoich ardmholadh i ndiaidh an chluiche.

Is é bainisteoir Chiarraí John Sugrue a fuair an gradam don bhainisteoir is fearr i gCúige Mumhan.

Bhí Ciarraí chun aghaidh a thabhairt ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig ach cuireadh an comórtas ar athlá de bharr an choróinvíris.

Bhain Gaillimh áit sa chluiche leathcheannais amach tar éis dóibh Craobh Chonnacht a thabhairt leo in aghaidh Ros Comáin. Ba é Dónal Ó Fátharta as an Spidéal a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann agus fógraíodh tráthnóna go raibh an gradam don bhainisteoir is fearr sa chúige buaite aige.

Is é Cathal Sweeney, atá ag freastal ar an scoil lán-Ghaeilge, Coláiste na Coiribe i nGaillimh, a bhuaigh gradam an imreora i gCúige Chonnacht. D’aimsigh an leathchúlaí as Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach trí phointe sa chluiche leathcheannais in aghaidh Liatroma agus trí phointe eile sa chluiche ceannais in aghaidh Ros Comáin.

Seaimpíní Laighean agus seaimpíní Uladh a thug leo na duaiseanna sna cúigí sin. Bhuaigh Lorcan O’Dell (Áth Cliath) agus Cormac Munroe (Tír Eoghain) gradaim na n-imreoirí agus fuair Tom Gray (Áth Cliath) agus Paul Devlin (Tír Eoghain) gradaim na mbainisteoirí.

Imreoir an Chúige

Cúige Uladh – Cormac Munroe (Tír Eoghain)

Cúige Mumhan – Ruaidhrí Ó Beaglaoich (Ciarraí)

Cúige Laighean – Lorcan O’Dell (Áth Cliath)

Cúige Chonnacht – Cathal Sweeney (Gaillimh)

Bainisteoir an Chúige

Cúige Uladh– Paul Devlin (Tír Eoghain)

Cúige Mumhan – John Sugrue (Ciarraí)

Cúige Laighean – Tom Gray (Áth Cliath)

Cúige Chonnacht– Dónal Ó Fátharta (Gaillimh)

Fág freagra ar 'Aitheantas tugtha do bheirt Ghaeltachta i gCraobh Peile na hÉireann Faoi 20'