‘Tá sé tapaidh, tá sé glic agus tá cor an ghiorria ann’ – réalta óg na Gaeltachta ina laoch ag Ciarraí i gcluiche ceannais na Mumhan

D’aimsigh Ruaidhrí Ó Beaglaoich cúig chúilín i gcluiche ceannais na Mumhan aréir mar a bhfuair Ciarraí an ceann is fearr ar Chorcaigh

‘Tá sé tapaidh, tá sé glic agus tá cor an ghiorria ann’ – réalta óg na Gaeltachta ina laoch ag Ciarraí i gcluiche ceannais na Mumhan

Colm O'Shea (Corcaigh) agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich (Ciarraí). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá ardmholadh á fháil ag peileadóir óg Gaeltachta as a shárthaispeántas i gcluiche ceannais Chraobh na Mumhan aréir.

Ba é Ruaidhrí Ó Beaglaoich, as an gCarraig i bParóiste na Cille i gCorca Dhuibhne, a roghnaíodh mar laoch na himeartha agus é ar fhoireann Faoi 20 Chiarraí a fuair a ceann is fearr ar Chorcaigh i dTrá Lí.

Cúig chúilín a d’aimsigh Ó Beaglaoich sa chluiche agus cúig chúilín de bhearna a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha, 0-17 in aghaidh 1-9.

‘Ruaidhri Ó Beaglaoich shines brightest as Kerry claim Munster U20 crown under lights’ an cheannlíne a bhí ar thuairisc san Irish Examiner faoin gcluiche agus bhí an uile thráchtaire den tuairim go raibh a ghradam mar laoch na himeartha tuillte go feillbhinn aige.

Dúirt iarchaptaen Chiarraí agus iarbhall d’fhoireann bhainistíochta na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide go bhféadfaí a bheith ag súil lena thuilleadh gaiscí ón mBeaglaoch amach anseo.

“Níl sé ach ina thosach i gcás Ruaidhrí. Tá sé óg, tá sé tapaidh, tá sé glic agus tá cor an ghiorria ann,” arsa an Cinnéideach le Tuairisc.ie.

Bhuaigh Corcaigh Craobh faoi 20 na hÉireann in 2019 agus fuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí go héasca i gCraobh na Mumhan agus bhí tréimhse fhada ann aréir nuair a bhí an chuma ar an scéal go n-éireodh leo fir óga na Ríochta a chloí arís.

Bhí Corcaigh ceithre chúilín chun tosaigh ag leath ama, 1-6 in aghaidh 0-5, ach bhí níos mó beochta in imirt na gCiarraíoch sa dara leath agus iad á spreagadh ag an mBeaglaoch.

Bhí imirt an Bheaglaoich an-tábhachtach sa dara leath sin agus d’éirigh leis ceithre chúilín a aimsiú agus fuair Ciarraí dhá scór eile ó chiceanna saora a bronnadh ar fhear na Gaeltachta.

Is deartháir le Brian Ó Beaglaoich a imríonn d’fhoireann shinsir Chiarraí é Ruaidhrí agus bhí sé ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2018.

I ndiaidh an chluiche, d’admhaigh Ó Beaglaoich nach raibh Ciarraí sách maith sa chéad leath agus foireann ina gcoinne a thug “stánáil” dóibh anuraidh.

“Chaitheamar an taoide a chasadh, is dócha,” a dúirt sé agus é ag labhairt le TG4.

“Bhí cuma thraochta orainn sa chéad leath. Dúramar ag leath ama nach raibh faic le cailliúint againn agus chaitheamar an cluiche a bhuachtaint, sin uile.”

Tá ceathrar eile a d’fhreastail ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina gcuid d’fhoireann Faoi 20 Chiarraí i mbliana, beirt as Abhainn an Scáil – Killian Falvey agus Colm Moriarty – agus beirt Dhaingean Uí Chúis – Dylan Geaney agus Deividas Uosis.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh anois ar sheaimpíní Chonnacht i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Is idir Gaillimh agus Ros Comáin a bheidh cluiche ceannais Uladh Dé Sathairn beag seo.

Imreofar cluichí leathcheannais na hÉireann sa Chraobh Faoi 20 i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig.

Fág freagra ar '‘Tá sé tapaidh, tá sé glic agus tá cor an ghiorria ann’ – réalta óg na Gaeltachta ina laoch ag Ciarraí i gcluiche ceannais na Mumhan'