Áit sna babhtaí ceathrú ceannais le fáil sa tsraith iomána

Cé nach bhfuil aon fhoireann i mbaol ísliú céime i Roinn 1A, ba cheart go mbeadh cúpla cluiche suimiúil ann tráthnóna

Áit sna babhtaí ceathrú ceannais le fáil sa tsraith iomána

James Barry (Tiobraid Árann) agus Liam Blanchfield (Cill Chainnigh). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Corcaigh v Tiobraid Árann – Páirc Uí Rinn, 2.00pm (Craoladh iarbheo ar TG4)

Ó tharla nach mbeidh aon fhoireann á díbirt as Roinn 1A na sraithe i mbliana, níl an brú céanna ag baint leis an mbabhta deireanach agus a bhíodh blianta eile. Tá Tiobraid Árann ag bun an tábla faoi láthair agus gan ach aon chluiche amháin buaite acu go dtí seo, ach tá sé ráite ag bainisteoir na foirne, Liam Sheedy nach é deireadh an domhain é mura mbuafaidh siad ar Chorcaigh tráthnóna.

Mar sin féin agus feachtas crua craoibhe ar na bacáin, déarfá go mbeadh Sheedy buíoch as cluiche nó dhó eile agus é fós ag dul i dtaithí ar an dúshlán atá roimhe.

Tar éis dóibh An Clár a bhualadh sa chéad bhabhta, chaill siad i gcoinne Luimnigh, Loch Garman agus Chill Chainnigh. Is é an cluiche i gcoinne na gCat an deireadh seachtaine seo caite is mó a ghoillfidh ar Sheedy mar drochthaispeántas ceart a thug a fhoireann.

A mhalairt scéil a bheidh ag Corcaigh agus iad lán muiníne tar éis dóibh Luimneach a shárú i bPáirc na nGael Dé Domhnaigh seo caite. Bhí Corcaigh ar fheabhas sa chéad leath i gcoinne sheaimpíní na hÉireann agus beidh súil acu leis an aicsean céanna sa bhaile anocht.

Bhí bua breá ag Corcaigh ar chontae an Chláir nuair a d’imir siad a chéile i bPáirc Uí Rinn i mBabhta 3 agus cé go mb’fhéidir go bhfuil siad ag brath rómhór ar Patrick Horgan chun scóranna a aimsiú, tá fear Raonaithe an Ghleanna ag imirt go hiontach i láthair na huaire.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Bainisteoir Loch Garman, Davy Ftizgerald. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Loch Garman v Cill Chainnigh – Páirc Loch Garman, 2.00pm

Casfaidh dhá cheann de na foirne is díograisí i Roinn 1A na sraithe ar a chéile i bPáirc Loch Garman tráthnóna.

Tá dhá chluiche buaite ag an bhfoireann bhaile an t-earrach seo, ceann in aghaidh Chorcaí agus ceann in aghaidh Thiobraid Árann, agus cé go bhfuil péire eile caillte acu, níor ghéill siad riamh sna coimhlintí sin. Bhí Luimneach agus an Clár go mór chun tosaigh ar fhoireann Davy Fitzgerald sna cluichí a chaill siad ach tháinig na Laighnigh ar ais go láidir sna cluichí sin agus ní raibh ach aon chúl amháin idir na foirne sa dá cheann.

Ní raibh Cill Chainnigh i mbarr a maitheasa in aghaidh Thiobraid Árann an deireadh seachtaine seo caite ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, ba iad imreoirí Brian Cody ab fhearr a chruthaigh. Bhí Cill Chainnigh chun deiridh in am cúitimh ach d’aimsigh Richie Hogan agus Eoin Murphy scóranna dóibh chun a gcomharsana a chloí.

Ní bheidh Cody ná Fitzgerald ag iarraidh orlach a ghéilleadh tráthnóna agus beidh imreoirí an dá fhoireann ag cuimhneamh ar an gcluiche achrannach a d’imir siad i gcoinne a chéile i gCorn an Bhreathnaigh mí Eanáir. Loch Garman a thug an lá leo ansin agus chomh fada agus nach ligfidh siad do Chill Chainnigh dul rófhada chun tosaigh orthu luath san imirt, beidh an-seans acu.

Rogha Tuairisc.ie: Loch Garman

Fág freagra ar 'Áit sna babhtaí ceathrú ceannais le fáil sa tsraith iomána'