Áit bainte amach ag Naomh Anna agus na Dúnaibh i gcluichí ceannais cúigí

Bhuaigh Naomh Anna ar Ghaeil Mhaigh Eo i gCraobh Idirmheánach Peile Chonnacht agus d’éirigh leis na Dúnaibh an ceann is fearr a fháil ar Chumann Sheáin Mhic Diarmada i gCraobh Shóisir Peile Uladh

Áit bainte amach ag Naomh Anna agus na Dúnaibh i gcluichí ceannais cúigí

Éamonn Ó Loingsigh ag ceiliúadh tar éis dó cúl a scóráil. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Gaillimh 

Imreoidh Naomh Anna, Leitir Móir i gcluiche ceannais Chonnacht sa bhliain nua tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Mhaigh Eo i gCraobh Idirmheánach Peile an chúige ag an deireadh seachtaine. Theastaigh am breise chun na foirne a scaradh óna chéile i Staid an Phiarsaigh agus rinne fir Chonamara an beart faoi dheireadh tar éis dóibh a bheith chun deiridh cuid mhaith den chluiche. 

Mar a tharla cheana, ba é cumas Naomh Anna cúil a scóráil a thug slán iad. 

Ní raibh scór ar bith faighte acu sa chéad cheathrú uaire den chluiche agus Gaeil Mhaigh Eo imithe ceithre chúilín chun cinn ach bhain Naomh Anna croitheadh as an eangach faoi dhó i dtréimhse trí nóiméad, chaon taobh den bhriseadh uisce. 

Tháinig an chéad chúl nuair a scaoil Maitias Eoin Bairéad Oisín Mac Donnacha isteach i dtreo an chúil agus d’aimsigh seisean an sprioc chun an spreagadh a bhí ag teastáil go géar a thabhairt d’fhir Cheantar na nOileán. 

Bhí Naomh Anna chun cinn go luath ina dhiaidh sin a bhuíochas de phíosa iontach imeartha eile. D’fhág Dylan Seoige spás os comhair chúl Gael Mhaigh Eo, chuir Warren Seoige pas isteach sa spás céanna, bhailigh Maitias Eoin Bairéad an liathróid agus bháigh sé urchar san eangach. 

Cúl scóráilte ag Maitias Eoin Bairéad. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Seachas na cúil sin, áfach, bhí ag teip ar Naomh Anna scóranna a aimsiú. Bhíodar pointe chun deiridh ag leath ama, 0-8 in aghaidh 2-1, agus d’imigh rudaí chun donais go luath sa dara leath agus iad ceithre phointe chun deiridh faoin dara briseadh uisce. 

Is ag an bpointe sin a tugadh Myles Mac Donnacha agus Ferdia Breathnach chun páirce do Naomh Anna agus chaithfeá rá go raibh tionchar mór acu ar chúrsaí, go háirithe Breathnach. 

D’aimsigh Iarla Ó Curraoin agus Warren Seoige pointí do churaidh na Gaillimhe agus cé gur cuireadh Evan Ó Flatharta den pháirc nuair a fuair sé an dara cárta buí, d’fhág pointe eile ó Éamonn Ó Loingsigh nach raibh Naomh Anna ach pointe amháin ar gcúl agus deich nóiméad fágtha. Buaileadh buille damanta orthu, áfach, nuair a fuair Jack Fallon cúl do Ghaeil Mhaigh Eo chun bearna ceithre phointe a chur idir na foirne arís ach níor ghéill Naomh Anna. 

Adam Gallagher (Gaeil Mhaigh Eo) faoi bhrú ag Warren Seoige agus Ciarán Bairéad. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’aimsigh Ferdia Breathnach dhá chic saor as a chéile chun an bhearna a laghdú agus fuair Éamonn Ó Loingsigh péire ón imirt chun na foirne a thabhairt cothrom. Bhí an liathróid san eangach arís ag Gaeil Mhaigh Eo agus an t-am caite ach níor ceadaíodh an cúl toisc gur chinn réiteoir go raibh John Gallagher sa chearnóg bheag nuair a fuair sé an liathróid. 

Ní raibh aon éalú ansin ón am breise agus thapaigh Naomh Anna an dara deis a tugadh dóibh. An captaen Ciarán Bairéad a fuair an chéad scór san am breise agus nuair a scóráil Éamonn Ó Loingsigh an tríú cúl den chluiche, tar éis dó pas a fháil ó Fherdia Breathnach, bhí rith an rása leo.

Cúl aimsithe ag Eamonn Ó Loingsigh sa chéad leath d’am breise. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Laghdaigh Gaeil Mhaigh Eo an bhearna arís roimh leath ama ach scóráil Ó Loingsigh dhá phointe ghleoite ina dhiaidh sin chun ceithre phointe a chur idir na foirne arís. B’in an b’in an farasbarr a bhí ag Naomh Anna ar deireadh, 3-12 in aghaidh 1-14. 

Imreoidh fir na Gaeltachta anois in aghaidh Naomh Faithleach as Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht ar an 8/9 Eanáir. 

Lúcháir ar imreoirí Naomh Anna agus cluiche leathcheannais Chonnacht buaite acu. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Údar díomá a bhí ag foireann eile as Conamara a bhí ag imirt i gCraobh Idirmheánach Chonnacht an deireadh seachtaine seo nuiar a cloíodh iománaithe Mhaigh Cuilinn sa chluiche ceannais. Seaimpíní Mhaigh Eo, An Tuairín, a bhuaigh orthu, 1-15 in aghaidh 0-14 agus Craobh Chonnacht buaite acu den tríú huair le ceithre bliana anuas. 

Bhí na foirne cothrom ag leath ama, 0-8 an taobh, agus scóranna faighte ag Anraoi Whyte, Éanna Noone agus Niall Mannion do Mhaigh Cuilinn. Tháinig an scór cinniúnach leath bealaigh tríd an dara leath, áfach, nuair a chuir cúl Sheán Regan Tuairín chun cinn. Theip ar Mhaigh Cuilinn cúl dá gcuid féin a aimsiú agus ceithre phointe de bhearna a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha. 

Dún na nGall 

D’aimsigh Lorcan Connor sé phointe do na Dúnaibh sa chluiche leathcheannais. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá áit bainte amach ag Na Dúnaibh i gcluiche ceannais sóisir Uladh den chéad uair riamh tar éis dóibh Cumann Sheáin Mhic Diarmada as Muineachán a bhualadh i gcluiche crua Dé Sathairn.  

Bua ceithre phointe a bhí ag na Conallaigh ag deireadh na himeartha, 1-9 in aghaidh 0-8, ach ba é cúl Kyle McFadden ag fíordheireadh an chluiche a chuir cuma na maitheasa ar chlár na scór dóibh. 

Cé nach raibh ag Seán Mac Diarmada ach 14 imreoir formhór an chluiche, bhí fir Mhuineacháin chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-7, agus gan ach deich nóiméad fágtha. Duine de na himreoirí is mó taithí ar fhoireann na nDúnaibh, Gary Bán Mac Laifeartaigh, a shábháil iad. Tháinig Mac Laifeartaigh isteach mar ionadaí ag leath ama agus scóráil sé pointe tar éis 55 nóiméad agus arís dhá nóiméad ina dhiaidh sin chun na Dúnaibh a chur chun cinn sular scóráil McFadden an cúl. 

Chríochnaigh Seán Mac Diarmada le 13 imreoir nuair a cuireadh Páraic McGuirk den pháirc in am cúitimh ach tháinig an cor cinniúnach leath bealaigh tríd an chéad leath nuair a taispeánadh cárta dearg d’imreoir Mhuineacháin, Niall Kearns. 

In ainneoin go raibh siad fear gann, bhí Seán Mac Diarmada chun tosaigh ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4, ach is iad na Dúnaibh atá ag dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais Uladh chun aghaidh a thabhairt ar Dheinn as contae an Cabháin Dé Domhnaigh seo chugainn. 

Ciarraí 

Laoch na himeartha i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar, Paul Geaney. Pic: INPHO/James Crombie

Is iad Daingean Uí Chúis curaidh Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar don cheathrú bhliain as a chéile agus iad i bhfad rómhaith don Ghaeltacht i gcluiche ceannais na bliana seo. Bua trí phointe dhéag a bhí ag fir an Daingin, 2-12 in aghaidh 0-5, agus an bhearna idir na foirne soiléir luath go maith sa chluiche. 

Laistigh de chúig nóiméad imeartha bhí an Daingean cúig phointe chun tosaigh a bhuíochas do phointí ó Matthew Flaherty agus Conor Geaney agus cúl ó Darragh O’Sullivan tar éis do Paul Geaney an deis a chruthú. 

Fuair Éanna Ó Conchúir an chéad scór don Ghaeltacht théis 11 nóiméad ach mhéadaigh an Daingean an bhearna agus bhí leo nuair a d’aimsigh Paul Geaney an dara cúl dóibh théis 18 nóiméad chun iad a chur 2-4 in aghaidh 0-1 chun tosaigh. 

Trí phointe a d’aimsigh Éanna Ó Conchúir (le feiceáil anseo ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019) don Ghaeltacht sa chluiche. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí leithéidí Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Rob Ó Sé in easnamh ar an nGaeltacht agus cé gur aimsigh Éanna Ó Conchúir agus Pádraig Óg Ó Sé pointí dóibh, bhíodar fós naoi bpointe taobh thiar ag leath ama, 2-6 in aghaidh 0-3. D’fhéadfadh farasbarr an Daingin a bheith níos mó fós murach gur éirigh le Tomás Mac an tSaoir cic éirice Paul Geaney a shábháil ag deireadh an chéad leatha sin. 

Mar a chéile a bhí cúrsaí sa dara leath agus fuair Dylan Geaney, Paul Geaney agus Tomás Sheehy dhá phointe an duine roimh dheireadh na himeartha don Daingean. Ní raibh de fhreagra ón nGaeltacht ach pointe an duine ó Éanna Ó Conchúir agus Pádraig Óg Ó Sé.  

Fág freagra ar 'Áit bainte amach ag Naomh Anna agus na Dúnaibh i gcluichí ceannais cúigí'