Áit bainte amach ag Gaeilgeoir eile ag na Cluichí Oilimpeacha

Beidh Síofra Cléirigh Büttner san iomaíocht sa chomórtas 800m ag na Cluichí Oilimpeacha agus í roghnaithe tráthnóna ag Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann

Áit bainte amach ag Gaeilgeoir eile ag na Cluichí Oilimpeacha

Síofra Cléirigh Büttner. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cuireadh le líon na gcainteoirí Gaeilge a bheidh san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo nuair a fógraíodh inné go raibh áit bainte amach ag iarscoláire Gaelscoile i dTóiceo.

Beidh Síofra Cléirigh Büttner san iomaíocht sa chomórtas 800m ag na Cluichí Oilimpeacha agus í roghnaithe ag Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann.

Bhris an t-iarscoláire de chuid Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath curiarracht na hÉireann sa rás 800m faoi dhíon níos luaithe i mbliana.

Bhí Cléirigh Büttner lonnaithe i Meiriceá le blianta beaga anuas agus scoláireacht faighte aici chuig ollscoil Villanova i bPennsylvania.

Ní hí Cléirigh Büttner an t-aon Ghaeilgeoir ná an t-aon iarscoláire de chuid Choláiste Íosagáin a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht i dTóiceo an samhradh seo, áfach.

Tá Michelle Carey, ainmnithe mar ionadaí ar fhoireann haca na hÉireann a bheidh ag glacadh páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus tá Naomi Ní Chearbhaill, iarmhúinteoir sa scoil, atá anois ag múineadh i nGaelscoil Luimnigh, ainmnithe ar an bhfoireann.

I measc na nGaeilgeoirí eile a bhfuil áit bainte amach acu ag na Cluichí Oilimpeacha, tá an Corcaíoch Michelle Finn, a bheidh ag rith sa léimrás 3,000m, agus an lúthchleasaí trí-atlain as Luimneach, Carolyn Hayes, a bhuaigh bonn airgid ag Corn an Domhain an mhí seo caite.

Beidh beirt bhan as Gaeltacht Chonamara, Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn, san iomaíocht sa tSeapáin freisin agus iad mar chuid d’fhoireann rámhaíochta na hÉireann.

Fág freagra ar 'Áit bainte amach ag Gaeilgeoir eile ag na Cluichí Oilimpeacha'