Aisteoirí á lorg ag ‘Ros na Rún’ dá 21ú séasúr

Tá éisteachtaí don sobalchlár Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCiarraí an mhí seo

Ros na Rún Tadhg and Frances

Tá aisteoirí nua á lorg ag Ros na Rún don 21ú séasúr den sobalchlár Gaeilge. Tá éisteachtaí á reáchtáil i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí agus i nGaillimh an mhí seo agus lucht déanta an chláir ar thóir aisteoirí don taifeadadh a thosóidh i mí Lúnasa na bliana seo.

Iarrtar ar aisteoirí ar spéis leo bheith ar an sobalchlár CV agus grianghraif a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com nó teagmháil a dhéanamh le hoifig an tsobalchláir sa Spidéal. Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aisteoir a chuirfidh isteach ar na páirteanna éagsúla.

Tá Ros na Rún ar an bhfód le hos cionn 20 bliain anois. Tá 140 duine fostaithe ag an sobalchlár faoi láthair agus deirtear go mbíonn os cionn 150,000 duine ag breathnú ar an gclár, a chraoltar Dé Máirt, Déardaoin agus Dé Domhnaigh, gach seachtain. I measc na ndaoine atá fostaithe ann, tá tuairim is 40 aisteoir rialta agus suas le 70 aisteoir breise gach seachtain. Tá 13 stiúrthóir agus 13 scríbhneoir ag obair ar an tsraith.

Bronnadh Gradam Speisialta na nGradam Cumarsáide ar an sobalchlár anuraidh. Ag bronnadh an ghradaim anuraidh, dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Ealaíne Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais gur “sraith cheannródaíoch” atá i Ros na Rún a thugann léargas ar leith dúinn “ar shaol comhaimseartha na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Aisteoirí á lorg ag ‘Ros na Rún’ dá 21ú séasúr'

  • padraig

    ‘Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach aisteoir a chuirfidh isteach ar na páirteanna éagsúla’ agus a bheith sásta í a labhairt fiú amháin nuair nach mbíonn siad ag obair??? Á, neo! Nach chun airgead bog a thuilleamh í an Ghaeilge ……gan stró a labhartha a chur ort féin ach nuair ‘is gá’ .i. don job. Ba cheart saineolaí teanga/foghraíchta a bheith os cionn na sobalchainte sin a bhíonn á spalpadh acu ar Dros na Rún agus nithe amhail na ‘Gár-th-aí’ (Gardaí) a ruaigeadh chun siúil go grod. Cén fáth nach dtabharfaí an scriopt do Joe Steve mar shampla sula gcuirtear amach os comhair an phobail é. Dhéanfadh sé an-chúram de agus ní chaithfimísne cur suas leis an mbrilléis ghallúnaí sin óna lán acu?

  • Peter Ó Mainnín

    Is mise Peter tá mè 14. Ta an suim agama in aisteoireacht. Angus ta an gaeilge agam.

  • alan

    Beidh tú togha mar sin a Pheadair, glacfar leat. Tá daoine in Dros na Rún, leis, a deir “angus tá an gaeilge agam” agus is angus roinnt acu.