Aisíocaíocht do lóistín an Oireachtais

Bhí €230 á lorg ar sheomra do bheirt i gcomhair Oireachtas na bliana seo chugainn, ach déanfar aisíocaíocht le héinne a d’íoc an praghas sin.

standard-1

Le roinnt laethanta anuas bhí Óstán an City West i mBaile Átha Cliath ag gearradh €230 an oíche ar sheomra do bheirt i gcomhair Oireachtas na bliana seo chugainn, praghas a bhí €80 níos daoire ná mar a bheadh i gcomhair deirí seachtaine eile i 2015.

Ach i ndiaidh do Tuairisc.ie an t-ardú praghas seo a fhiosrú le Oireachtas na Gaeilge agus Óstán an City West, thug urlabhraí an óstáin le fios tráthnóna inné go mbeadh ráta speisialta ann do lucht freastail Oireachtas na bliana seo chugainn.

Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc.ie chomh maith go n-aisíocfaí an difríocht idir an praghas ardaithe agus an margadh speisialta nua le daoine a chuir seomra in áirithe don Oireachtas roimhe seo.

De bharr an éilimh mhóir a bhíonn ar lóistín i bpríomhionaid an Oireachtais gach bliain, bíonn nós ag daoine seomraí a chur in áirithe a luaithe is a fhógraítear cá mbeidh an fhéile ar siúl an chéad bhliain eile.

Mar sin is iomaí duine a bhfuil seomra faighte aige cheana féin in Óstán an City West d’Oireachtas na Gaeilge 2015.

€135 an oíche a chosnóidh seomra do bheirt sa City West leis an lascaine do lucht freastail an Oireachtais.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, go dtuigeann lucht eagraithe an Oireachtais an costas a bhaineann le freastal ar an bhféile agus gur tháinig ionadaí ón City West ar cuairt chuig Oireachtas na Samhna i gCill Airne le déanaí.

Ba tar éis na cuairte sin a socraíodh go mbeadh lascaine ann sa City West do lucht freastail an Oireachtais.

Mhol Liam Ó Maolaodha do dhaoine atá ag cur seomraí in áirithe d’fhéile na Samhna seo chugainn sa City West a bheith cinnte go luann siad gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh siad.

Fág freagra ar 'Aisíocaíocht do lóistín an Oireachtais'

  • Proinsias

    Maith sibh a Mhaitiú & Tuairisc.ie. Chuireas fios orthu inné, 4 x oíche (Céadaoin – Dé Domhnaigh) €540. An nós a bhí i gCill Áirne ná uimhir do chárta chreidmheasa a thabhairt don ostán agus choimeádfaí an seomra duit. Tá €135 ‘non refundable deposit’ (a dúradh liom) ag teastáil d’Ostán City West. Deacair ar ghnóthaí beaga agus ar dhaoine é a íoc bliain roimh ré.