Aire Stáit na Gaeltachta le moladh go bhfaighfí réidh le ‘An tUasal, Mr. agus Mrs.’

Dúradh sa Dáil inné go bhféadfadh leasú ar an reachtaíocht Ghaeilge a bheith chun leas an phobail LADTA+ chomh maith

Aire Stáit na Gaeltachta le moladh go bhfaighfí réidh le ‘An tUasal, Mr. agus Mrs.’

Tá Aire Stáit na Gaeltachta le moladh a chur chun cinn go leasófaí an dlí chun go mbeadh sé de cheart ag aon duine gan aon teideal a úsáid, i mBéarla ná i nGaeilge, agus iad i mbun gnó leis an Stát.

Gheall an tAire Stáit Jack Chambers go gcuirfeadh sé an leasú sin chun cinn ag an gcéad chéim eile den Bhille Teanga atá ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Bhí a seachtú seisiún inniu sa Dáil ag Coiste Oireachtais na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar an mbreis is 300 leasú atá molta ag Teachtaí Dála ar an reachtaíocht teanga.

Tá os cionn 100 leasú pléite anois ag an gCoiste.

I measc na leasuithe a pléadh inniu bhí leasú de chuid Shinn Féin a mhol go mbeadh sé de cheart ag duine gan teideal amhail Mr., Mrs. nó an tUasal a úsáid más é sin a rogha.

An Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a chéad mhol go mbeadh an ceart ag duine gan teideal a úsáid agus é i mbun gnó leis an Stát agus thacaigh sé go láidir le leasú an fhreasúra.

Agus an leasú sin á mholadh aige, dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus Cathaoirleach an Choiste, gur chun leas an phobail LADTA+ (Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach agus Aiteach) agus nár cheart teidil mar ‘Mr. nó Mrs.’ a bhrú ar aon duine.

Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Marc Ó Cathasaigh chomh maith nár chóir lipéid mar sin a bhrú ar dhaoine.

Thacaigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan leis an leasú freisin.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur “ceist thábhachtach” a bhí i gceist na dteideal agus go ndéanfadh sé a mholadh féin maidir le leasú ag an gcéad chéim eile den Bhille, céim na Tuarascála.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta le moladh go bhfaighfí réidh le ‘An tUasal, Mr. agus Mrs.’'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá an dhiabhal gniomach í gcónaí.

  • S. Mac Muirí

    Bíodh An tEa Ó Murchú ar chách feasta.
    Nó, An Neach Ó Murchú. 😉

  • Pól Ó Braoin

    Is léir go bhfuil an saol bailithe i dtigh diabhail uilig. Cheapfá go mbeadh rudaí níba thromchúisí le cíoradh ag an dream céanna.