Aire Sláinte nó Super Junior ag an nGaeltacht? Ardú céime á lua le Jack Chambers…

Tá ainm Aire Stáit na Gaeltachta á lua ina measc siúd a d’fhéadfadh teacht in áit Stephen Donnelly mar Aire Sláinte an mhí seo ach d’fhéadfadh go mbeadh cúram na Gaeilge ar Jack Chambers go fóill

Aire Sláinte nó Super Junior ag an nGaeltacht? Ardú céime á lua le Jack Chambers…

Socrófar a bhfuil i ndán do Jack Chambers agus do chúram na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Rialtas sna laethanta seo amach romhainn agus cinneadh le déanamh maidir le hathrú airí.

Déanfaidh an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar a róil a mhalartú lena chéile ar an 17 Nollag agus tá tús curtha leis an bplé faoi na haireachtaí eile.

Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, ina measc siúd a d’fhéadfaí cúram nua a leagan air agus go leor cainte ann go bhfuil ardú céime i ndán dó.

Bhí amhras ann i measc ghníomhaithe na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi cheapachán Chambers nuair a roghnaíodh é mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mí Iúil 2020 agus ceist ann faoina chumas sa teanga. Chuir Chambers feabhas ar a chuig Gaeilge ó shin agus aithnítear mar Aire Stáit stuama ábalta é. Tá moladh faighte chomh maith aige as an reachtaíocht nua teanga a thabhairt isteach.

Tá a chumas tugtha faoi deara ag a chomhghleacaithe i Fianna Fáil freisin agus táthar ann a deir go bhfuil ardú céime ag dul dó. Chuir an Teachta Dála James O’Connor in iúl do cheannaire an pháirtí le gairid gur mheas sé go raibh aireacht shinsearach tuillte ag Chambers.

“Tá a lán cainte ann faoi Jack Chambers faoi láthair,” a deir Michael Brennan, eagarthóir polaitíochta leis an Business Post. “Tá cúlbhinseoirí i bhFianna Fáil ag caint faoi an t-am ar fad agus sílim gurb í an chúis atá leis sin ná go bhfuil Chambers ag taisteal ar fud na tíre ag tabhairt dea-scéalta do dhaoine áitiúla – deontais do chlubanna spóirt nó d’ionaid phobail i gceantair Ghaeltachta, rudaí mar sin. Níl ort ach breathnú ar a chuntas Twitter.”

Tá ról tábhachtach eile ag Chambers mar Phríomh-Aoire an Rialtais, cúram a bheidh á aistriú chuig Teachta Dála de chuid Fhine Gael níos déanaí an mhí seo. Meastar gur chruthaigh Chambers go maith mar Phríomh-Aire.

“Tá ról an phríomhaoire tábhachtach in aon rialtas atá casta ó thaobh na n-uimhreacha,” a deir Máirín Ní Ghadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta “

“Agus cé go raibh an rialtas seo breá seasmhach nuair a bunaíodh é, tá na figiúirí ag éirí níos casta ó shin. Cruthaíonn sé sin ar fad deacrachtaí don phríomhaoire agus an tuairim ann, go minic, go mbíonn luach saothair tuillte acu má éiríonn leo an cúrsa a choinneáil sa gcás agus go mbíonn atheagar le déanamh ar aireachtaí.

“Tá go leor a chreideann go bhfuil an luach saothair sin agus ardú céime dá réir tuillte ag Jack Chambers.”

Duine de na hAirí is mó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol san athrú airí an mhí seo an tAire Sláinte, Stephen Donnelly. Agus céim sa leigheas ag Chambers, is minic é a bheith á lua leis an ról.

“Tuairim na coitiantachta sa rialtas ná go bhfuil ag éirí go maith le Jack Chambers ina ról mar Aire Stáit, agus go bhfuil sé dílis do Mhicheál Martin. Dhá rud, bídís fíor nó ná bíodh, a chabhróidh leis san atheagar,” a deir duine a bhíonn ag plé leis na Aire i dTeach Laighean. “Tá Stephen Donnelly le himeacht, de réir na ráflaí, agus toisc Jack Chambers a bheith ina dhochtúir cáilithe, ceaptar go n-oirfeadh an ról dó. Dar ndóigh, deir sé i gcónaí nach smaoiníonn sé ach ar a phost reatha. Ach tá sé uaillmhianach.”

D’fhéadfadh Donnelly teacht slán ón atheagar go fóill, áfach. Deir Máirín Ní Ghadhra gur ceannaire é Micheál Martin a bhíonn “thar a bheith cúramach” agus athruithe á ndéanamh aige agus aontaíonn Michael Brennan leis an tuairim go bhféadfaí Donnelly a choinneáil mar Aire Sláinte.

“Scríobh mé scéal ag an deireadh seachtaine go bhfuil na cúlbhinseoiri anois ag ceapadh go bhfanfaidh Stephen mar Aire Sláinte mar nach mbeidh an Taoiseach ag iarraidh deacrachtaí a chruthú ó thaobh ardú céime a thabhairt do dhuine amháin thairis daoine eile.”

D’fhéadfadh, dar le Brennan, go bhfágfaí Chambers leis na freagrachtaí atá aige ach le haitheantas breise.

“Meastar anois go bhféadfadh Jack ról a fháil mar Super Junior Minister. Beidh Fine Gael ag fáil ról an Phríomh-Aoire atá ag Jack faoi láthair ach beidh Fianna Fáil ag fáil ról an Super Junior atá ag Hildegarde Naughton faoi láthair. Anois, b’fhéidir nach mbeidh na cúraimí díreach céanna ar an duine nua.

“D’fhéadfadh go mbeadh an ról céanna ag Jack, mar Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, ach go mbeadh sé ina Super Junior. Bheadh airgead breise ag dul dó ach an rud is tábhachtaí ná go mbeadh sé fós in ann freastal ar na cruinnithe Rialtais sin. Ní bheadh cead vótála aige ach bheadh sé fós mar chuid den phlé,” a deir Michael Brennan, eagarthóir polaitíochta an Sunday Business Post.

Dá mbainfí cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta de Chambers, ní léir go fóill cé hiad na Gaeilgeoirí oilte atá ann a a d’fhéadfadh teacht ina áit agus níl Máirín Ní Ghadhra dóchasach gurb é an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais.

“Tá sé cruthaithe anois ag cúpla rialtas as a chéile gur cuma leo faoin ról sin an fhad agus go ndéanann an té a bheidh ann iarracht óráid a léamh go maith agus freastal ar na himeachtaí a eagraítear dóibh. Bheadh aon duine in ann an ról sin a chomhlíonadh, is léir.”

Fág freagra ar 'Aire Sláinte nó Super Junior ag an nGaeltacht? Ardú céime á lua le Jack Chambers…'

  • Seán Mag Leannáin

    Tuairimíocht láidir ann go bhfaighfidh Jack ardú céime san athrú airí atá ar na bacáin, go mbeidh sé ina shár-shóisear ag bord an rialtais le cead cainte ach gan cead vótála. Bí ag caint ar ghioscaí i mbosca!

    Maolfhaisnéis na bliana a rá nach bhfuil an Ghaeilge “an chloch is mó ar phaidrín an Rialtais”. Mar a deir Máirín Ní Ghadhra “Tá sé cruthaithe anois ag cúpla rialtas as a chéile gur cuma leo faoin ról sin an fhad agus go ndéanann an té a bheidh ann iarracht óráid a léamh go maith agus freastal ar na himeachtaí a eagraítear dóibh. Bheadh aon duine in ann an ról sin a chomhlíonadh, is léir.”