Ní go minic a dhéanann Micheál Martin agus Mary Lou McDonald achoimre chruinn ar a dtuairimí agus iad ag labhairt i nGaeilge i nDáil Éireann.
Níor mhair a ndúirt siad i nGaeilge Dé Máirt ach leathnóiméad ar a mhéid ach is fiú tagairt dá ráitis anseo toisc go ndearna an bheirt cur síos díreach ar fhadhb nach léir a réiteach fós agus a rachaidh i dtreise sara réiteofar i gceart í.
Bhí Cara Darmody, cailín 14 bliain d’aois as Tiobraid Árann, a bhfuil uathachas ar a beirt deartháireacha, i mbun agóide taobh amuigh de gheataí Theach Laighean agus an mhoill as cuimse a chuirtear ar sheirbhísí do pháistí faoi mhíchumas á plé laistigh.
Is measa faillí an stáit toisc nach mbaineann sé le reáchtáil seirbhísí amháin ach leis an measúnú pearsanta is gá a dhéanamh chun a dheimhniú cén cineál seirbhíse a bheadh oiriúnach i gcásanna éagsúla
Bhí geallúint go dtairgfí measúnú faoi cheann sé mhí do pháistí ar a iarraidh i reachtaíocht a ritheadh in 2005 – geallúint reachtúil nár comhlíonadh fós, mar a chuir ceannaire Shinn Féin i gcuimhne don Taoiseach:
‘Tá an dlí briste ag an Taoiseach arís is arís eile. Tá teip shuntasach á déanamh ar leanaí faoi mhíchumas atá fágtha idir dhá cheann na meá ag fanacht ar mheasúnuithe ar riachtanais ar a bhfuil siad i dteideal. Inniu, tháinig an Freasúra go léir le chéile chun iarraidh ar an Rialtas cloí leis an dlí.’
Ní séanadh a fuair Mary Lou McDonald ó Mhicheál Martin ach admháil neamhdhíreach go bhfuil an dlí á shárú:
‘Tá gach aon iarracht á dhéanamh ag an Rialtas chun déileáil leis an bhfadhb seo. Tá an-chuid áiseanna ann ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil gá ann an córas a athrú go tapa.’
Thug páirtithe uile an fhreasúra tacaíocht don rún a mhol Sinn Féin an lá céanna a d’iarr ar an rialtas an dlí a chomhlíonadh chun measúnú riachtanais a chur ar fáil do pháistí faoi cheann sé mhí [ó rinneadh iarratas] agus chun teiripí agus ionaid scoile a chur ar fáil dóibh go léir.
Fearacht formhór na rún parlaiminte dá leithéid a mholann an freasúra i ngach tír, mhol a lucht tacaíochta sa Dáil beartais réitigh éagsúla a sheachain sonraí a chinnteodh go réiteofaí an fhadhb faoi spriocam áirithe.
Ó thaobh na polaitíochta de áfach, is ábhar suntais nach beag é go raibh páirtithe an fhreasúra ag tarraingt le chéile agus gan ach sé mhí caite fós acu sa Dáil nua. Aoibhinn beatha na dTeachtaí Dála sa bhfreasúra agus fadhb mhór nach léir a réiteach á plé agus gan aon dualgas orthu tabhairt faoina réiteach go gceann i bhfad!
Léiríodh an brú atá an scéal a chur ar an rialtas sular thosaigh an díospóireacht. Thug foinsí rialtais le fios nach molfadh an rialtas frithrún mar is gnáth agus nach vótálfadh páirtithe an chomhrialtais in aghaidh rún an fhreasúra. B’ionann an cinneadh, mar aon le ráitis an rialtais sa Dáil, agus bua glan 1-0 don fhreasúra.
Má fhágtar an iomaíocht pholaitiúil i leataobh ar feadh scaithimh, b’fhiú do gach Teachta Dála machnamh ar an bhfaisnéis oifigiúil a tugadh i gcaint an Taoisigh agus an aire leanaí Norma Foley sa Dáil agus i bhfreagraí scríofa a tugadh ar cheisteanna a chuir Claire Kerrane ó Shinn Féin, Alan Kelly ón Lucht Oibre agus Teachtaí eile.
Ní raibh measúnú iomlán déanta faoi dheireadh mhí an Mhárta ar 15,300 iarratas agus is dóigh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh thart ar 25,000 páiste ag fanacht ar mheasúnú faoi dheireadh na bliana.
Ní raibh measúnú déanta ná críochnaithe faoi dheireadh mhí an Mhárta ar 93 faoin gcéad de na páistí a bhí á iarraidh.
Tá an t-éileamh ar mheasúnú ag méadú i gcónaí – mar shampla ó 8,400 iarratas in 2023 go dtí 10,600 anuraidh.
Ar an taobh eile den áireamh, léirigh an measúnú a rinneadh ar 26 faoin gcéad de na páistí nach raibh siad faoi mhíchumas.
Is léir ón gclaonadh fadtéarmach, áfach, go bhfuil méadú (nár aimsíodh a chúis fós) ag teacht ar mhinicíocht an uathachais.
Bhí uathachas ar a hocht déag faoin gcéad de na páistí a ndearnadh measúnú orthu in 2013, a dúirt Norma Foley sa Dáil. Deich mbliana ina dhiaidh sin in 2023, bhí uathachas ar 36 faoin gcéad.
Tá earcú teiripeoirí breise agus maoiniú do mheasúnú príobháideach beartaithe ag an rialtais, mar aon le leasú ar an dlí a cheadódh laghdú ar an méid ama a chaitheann teiripeoirí ar mheasúnú. Ba mhaith leis an rialtas, a dúirt an Taoiseach, go rachaidís i mbun teiripe chomh luath agus is féidir.
Sheachain Micheál Martin agus Norma Foley caint ar spriocanna ama áfach. Seachantacht atá intuigthe ainneoin an riachtanais:
Ní hionann dea-thoil faraor agus dul chun cinn a shásóidh Cara Darmody agus a deartháireacha agus a tuismitheoirí a fhágtar cheal codlata rómhinic agus iad a tabhairt aire dóibh.
Ní shásóidh dea-thoil gach tuismitheoir eile atá sa chruachás céanna, go háirithe na mílte a fhágtar gan dea-scéala nó drochscéala.
Tá an liosta feithimh ar mheasúnú áiféiseach, agus beidh ar feadh i bhfad.
Tá na seirbhísí teiripe bearnach i mórán áiteanna.
Níl dóthain ionad scoile á chur ar fáil do pháistí faoi mhíchumas faoi láthair agus tiocfaidh méadú cinnte ar an éileamh.
Tá méadú ar oiliúint agus ar earcú teiripeoirí geallta ach ní bheidh mórán sa bhreis mbun oibre sa ghearrthéarma.
Idir an dá linn, ní beag an cinneadh polaitiúil ná sláinte é tréimhse oibre na saineolaithe a laghdú ionas go rachaidís i mbun teiripe níos luaithe.
Ní idir dhá thine Bhealtaine atá an rialtas agus an fhadhb á meá acu ach idir cúig cinn, ar a laghad.
Fág freagra ar 'Ainneoin an riachtanais, ní heol don rialtas conas seirbhísí do pháistí le míchumas a fheabhsú'