De réir cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, chaithfí ainm Gaeilge a thabhairt ar aon chomhlacht poiblí nua a bhunófar.
De réir na dréachtreachtaíochta aa fhoilseofar amárach, ní dhéanfaí eisceacht maidir le hainm Gaeilge d’aon chomhlacht seachas comhlachtaí a bheadh ag feidhmiú don chuid is mó lasmuigh den Stát.
I gcás comhlachtaí nua dá leithéid bheadh ainm an chomhlachta i mBéarla agus i nGaeilge agus bheadh an stádas céanna ag an dá ainm i lógónna agus ar stáiseanóireacht.
De réir cheannteidil an Bhille, bheadh dualgas chomh maith ar gach comhlacht poiblí nua lógó dátheangach a bheith acu ar a dtabharfaí tús áite don Ghaeilge. Bheadh an stádas céanna ag an nGaeilge agus ag an mBéarla sa téacs ar an lógó.
Bheadh an dualgas céanna ar chomhlachtaí poiblí atá bunaithe cheana ach a bheartódh lógó nua a bheith acu.
De réir cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, a fhoilseofar amárach, bheadh dualgas chomh maith ar gach comhlacht a aithint go bhfuil sé de cheart ag an saoránach ainm agus seoladh i nGaeilge nó i mBéarla a bheith aige.
Le feidhm a thabhairt don cheart nua seo, chaithfeadh Aire na Gaeltachta rialachán a dhéanamh agus is de réir a chéile a chuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm, a deirtear, toisc go gcaithfí na córais IT agus eile atá in úsáid sa tseirbhís phoiblí a chur in oiriúint don athrú.
Maidir le foirmeacha oifigiúla deirtear “go bhféadadh” an tAire Gaeltachta rialachán a dhéanamh faoin reachtaíocht a d’fhágfadh mar dhualgas ar gach comhlacht poiblí gach foirm oifigiúil dá gcuid a chur ar fáil i nGaeilge amháin, nó i nGaeilge agus i mBéarla. Sa chás go mbeadh foirmeacha dátheangacha i gceist chaithfí tús áite a thabhairt don Ghaeilge.
Pádraig
Is suim mhaith í chun Gaeilge a spreagadh i measc na tíre seo agus an domhain freisin. Cuireann an corás seo aghaidh nua ar theanga na Gaeilge sa laetheanta atá againn