‘Aimsíodh an leigheas atá á lorg ag chuile dhuine 60 bliain ó shin: an piolla frithghiniúnach’

AN SAOITHÍN AERÁIDE: an é an breithrialú an réiteach fadtréimhseach ar ráigeanna ar nós Covid-19?

‘Aimsíodh an leigheas atá á lorg ag chuile dhuine 60 bliain ó shin: an piolla frithghiniúnach’

Nuair a bhí an Saoithín Aeráide óg, bhí an-dúil aige i gcolúin raidió agus irise an bhitheolaí agus an scríbhneora ón Ísiltír, Midas Dekkers.

Fear géarchúiseach é Dekkers a bhfuil bua ar leith aige próisis chasta bhitheolaíocha a mhíniú ar bhealach simplí, agus go minic greannmhar. Ní sheachnaíonn Dekkers an chonspóid, agus ní raibh aon ionadh ar an Saoithín Aeráide an lá faoi dheireadh nuair a chonaic sé an cheannlíne seo a leanas ar agallamh le Dekkers san iris Bheilgeach Humo: ‘Aimsíodh an leigheas atá á lorg ag chuile dhuine faoi láthair seasca bliain ó shin: an piolla frithghiniúnach.’

Ní chuireann Dekkers aon fhiacail ann sa chuid eile den agallamh ach oiread. 

‘San áit a dtagann an iomarca daoine ar an saol, caithfidh dóthain daoine bás a fháil. Ní mar a bheadh pionós ó Dhia ann, ach toisc gurb é sin an chaoi a ritheann Máthair Dúlra a Teach.’

Nuair a bhíonn barraíocht luchóg ann, tagann méadú ar líon na n-ulchabhán, a mhíníonn Dekkers. Nuair a bhíonn barraíocht daoine ann, bíonn borradh faoi namhaid nádúrtha an duine. 

Ní hé an taisteal ar fad atá á dhéanamh ag an gcine daonna is cúis le scaipeadh rábach an choróinvíris, a mhaíonn sé, ach an chaoi a bhfuilimid inár gcónaí i mullach a chéile. Srian a choinneáil leis an daonra, sin é an réiteach fadtréimhseach ar ráigeanna galar ar nós Covid-19, dar le Dekkers.

‘D’fhéadfadh duine ar bith nach raibh ina chodladh le linn na ranganna bitheolaíochta ar scoil an phaindéim seo a thuar. Bhí rabhadh á thabhairt thiar sna 1960idí gur ráigeanna den chineál seo an toradh a bheadh ar fhás neamhshrianta an daonra. Mar sin féin, níor cuireadh polasaithe i bhfeidhm. A mhalairt: in ainneoin chuile shórt, sa lá atá inniu ann déantar comhghairdeachas leat i gcónaí nuair a chuireann tú le róphlódú an daonra i bhfoirm linbh, ach tá sé i bhfad níos frithshóisialta páiste a chur ar an saol ná neamhaird a dhéanamh ar an scaradh sóisialta.’

Cinnte, tuigeann Dekkers an tionchar a bhíonn ag giotán cainte conspóideach. Ach bheadh dul amú ar an té a thabharfadh ‘éiceafhaisisteach’ air, mar a thugtar go rómhinic orthu siúd a bhfuil sé de mhisneach acu aird a tharraingt ar róphlódú an phláinéid i gcomhthéacs ghéarchéim na haeráide.

‘Déanaimis iarracht ár mbeatha a shábháil an iarraidh seo,’ a deir Dekkers maidir leis an bpaindéim reatha. ‘Ach amach anseo coinnímis srian leis an daonra ar bhealaí síochánta – breithrialú, i bhfocail eile.’

D’fhéadfadh duine a mhaíomh gur tháinig ráig an choróinvíris chun cinn sa tSín, ceann d’fhíorbheagán tíortha a chuir polasaí breithrialaithe i bhfeidhm riamh, ach ar ndóigh ba é an róphlódú a bhí ann cheana féin ba chúis leis an bpolasaí sin (NASC: https://en.wikipedia.org/wiki/One-child_policy) an chéad lá riamh, níor mhair an polasaí ach 36 bliain, agus bhí oiread eisceachtaí ar na rialacha go mbíodh cead ag thart ar leath mhuintir na Síne an dara páiste a bheith acu. 

Cuireadh deireadh leis an bpolasaí sin sa tSín sa bhliain 2015. Ach i bhfianaise phaindéim an lae inniu agus go deimhin i bhfianaise ghéarchéim na haeráide, nárbh fhiú leagan comhaimseartha, cóir agus cothrom dá leithéid a phlé ar bhonn domhanda? 

Measann an Saoithín Aeráide gur fiú.

Fág freagra ar '‘Aimsíodh an leigheas atá á lorg ag chuile dhuine 60 bliain ó shin: an piolla frithghiniúnach’'

  • aoinne

    Pléann an t-alt seo buanna na frithginiúna gan lua ar na cúiseanna clanna móra, an ceann is mó ná bochtanas. is gá bochtanas a réitiú sula réiteofar an ráta breithe. Caithfear a rá freisin go ndéanann an iarthar an méid is mó dochair don aeráid per capita cé go bhfuil claonadh ag daoine san iarthar forbartha clann beag a bheith acu. Beidh athrú mór ar an saol ó na beo chun tomhaltas a laghdú sula sábhálfar an domhan.

  • Poraic o'hEipicín

    Cácamus.