Seans nach bhfeicfear go ceann i bhfad Príomh-Aire caomhnach cosúil le Theresa May. Ní hé atá i gceist nach mbeidh bean eile i Sráid Downing arís, ach rud éigin níos bunúsaí ar fad ná sin. Fágann an tslí ar chlis ar cheannaireacht May ó 2017 i leith nach dtabharfar an cheannaireacht d’aon fheisire caomhnach nach mbeidh olc sa chroí aige nó aici don Aontas Eorpach. Ní leor feasta fiú naimhdeas straitéiseach polaitiúil don Aontas – is gá duine a bhfuil fuath go smior ann dó.
Ba chuma le Theresa May faoin Aontas Eorpach i ndáiríre, fiú nuair a bhí sí sa Home Office agus i gceannas ar an gcóras inimirce le linn ré David Cameron agus Nick Clegg idir 2010-2016. Bíonn dóthain solúbthachta sna conarthaí Eorpacha chun go mbeadh deis ag airí náisiúnta na rialacha a mhúnlú de réir mar is gá, agus bhí May sásta an deis sin a thapú chun athruithe éagsúla a chur i gcrích. (Deirtear go minic sa lá atá inniu ann gur córas ‘righin’ é córas rialacha an AE, ach a mhalairt atá fíor mar is uirlis sholúbtha é an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).
Mar is eol do cách, vótáil May in aghaidh an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016, rud a nocht sí go poiblí. Ba léir áfach go raibh an tuairim ann in 2016 gurbh fhearr a d’éireodh le duine ón eite sin den pháirtí Caomhach dá mbeadh sé nó sí sásta comhoibriú leis an Aontas Eorpach agus ballraíocht na Ríochta Aontaithe a chosaint ó chomhcheilg Nigel Farage et al. Ní dócha go ndéanfadh na Tóraithe cinneadh den chineál sin arís, ’sé sin caomhnach measartha, neodrach fiú, a chur soir chun margadh a aontú le Coimisiún an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil.
B’fhiú smaoineamh air sin anocht agus muid go léir ag baint lán na súl as sáinn May agus as an náiriú polaitiúil a mheastar atá i ndán di agus dá margadh imeachta i bparlaimint Westminster.
Táimid ag féachaint ar éigeandáil dhochreidte a bhfuil polaitíocht na Breataine curtha as a riocht aici, ach táimid ag féachaint chomh maith ar an bPríomh-Aire caomhnach deireanach nach bhfuil fuath go smior ann do thionscnamh Monnet agus Schuman.
Ina chur síos cáiliúil ar chomhphobal ársa an Bhlascaoid ina leabhar, An tOileánach, mhaígh Tomás Ó Criomhthain gur iarsma de ré dhearóil é féin. Ba léir dó go raibh sé ag scríobh mar gheall ar ‘d[h]eireadh an áil’. ’Sí Theresa May deireadh an áil freisin. In 2016, níor tugadh an cheannaireacht do chomh-ailtire an reifrinn, Boris Johnson. In 2018, theith David Davis ón rialtas ar cosa in airde, agus dhiúltaigh comh-ailtire eile an reifrinn Michael Gove freagracht pholaitiúil a ghlacadh as na cainteanna le Michel Barnier nuair a dhiúltaigh sé don phost mar Státrúnaí Breatimeachta a thairg May dó. Ní bheidh an eite fhrithEorpach seo sna Tóraithe in ann uimhir 10 Sráid Downing agus an phríomhaireacht a sheachaint go deo, áfach. Ní ann a thuilleadh ach oiread don chaomhnach measartha a bheadh in ann iad a choimeád faoi smacht.
Caithfear mar sin seans a thabhairt dóibh dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór seo a bhfuil an tír go léir thíos leis, ’sé sin, conas a chur ina luí ar an bpobal go mbaineann an pholaitíocht leis na rudaí atá riachtanach do shaol an chomhlathais, seachas leis na rudaí a bhíonn ag teastáil ó mhóramh beag ó ham go chéile.
Ba chóir freisin seans a thabhairt dóibh teip sa chúram, rud a thabharfar nuair a imíonn Theresa May faoi dheireadh.
Cluain Sceach
Ábhar machnaimh!
An Teanga Bheo
Thréig go leor eile acu an nead chomh maith agus ní morán cultaca don Príomh Aire iad anois ?