Súil i bhfad siar: 1970
Tá atheagrú bunúsach ar an tseirbhís sláinte fógartha ag an rialtas. Dúirt an t-aire sláinte Erskine Childers go bhfeabhsódh na struchtúir nua caighdeán na seirbhíse. Is í príomhaidhm na struchtúr nua, arsa an t-aire, cóir leighis éifeachtach a chur ar fáil d’othair ar fud na tíre.
De réir an phlean nua, bunófar boird sláinte réigiúnacha a bheidh freagrach as riaradh agus maoiniú na n-ospidéal i ngach réigiún, chomh maith le soláthar seirbhísí sláinte eile. Dúirt an t-aire go gcinnteodh bunú na mbord nua riar éifeachtach réigiúnach, in áit an chórais náisiúnta a bhí ann go dtí seo.
Ní i mBaile Átha Cliath a shocrófar feasta conas agus cén áit a gcuirfear seirbhísí ar fáil as seo amach, a dúirt Erskine Childers, ach san áit ina dtuigtear riachtanais áitiúla i gceart.
Dúirt an t-aire freisin gur mhol na saineolaithe a chuir tuairisc ar atheagrú na seirbhíse sláinte faoi bhráid an rialtais go mbeadh sí á riaradh feasta ar bhonn réigiúnach, in aon réigiún déag, seachas í a bheith faoi stiúir lárnach.
Nuair a fiafraíodh den aire an laghdódh an t-atheagrú caiteachas an stáit ar an tseirbhís sláinte, dúirt sé go raibh súil aige go laghdódh. Ní raibh sé toilteanach cur síos a dhéanamh ar shonraí ná ar spriocanna.
Súil siar níos cóngarai: 2004
Tá atheagrú bunúsach ar an tseirbhís sláinte fógartha ag an rialtas. Dúirt an t-aire sláinte Mary Harney go bhfeabhsódh na struchtúir nua caighdeán na seirbhíse. Is í príomhaidhm na struchtúr nua, arsa an t-aire, cóir leighis éifeachtach a chur ar fáil d’othair ar fud na tíre.
De réir an phlean nua, bunófar eagras náisiúnta nua ar a dtabharfar ‘Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte’ a bheidh freagrach as riaradh agus maoiniú na n-ospidéal ar fud na tíre, chomh maith le soláthar seirbhísí sláinte eile. Dúirt an t-aire go gcinnteodh bunú an eagrais nua riar éifeachtach náisiúnta in áit an chórais réigiúnaigh a bhí ann go dtí seo.
Ní ar fud na tíre ach i mBaile Átha Cliath a shocrófar feasta conas agus cén áit a gcuirfí seirbhísí ar fáil, a dúirt Mary Harney, ach san áit ina dtuigtear riachtanais náisiúnta i gceart.
Dúirt an t-aire freisin gur mhol na saineolaithe a chuir tuairisc ar atheagrú na seirbhíse sláinte faoi bhráid an rialtais go mbeadh sí á riaradh feasta ar bhonn náisiúnta, seachas í a bheith faoi stiúir áitiúil.
Nuair a fiafraíodh den aire an laghdódh an t-atheagrú caiteachas an stáit ar an tseirbhís sláinte, dúirt sí go raibh súil aici go laghdódh. Ní raibh sí toilteanach cur síos a dhéanamh ar shonraí ná ar spriocanna.
Súil ar an lá atá inniu ann: 2019
Tá atheagrú bunúsach ar an tseirbhís sláinte fógartha ag an rialtas. Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go bhfeabhsódh na struchtúir nua caighdeán na seirbhíse. Is í príomhaidhm na struchtúr nua, arsa an tAire, cóir leighis éifeachtach a chur ar fáil d’othair ar fud na tíre.
De réir an phlean nua, bunófar sé réigiún nua sláinte ina mbeifear freagrach as riaradh agus maoiniú na n-ospidéal, chomh maith le soláthar seirbhísí sláinte eile. Dúirt an tAire go gcinnteodh bunú na réigiún nua riar éifeachtach, in áit an chórais lárnaithe a bhí ann go dtí seo.
Ní i mBaile Átha Cliath a shocrófar feasta conas agus cén áit a gcuirfear seirbhísí ar fáil as seo amach, a dúirt Simon Harris, ach de réir riachtanais i ngach réigiún.
Dúirt an tAire freisin gur mhol an coiste uilepháirtí a chuir tuairisc ‘Sláintecare’ faoi bhráid an rialtais go mbeadh an tseirbhís á riaradh feasta ar bhonn réigiúnach, seachas í a bheith faoi stiúir lárnach.
Nuair a fiafraíodh den aire an laghdódh an t-atheagrú caiteachas an stáit ar an tseirbhís sláinte, dúirt sé go raibh súil aige go laghdódh. Ní raibh sé toilteanach cur síos a dhéanamh ar shonraí ná ar spriocanna.
Súil romhainn: 2033?
Tá atheagrú bunúsach ar an tseirbhís sláinte fógartha ag an rialtas. Dúirt an t-aire sláinte…
Agus mar sin de. Is furasta struchtúir a athrú, agus a athrú arís Ní dheimhníonn síor-athrú struchtúir feabhas ar bith. Is deacra go mór aghaidh a thabhairt ar athruithe fiúntacha:
1. An tseirbhís sláinte a chur ar bhonn cothrom
2. Na leapacha breise a theastaíonn sna hospidéil a chur ar fáil
3. Dochtúirí, comhairleoirí agus altraí mar is gá a earcú, agus a choinneáil
4. Cúram baile a chur ar fáil de réir riachtanais, agus
5.Caiteachas sláinte an stáit (a) a mhéadú agus (b) a bhreithniú i gceart.
Tá cur síos breá ar an gclár oibre sa tuairisc a chuir coiste ‘Sláintecare’ chuig an rialtas breis agus dhá bhliain ó shin. Ní theastaíonn anois ach an cur chuige.
Fág freagra ar 'Agus anois na ceannlínte ó 2019, 2004 agus 1970 -Tá atheagrú le déanamh ar an tseirbhís sláinte…'