‘Agóid thostach’ ag Stormont beartaithe don tráthnóna ag an Dream Dearg

Tá an agóid á heagrú mar chuid den tseachtain mhór feachtasaíochta atá ar bun ag an Dream Dearg an tseachtain seo leis an éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart a léiriú

‘Agóid thostach’ ag Stormont beartaithe don tráthnóna ag an Dream Dearg

Beidh an Dream Dearg i mbun léirsithe arís inniu ag Stormont i mBéal Feirste leis an éileamh ar Acht Gaeilge don Tuaisceart a léiriú. Tá agóid an lae inniu á heagrú mar chuid den tseachtain mhór feachtasaíochta atá ar bun ag an Dream Dearg an tseachtain seo.

Tá an grúpa feachtais ag iarraidh ar phobal na Gaeilge a bheith i láthair ag Stormont ag 12.45 tráthnóna le dul i mbun “agóid thostach” chun “ceart, cothromas agus cóir” a éileamh do lucht labhartha na Gaeilge. Táthar ag súil le daltaí ó roinnt scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar a bheith ann freisin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, ón Dream Dearg, gur “theip ar an stát” i leith na Gaeilge.

“Beidh an ghlúin úr de chainteoirí Gaeilge chun tosaigh arís eile. Gaeil óga, déagóirí agus daltaí Gaelscoileanna, mar aon le tuismitheoirí agus ionadaithe eile ó phobal na Gaeilge, a bheidh páirteach san agóid thostach seo chun teip an stáit i dtaobh na Gaeilge, agus i dtaobh reachtaíocht Ghaeilge ach go háirithe, a léiriú athuair.

“Aontaíodh agus gealladh seo dúinn breis agus 10 mbliana ó shin. Éilíonn an pobal Acht Gaeilge neamhspleách, ceartbhunaithe gan a thuilleadh moille agus iarrann muid ar na páirtithe a bhíonn ag seasamh linn teacht le seasamh linn arís eile inniu,” a dúirt sé.

Seo an ceathrú lá den tseachtain mhór feachtasaíochta. Bheartaigh an Dream Dearg dlús a chur lena bhfeachtas ar son an Achta an tseachtain seo mar go bhfuiltear den tuairim láidir go dtiocfaidh deireadh leis na cainteanna polaitiúla ó thuaidh go luath. Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne ó thuaidh ó thús na bliana seo agus í ar cheann de na bacanna is mó roimh athbhunú Stormont.

Ó thús na seachtaine tá os cionn 1,500 duine tar éis Twibbon an fheachtais a chur lena bpictiúr próifíle ar na meáin shóisialta agus crochadh lear mór físeán ar Facebook agus Twitter inné inar mhínigh lucht tacaíochta an Achta Gaeilge an fáth a bhfuil reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin á lorg acu, roinnt polaiteoirí ina measc.

Tá an Dream Dearg ag iarraidh ar an bpobal éadaí dearga a chaitheamh chun na hoibre amárach agus beidh feachtas grianghraf ar bun don lá. Beifear ag súil go gcaithfidh lucht tacaíochta an Achta éadaí dearga ar scoil, sa bhaile nó san ionad oibre agus go seolfar pictiúir chuig an ngrúpa feachtais ar na meáin shóisialta.

Seolfaidh an Dream Dearg litir oscailte chuig Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, Dé Sathairn agus iarrfaidh siad ar an bpobal a gcuid litreacha féin a chur chuige leis an éileamh ar Acht Teanga a léiriú don pholaiteoir a bheidh i gceannas ar an Tuaisceart sa chás go dteipfeadh ar na cainteanna atá ar bun idir na páirtithe polaitíochta ó thuaidh faoi láthair.

Cuirfear deireadh leis an tseachtain mhór feachtasaíochta Dé Domhnaigh, nuair a bheidh léirsiú eile ar siúl toabh amuigh de Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste.

Fág freagra ar '‘Agóid thostach’ ag Stormont beartaithe don tráthnóna ag an Dream Dearg'

  • cliodhna

    Dearg go deo agus go beo! Maith sibh a dheargoiri.

  • seadna

    Craorag!