Aghaidh á tabhairt ag cailíní Chois Fharraige ar Mheiriceá ar scoláireachtaí rugbaí 

Tá scoláireacht $50,000 an duine bronnta ar bheirt chairde as an Teach Mór, Indreabhán, a d’imir le chéile ar fhoireann Chonnacht faoi aois agus le Corinthians na Gaillimhe 

Aghaidh á tabhairt ag cailíní Chois Fharraige ar Mheiriceá ar scoláireachtaí rugbaí 

Tá scoláireachtaí $50,000 bronnta ar bheirt bhan óg as Gaeltacht Chonamara le dul ag imirt rugbaí agus ag staidéar in ollscoileanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Beirt chairde iad Fódhla Ní Bhraonáin agus Aifric Ní Ghibne, as an Teach Mór, Indreabhán, a d’imir le chéile ar fhoireann Chonnacht faoi aois agus le Corinthians na Gaillimhe. 

Beidh Fódhla Ní Bhraonáin, ag pilleadh ar Ollscoil Quinnipiac in Hamden, Connecticut ar scoláireacht rugbaí a bronnadh uirthi anuraidh, agus beidh Aifric Ní Ghibne ag cur tús lena céad bhliain ar Ollscoil Springfield, Massachusetts i gceann coicíse. 

Deir Aifric gurb í Fódhla, agus cara eile ón fhoireann peile áitiúil, a spreag í le dul ag imirt rugbaí an chéad lá. 

“Thosaigh mé ag imirt ceithre bliana ó shin, nuair a bhí mé 15 bliana d’aois. Bhí Fódhla agus cailín eile, Éabha Nic Dhonnacha, ag imirt do na Corinthians. Chuir siad iachall orm dul in éineacht leo agus é a thriail agus thit mé i ngrá leis an spórt,” a dúirt Aifric. 

Ní raibh Aifric i bhfad ag imirt rugbaí nuair a roghnaíodh í d’fhoireann Chonnacht faoi 18 agus roghnaíodh í d’fhoireann Chonnacht faoi 20 ina dhiaidh sin. 

“Ceann de na rudaí is fearr faoi bheith ag imirt leis na foirne faoi aois ná go mbíonn deis againn traenáil leis an bhfoireann shinsir,” a deir sí. 

Thosaigh Fódhla, atá 19 bliain d’aois chomh maith, ag imirt rugbaí nuair a bhí sí 13 bliain. 

“Bhí mé ag iarraidh sacar a imirt ach bhí mo dheirfiúr ag traenáil trí oíche sa tseachtain i nGaillimh agus ní raibh mo dhaid ag iarraidh tiomáint isteach oíche eile. 

“Dúirt sé liom go raibh na Corinthians, an fhoireann a n-imríonn mo chuid deartháireacha dóibh, ag cur tús le foireann rugbaí do chailíní faoi aois agus tá mé ag imirt ó shin. Is breá liom é.”  

Is fríd an suíomh ‘First Point USA’, ardán do mhic léinn ar mian leo scoláireachtaí spóirt a fháil in ollscoileanna i Meiriceá, a fuair Aifric agus Fódhla a gcuid scoláireachtaí. 

Bíonn an suíomh á úsáid ag scabhtaí in ollscoileanna ar fud na Stáit Aontaithe atá ag iarraidh tairiscintí a thabhairt do mhic léinn a imríonn spóirt. 

Cúrsa sa Dlí Coiriúil agus Síceolaíocht atá roghnaithe ag Aifric Ní Ghibne agus beidh sí ag cur tús lena céad seimeastar in Ollscoil Springfield in Massachusetts go luath. Tá a céad bhliain déanta ag Fódhla Ní Bhraonáin dá céim sa chuntasaíocht in Ollscoil Quinnipiac agus séasúr caite aici ag imirt rugbaí ar fhoireann na hollscoile. 

“Tá sé difriúil. Níl a fhios agam cén chaoi a mbíonn sé sna coláistí anseo mar gheall nach ndeachaigh mé ann. Bím i mo chónaí ar champas na hollscoile agus feiceann tú é sin sna scannáin agus nuair atá tú ann tú féin, bíonn sé cineál aisteach amanta. 

“Ó thaobh an rugbaí de, níl an caighdeán chomh hard is atá sé sa mbaile. Níl rugbaí na mban ach tosaithe amach. Tá an fhoireann s’againne ar an bhfód ocht mbliana, seo an naoú bliain i mbliana, mar sin níl an caighdeán chomh hard sin.

“Teastaíonn daoine ar nós mise agus Aifric le dul sall agus daoine a spreagadh agus an rugbaí a fhorbairt thall.” 

Fág freagra ar 'Aghaidh á tabhairt ag cailíní Chois Fharraige ar Mheiriceá ar scoláireachtaí rugbaí '