AGALLAMH: ‘Seoid i gcoróin na hOllscoile na hionaid Ghaeltachta’ – An tOllamh Breandán Mac Suibhne

Deir Stiúrthóir Léinn nuacheaptha Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go mbeidh na hionaid Ghaeltachta ‘go mór i mbéal an phobail’ sna blianta amach romhainn

AGALLAMH: ‘Seoid i gcoróin na hOllscoile na hionaid Ghaeltachta’ – An tOllamh Breandán Mac Suibhne

Is “seoid i gcoróin na hOllscoile” atá sna hIonaid Ghaeltachta, dar le Breandán Mac Suibhne, a ceapadh ina Stiúrthóir Léinn ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh le déanaí.

Deir an tOllamh Breandán Mac Suibhne, scoláire agus staraí aitheanta de bhunadh iarthar Dhún na nGall, go mbeidh an obair atá ag gabháil ar aghaidh sna hionaid Ghaeltachta “go mór i mbéal an phobail sna blianta amach romhainn”.

“Tá an treo a rachas muid agus na deiseanna atá le tapú againn le plé san Acadamh agus san Ollscoil agus tá siad le plé le rannpháirtithe eile chomh maith, muintir na Gaeltachta san áireamh.

“Beidh muid ag cur le réimse na gcúrsaí amach anseo agus beidh muid ag cur leis na tionscadail agus na himeachtaí eile a bhíos ag gabháil ar aghaidh iontu chomh maith,” a dúirt Mac Suibhne le Tuairisc.ie

Tuairim is 2,000 mac léinn a bhíonn ag freastal ar chúrsaí de chuid an Acadaimh sna hionaid Ghaeltachta go hiondúil, a dúirt Mac Suibhne. San áireamh ansin bíonn mic léinn a thugann faoi chúrsaí gearra mar chuid riachtanach dá n-oiliúint acadúil i réimsí éagsúla.

Thug an tOllamh Mac Suibhne le fios go mbeidh “an chuid is mó” den teagasc á reáchtáil ar líne san fhómhar mar gheall ar Covid-19.

Dúirt sé go bhfuil “seantaithí” ag foireann an Acadaimh ar an teagasc ar líne agus gur tugadh aitheantas don tacaíocht a thug siad sa réimse sin do bhaill eile foirne de chuid na hOllscoile nuair a dúnadh na hinstitiúidí oideachais i mí an Mhárta seo caite.

Dúirt Mac Suibhne, a chaith cuid mhaith dá shaol acadúil i Meiriceá agus a bhfuil go leor duaiseanna bronnta air mar gheall ar a shaothair staire, go bhfuil sé ag súil go mbeidh ionaid uilig an Acadaimh oscailte arís “gan mhoill”, ach go bhfuil “go leor” ag brath ar chúrsaí sláinte phoiblí.

“Tá muid ag dréim le bliain ghnóthach in 2021. Tá na cúrsaí a bhí beartaithe don samhradh seo curtha ar ceal go dtí an bhliain seo chugainn—samhradh 2021. Agus na mic léinn a bhí le bheith ar an Seimeistear Gaeltachta i mbliana beidh siad sna hIonaid Ghaeltachta in 2021.”

Cé go raibh “an-díomá” ar fhoireann an Acadaimh gur cuireadh cúrsaí an tsamhraidh ar ceal, dúirt Mac Suibhne go raibh ag éirí leis an Acadamh leanúint leis an obair chartlannaíochta sna hionaid Ghaeltachta agus lena seirbhís aistriúcháin, mar a bhí roimh an phaindéim.

“Lena chois sin, coinneoidh an tAcadamh ag stiúradh togra Fios Físe, sin tionscadal taighde ar phatrúin éisteachta agus féachana lucht labhartha na Gaeilge. Agus ar ndóigh, beidh baill den fhoireann ag leanstan dá gcuid taighde féin ar ghnóthaí éagsúla – cosúil leis an Bhéaloideas, an tSochtheangeolaíocht, nó, i mo chás féin, an Stair,” a dúirt sé.

Dúirt Stiúrthóir Léinn nua an Acadaimh go raibh go leor dúshlán roimhe sa ról nua in aimsir seo an choróinvíris.

“An dúshlán is mó atá romhamsa anois ná déanamh cinnte go gcoinníonn muid ag cur cúrsaí ollscoile den chéad scoth ar fáil dár gcuid mac léinn, go gcoinníonn muid orainn ag déanamh taighde den chaighdeán is airde in ár ndisciplíní éagsúla agus go gcoinníonn muid ag cur seirbhísí cartlannaíochta agus aistriúcháin den chéad ghrád ar fáil – ach aird a bheith againn i gcónaí ar chúrsaí sláinte,” ar sé.

Ba mhaith leis chomh maith aithne a chur ar an fhoireann 60 duine atá ag obair ar bhonn lán-aimseartha san Acadamh, dúshlán ar leith nuair atá “doirse oifigí dúnta agus daoine ag obair sa bhaile”.

I measc na gcúrsaí nua a bheas á reáchtáil ag an Acadamh i mbliana, tá cúrsa san Fhotheidealú agus cúrsa céime sa Luathoideachas (Leibhéal 8).

“Nuair nach bhfuil daoine ag éirí amach oiread is bhí siad, seans go mbeidh fonn orthu triail a bhaint as cúrsa ar líne,” a dúirt Mac Suibhne.

Beidh seachtain ionduchtaithe don chéad bhliain ag tosú ar an 21 Meán Fómhair, agus an teagasc ag tosú ar an 28 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: ‘Seoid i gcoróin na hOllscoile na hionaid Ghaeltachta’ – An tOllamh Breandán Mac Suibhne'

  • Cluain Sceach

    Go n-éirí le Breandán sa phost tábhachtach seo!