‘Agallamh’ Gaeilge seachas scrúdú cainte do lucht Ardteiste 2021

Coimisiún na Scrúduithe Stáit seachas an t-agallóir ná an scoil a bhronnfaidh marc ar an dalta a roghnaíonn agallamh Gaeilge a dhéanamh mar chuid d’Ardteist 2021

‘Agallamh’ Gaeilge seachas scrúdú cainte do lucht Ardteiste 2021

Tá treoir eisithe ag an Roinn Oideachais do scoileanna maidir le reáchtáil bhéaltrialacha na hArdteiste ach ní bheifear ag tabhairt scrúduithe cainte ná béaltrialacha orthu mar is agallamh atá i gceist i mbliana.

Reáchtálfaidh na scoileanna na hagallaimh idir an 26 Márta agus an 15 Aibreán taobh amuigh d’uaireanta ranga. Beidh na scoileanna dúnta do shaoire na Cásca idir an 29 Márta agus an 9 Aibreán ach is faoin scoil féin am agus dáta na n-agallamh a roghnú.

Féadfaidh siad múinteoir cáilithe sa scoil nó sa gceantar a fhostú ach ní gá gur múinteoir Gaeilge a bheadh i gceist ach an scoil a bheith sásta go bhfuil cumas maith Gaeilge ag an agallóir.

Beidh cúntóir riaracháin le ceapadh chomh maith chun na hagallaimh agus an taifeadadh a riaradh sa scoil.

Molann an Roinn gan níos mó ná trí agallamh san uair a dhéanamh agus a chinntiú go bhfuil taifead cúltaca slán ag an scoil i gcás míthapa. Má bhíonn an t-agallamh róghearr ní bheidh aon chúiteamh le fáil ag an dalta ó Choimisiún na Scrúduithe.

Caithfidh an scoil cloí go docht le treoracha sláinte phoiblí agus beidh peirspéacs  agus dhá mhéadar le cur idir an t-agallóir agus an dalta mar go gcuirfeadh masc as do chaighdeán na fuaime ar an taifead.

Aon dalta nach bhféadfaidh freastal ar an agallamh de bharr míchumais, easláinte nó rialacha Covid-19, déanfar an t-agallamh ar Zoom.

An t-athrú is mó ar an gcóras i mbliana nach mbeidh an t-agallóir ná an scoil ag bronnadh aon mharc ar na daltaí ná ag cur ord fiúntais ar fáil. Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an mharcáil agus an grádú ach a seolfar na taifeadtaí chucu ó na scoileanna. Cuirfear liúntas €19.56 an dalta ar fáil don agallóir agus €146.19 sa lá don chúntóir riaracháin.

Na daltaí a roghnaíonn scrúdú traidisiúnta chomh maith lena ngráid mheasta amháin a bheidh á gcur faoi agallamh.

Níl aon eolas ann go fóill faoi cén difríocht a bheidh idir an t-agallamh agus an scrúdú cainte.

Fág freagra ar '‘Agallamh’ Gaeilge seachas scrúdú cainte do lucht Ardteiste 2021'

  • Antóin

    Ní hionann agallamh agus béaltriail. Ní hionann múinteoir Gaeilge agus duine a bhfuil cumas maith Gaeilge aige. Is mar an gcéanna é le múinteoirí Fraincise agus Gearmáinise etc. Scil ar leith atá ann a bheith ábalta daltaí a chur ar a suaimhneas lá an scrúdaithe agus an comhrá a choinneáil ag dul, fios a bheith ag duine cén uair is ceart cuidiú leo chun an sruth cainte a choinneáil ag dul, fios a bheith ag duine cad iad na ceisteanna is oiriúnaí ar an lá, b’fhéidir ceisteanna níos fusa nó b’fhéidir ceisteanna níos dúshlánaí., ach a bheith ábalta an cinneadh sin a dhéanamh láithreach nuair is gá. Tuigeann an múinteoir é sin tar éis dó cupla nóiméad a chaitheamh in éineacht leis an dalta. Agus tuigeann na daltaí go bhfuil múinteoir os a chomhair, múinteoir b’fhéidir ó scoil eile, ach múinteoir a thuigeann an córas, a mhúin an cúrsa, agus a thuigeann do dhaltaí lá an scrúdaithe agus a thabharfaidh cothrom na Féinne dóibh.

    Ní féidir liosta ceisteanna a thabhairt do dhuine a bhfuil cumas maith Gaeilge aige agus iarraidh air na ceisteanna sin a chur ar dhalta. Léiríonn an smaoineamh easpa iomlán tuisceana ar an chóras. Na daoine atá ag cumadh na rialacha seo, bhfuil ton chur amach acu ar bhéaltrialacha na hArdteiste?

    “Níl aon eolas ann go fóill faoi cén difríocht a bheidh idir an t-agallamh agus an scrúdú cainte” a deir tú

    Agus bí geall go bhfuil a fhios agam cén fáth. Níl tuairim dá laghad acu féin.